Nuachtlitir #46: Meán Fómhair 2019

Cuir aithne ar ár múinteoirí: Philip Mac an Ghoill


Inis dúinn fút féin.
Is as Dún na nGall mé ó dhúchas; tógadh mé féin agus mo thriúr deirfiúracha gar d’Ard an Rátha in iardheisceart an chontae. Cé go bhfuil muid taobh istigh den cheantar Gaeltachta go hoifigiúil, is beag Gaeilge a labhraítear ann a thuilleadh agus d’ainneoin Gaeilge mhaith a bheith ag ár máthair ó dhúchas, níor tógadh le Gaeilge muid. Mar sin féin, bhí muid uilig báite sa chultúr Gaelach ó aois óg - d’imir mé féin le CLG Ard an Rátha ar feadh tamaill i m’óige, agus bhí an rince Gaelach ag mo dheirfiúracha ar fad. Cuireadh muid chuig ceachtanna pianó chomh maith, agus b’in a spreag dúil mhór ionam sa cheol. D’fhreastail mé ar Scoil Chuimsitheach Cholm Cille, sna Gleannta, Co. Dhún na nGall, agus le linn mo chuid ama sa scoil iontach sin, mhéadaigh an spéis a bhí agam sa cheol agus i dteangacha freisin, go háirithe i dtreo dheireadh na hArdteiste.


Tar éis na meánscoile, d’éirigh liom áit a fháil sa chúrsa MDÁ (Modhnóireacht Dhá Ábhar) le Ceol agus an Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Chaith mé ceithre bliana ag déanamh staidéar ar ghnéithe éagsúla den cheol clasaiceach agus ag cur feabhais ar mo scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Sa bhliain 2017, nuair a chríochnaigh mé an cúrsa bunchéime, bhí an deis iontach agam tabhairt faoi thaighde dochtúireachta i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, ag déanamh téacsanna as ré na Nua-Ghaeilge Clasaicí (thart ar 1200–1650) a chur in eagar, a aistriú go Béarla, agus mionstaidéar a dhéanamh orthu. Táim fós ag obair air seo agus ag múineadh freisin mar bhall d’fhoireann Roinn na Gaeilge.



Cén chaoi ar thosaigh tú ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta?
An chéad uair a mhúin mé rang riamh, bhí mé ag dul isteach sa tríú bliain de mo bhunchéim sa bhliain 2015. D’iarr an roinn orm curaclam a fhorbairt agus rang a mhúineadh a phléifeadh le cúrsaí canúna, an cineál Gaeilge a labhraítear i nDún na nGall go háirithe. Bhí mé ag múineadh grúpa beag de dhaoine fásta, triúr nó ceathrar san iomlán, agus b’iontach an pointe tosaigh é mar mhúinteoir óg chun dul i dtaithí ar sheasamh os comhair grúpa agus rang a mhúineadh i gceart. Ní dhéanfaidh mé dearmad riamh ar an gcrith a bhí i mo lámh ag dul isteach sa chéad rang sin!


Sa bhliain 2017, thosaigh mé ag múineadh Elementary Irish i gColáiste na Tríonóide, cúrsa atá dírithe ar mhic léinn ó thíortha eile a thagann go hÉirinn ar Erasmus agus a bhfuil fonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ón mbun. Arís, bhí an deis agam mo churaclam féin a chur le chéile, agus d’fhoghlaim mé cuid mhór ón bpróiseas sin. Grúpa níos mó a bhí agam sna ranganna sin, thart ar dheichniúr san iomlán.


Mar sin, nuair a thosaigh mé ag múineadh le Gaelchultúr sa bhliain 2018, bhí roinnt mhaith taithí agam cheana féin, ach braithim fós go bhfuilim de shíor ag foghlaim agus ag cur le mo scileanna múinteoireachta. Bainim an-sásamh as gach rang a mhúinim agus tugann siad deis iontach dom casadh le neart daoine suimiúla a bhfuil an tsuim chéanna acu sa Ghaeilge. Múinim leibhéal B2 le Gaelchultúr go hiondúil, agus mar sin bíonn caighdeán Gaeilge réasúnta maith ag foghlaimeoirí sula dtosaíonn siad an cúrsa.



