Nuachtlitir #46: Meán Fómhair 2019

Foghlaim na Gaeilge: agallamh le Tarsila Krüse



Le déanaí, labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir le Tarsila Krüse. Maisitheoir leabhar as an mBrasaíl is ea Tarsila. Tá seacht leabhar do pháistí maisithe aici, ceithre leabhar Gaeilge ina measc. Tá sí tar éis cúpla rang oíche (Bunrang 1 agus Bunrang 2) a dhéanamh le Gaelchultúr. Labhraíomar léi lena cuid tuairimí a fháil faoin nGaeilge agus faoi fhoghlaim na teanga.


Cén fáth ar chuir tú spéis sa Ghaeilge?
Bhí spéis agam i dteangacha agus sa teangeolaíocht riamh. Is í Portaingéilis na Brasaíle mo theanga dhúchais ach tá staidéar déanta agam ar an mBéarla agus ar an nGearmáinis chomh maith. Mhaisigh mé mo chéad leabhar Gaeilge sa bhliain 2015 agus cuireadh pobal Gaeilge in aithne dom dá bharr. Tá trí leabhar eile i nGaeilge maisithe agam ó shin agus tá roinnt ceardlann déanta agam agus cuairteanna tugtha agam ar scoileanna in éineacht le húdair. Ina theannta sin, tá ár mac óg ag foghlaim Gaeilge sa naíonra. Tá na rudaí seo uilig tar éis cur le mo spéis sa teanga.



Creidim go bhfuil an Ghaeilge ina dlúthchuid de chultúr na hÉireann. Ní hamháin go dtéann sí i bhfeidhm ar Bhéarla na hÉireann; imríonn sí a tionchar ar dhearcadh na nÉireannach ar an saol agus ar an gcaoi a n-iompraíonn siad iad féin. Is mian liom a bheith páirteach sa chultúr seo agus is cosúil go bhfuil foghlaim na Gaeilge ina céim thábhachtach chuige seo.



Céard a bhí ar eolas agat faoin nGaeilge sular bhog tú go hÉirinn?
Faic na ngrást! Shocraigh mé féin agus m’fhear céile bogadh go hÉirinn in 2007 toisc go labhraítear an Béarla sa tír seo agus go bhfuil cáil na cairdiúlachta ar na hÉireannaigh. Bhí a fhios againn faoin nGaeilge ag an am sin ach níor chualamar ó dhaoine eile ach go raibh sí an-deacair agus nach labhraíonn duine ná deoraí í!


Ceapaim go measann muintir na hÉireann iad féin faoina gcumas ó thaobh na Gaeilge de. Cé go gcaitheann siad na blianta á foghlaim ar scoil, deir siad go minic nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Ceapaim chomh maith go mbíonn nóisin réamhcheaptha acu uaireanta go bhfuil an Ghaeilge róthíriúil nó ró-éilíteach. Agus staidéar déanta agam ar an teanga anois, feictear dom go bhfuil gramadach na Gaeilge an-suimiúil agus an-éagsúil le gramadach teangacha eile. Dar liomsa gur teanga álainn í – rud nua agus suimiúil a bhfuil fonn orm a bheith páirteach ann.



Cén chaoi ar chinn tú cúrsa a dhéanamh le Gaelchultúr?
Chláraíomar ár mac ar ranganna Portaingéilise tamall ó shin. Lá amháin, nuair a bhí mé ag caint le tuismitheoirí eile ag an rang, luaigh mé go raibh fonn orm an Ghaeilge a fhoghlaim. Mhol duine acu, ar cainteoir líofa agus múinteoir é, Gaelchultúr dom. Chláraigh mé do Bhunrang 1 agus rinne mé Bunrang 2 ina dhiaidh sin.



Céard é an rud is fearr leat faoi na cúrsaí atá déanta agat le Gaelchultúr?
Bhain mé an-taitneamh as an atmaisféar a bhí ag gach rang. Bhí na múinteoirí an-chairdiúil agus sásta ár gcuid ceisteanna go léir a fhreagairt. Bhí fíorspéis ag na mic léinn go léir an teanga a fhoghlaim. Toisc nach mbíodh na ranganna ar siúl ach oíche amháin sa tseachtain, bhraith mé go raibh na hacmhainní ar líne ar ranganna.com thar cionn le dul siar ar a raibh foghlamtha agam.


