Nuachtlitir #46: Meán Fómhair 2019

Comórtas


Tá na leabhair atá roghnaithe ag ClubLeabhar.com do shraith an fhómhair 2019 á dtairiscint mar dhuais do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo!


Ceithre leabhar ar fad atá i sraith an fhómhair: Tairngreacht, Cití na gCártaí, Fonn a Níos Fiach agus Charlie agus Monarcha na Seacláide.


Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:

Cén t-údar a scríobh an t-úrscéal Titeann Rudaí as a Chéile?

Seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm Aoine, 27 Meán Fómhair 2019.


Fógrófar an buaiteoir an tseachtain dár gcionn.