Céard a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag múineadh ranganna Gaeilge?
Is é an príomhrud atá idir lámha agam faoi láthair ná mo thaighde dochtúireachta. Caithim idir 16 agus 20 uair an chloig sa tseachtain ag mo dheasc i dTeach Phoenix ar Shráid Laighean Theas ag obair ar na téacsanna a roghnaigh mé don dochtúireacht. Creidim, áfach, go bhfuil sé tábhachtach an chothromaíocht cheart a aimsiú idir an staidéar agus an aclaíocht, agus déanaim iarracht uair an chloig a dhéanamh san ionad spóirt ar a laghad ceithre huaire sa tseachtain.


Tá post eile agam freisin i gColáiste Náisiúnta na hÉireann, san Oifig Tráchtála, ag obair go páirtaimseartha ag tabhairt tacaíocht don fhoireann ansin agus iad ag iarraidh slacht a choinneáil ar an gcampas cónaithe. Tá cónaí orm ar an gcampas freisin, agus tugann na huaireanta a chaithim ag obair san oifig faoiseamh dom ón gcíos millteanach a bhíonn le híoc ag mic léinn i mBaile Átha Cliath de ghnáth!



Céard a dhéanann tú nuair a bhíonn am saor agat?
Idir obair agus taighde, is oth liom a rá nach bhfuil mórán am saor agam i láthair na huaire. Tá dúil mhór agam i dteangacha, ní hamháin sa Ghaeilge, agus mar sin caithim cuid mhaith de m’am saor ag cleachtadh na dteangacha eile atá á bhfoghlaim agam — ar mhaithe leis an spraoi thar aon rud eile! Is as an mBrasaíl do mo chéile, agus mar sin labhraímid idir Bhéarla agus Phortaingéilis le chéile. Amharcaim ar scannáin agus sraitheanna teilifíse Portaingéilise go minic, agus déanaim iarracht leabhair a léamh chomh maith chun cur le mo stór focal. Tá spéis agam sna teangacha Ceilteacha eile chomh maith, agus caithim thart ar leathuair an chloig gach tráthnóna ag foghlaim na Breatnaise ar an aip Duolingo, atá go han-mhaith do ghlantosaitheoirí cosúil liomsa!



Céard iad na pleananna atá agat do na míonna atá romhainn?
Beidh mé ag dul isteach sa bhliain dheireanach den dochtúireacht i mbliana, mar sin tá mé ag súil le tréimhse an-ghnóthach idir seo agus mí Lúnasa seo chugainn nuair a bheidh an tráchtas le cur isteach agam. Tá orm anois smaoineamh faoin todhchaí freisin, go háirithe cén sórt poist a bheidh agam as seo amach. Tá mé ag smaoineamh go mór faoi phost san aistriúchán, in áit leanúint ar aghaidh sa saol acadúil. Tá sé ar intinn agam tabhairt faoi chúrsa aistriúcháin le Gaelchultúr go páirtaimseartha i mbliana freisin, le fáil amach an oirfeadh post sa réimse sin dom. Thabharfadh a leithéid deis dom freisin feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge féin. Le cúnamh Dé, beidh dochtúireacht agam faoin am seo an bhliain seo chugainn, agus tá mé ag súil le sos ceart a thógáil ón staidéar agus ón obair, ach is dócha go leanfaidh mé orm leis an múinteoireacht.


Ina dhiaidh sin, beidh roinnt cinntí le déanamh agam maidir leis an todhchaí, mar a bhíonn le déanamh ag a lán daoine san aoisghrúpa seo; cá rachaidh mé nó cén ghairm a bheidh agam. Ach nílim róbhuartha faoi sin go fóill. Mar a deireadh mo mháthair linn, is maith an scéalaí an aimsir!