An dúshlán ba mhó a bhí ann domsa ná an chluastuiscint mar, uaireanta, cé go bhfuil na focail ar eolas agat, bíonn sé deacair coinneáil suas le luas an chainteora. Ach ar aon dul leis an aclaíocht, tagann tú isteach air seo de réir a chéile!



An raibh deis agat fós dul go dtí an Ghaeltacht?
Tá cúpla cuairt tugtha agam ar an nGaeltacht, ach mar gheall ar mo phost seachas chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Ghlac mé páirt i seoltaí leabhar ar an Spidéal cúpla uair agus bhain mé an-taitneamh astu. Ghlac mé páirt i gceardlann i Ráth Chairn freisin a bhain le ceann de na leabhair a mhaisigh mé.


Dá bhfásfainn aníos in Éirinn, bheadh cúrsaí samhraidh i nGaeilge déanta agam sa Ghaeltacht gan amhras. Tá cuma fhíorspraíúil orthu. Ar an drochuair, ní bhíonn sé chomh héasca sin imeacht ón mbaile mar dhuine fásta!



Céard iad na hacmhainní foghlama a úsáideann tú taobh amuigh den seomra ranga?
Déanaim iarracht gach deis a thapú chun an Ghaeilge a chleachtadh. Cainteoir líofa is ea dlúthchara liom agus bainimid úsáid as an nGaeilge pé uair a bhímid ag comhrá nó ag seoladh teachtaireachtaí téacs chuig a chéile. Bainim úsáid as an nGaeilge chomh maith nuair a bhím ag plé leis na foilsitheoirí lena n-oibrím.


Déanaim iarracht éisteacht le Raidió na Gaeltachta nuair a bhím ag tiomáint. Féadann sé a bheith deacair coinneáil suas le luas na gcainteoirí ach de ghnáth tuigim éirim an scéil. Bím in ann cúrsaí reatha a thuiscint de ghnáth mar coinním ar an eolas faoi cad atá ag titim amach ar an saol. Bíonn sé éasca tvuíteanna a thuiscint mar bíonn siad gairid i gcónaí! Cé go mbíonn siad i mBéarla den chuid is mó, is maith liom a bheith ag éisteacht le podchraoltaí Motherfoclóir mar tugann siad léargas nua dom ar an nGaeilge agus ar chultúr na hÉireann.


Beidh ár mac ag tosú ar Ghaelscoil i mí Mheán Fómhair agus táim ag baint taitneamh cheana féin as ríomhphoist i nGaeilge ón scoil a léamh. Táim ag súil go mór le turas Gaeilge a dhéanamh in éineacht leis.



An bhfuil sé i gceist agat tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an nGaeilge san am atá le teacht?
Is é an sprioc dheiridh atá agam ná a bheith chomh líofa céanna i nGaeilge agus atáim i mBéarla! Is dúshlán scáfar é ach tabharfaidh mé faoi céim ar chéim agus tabharfaidh mé idir deich mbliana agus fiche bliain dom féin lena bhaint amach. Nuair a smaoiním air, tá an cineál céanna aistir déanta agam leis an mBéarla; mar sin, ceapaim go mbeidh mé in ann an rud céanna a dhéanamh leis an nGaeilge!


Dá mbeadh Gaeilge líofa agam, bhraithfinn gurb í Éire an áit is dual dom. Agus mo mhac ag fás aníos, is mian liom a bheith in ann comhrá a dhéanamh, úrscéalta a léamh, féachaint ar chláir theilifíse, agus rudaí eile a dhéanamh in éineacht leis i nGaeilge.


Cé gur Brasaíleach mé, táim ag iarraidh go mbeidh oidhreacht na hÉireann lárnach i mo shaol. Dar liomsa gur geall le pas Éireannach í an Ghaeilge!