Nuachtlitir #47: Eanáir 2020

Taithí beirt fhoghlaimeoirí a thug faoi ranganna oíche Ghaelchultúir


Chuir Gaelchultúr tús le sraith agallamh ar Facebook Live le déanaí maidir le ranganna oíche an chomhlachta agus craoladh an clár deireanach sa tsraith sin Dé Máirt, an 21 Eanáir. Ba é an sprioc a bhí leis na míreanna seo ná eolas a scaipeadh faoi na ranganna agus an taithí a bhí ag beirt mhac léinn dár gcuid agus iad ag foghlaim na Gaeilge a roinnt leis an bpobal.


Tá níos mó ná 15,000 duine i ndiaidh féachaint ar na cláir ar leathanach Facebook Ghaelchultúir ó craoladh an chéad cheann ag tús mhí Eanáir.


Chuir an láithreoir, Seán Ó Catháin, comhairle ar fáil faoi na ranganna oíche agus labhair na haíonna faoi na bealaí ar fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge. Sa chéad chlár sa tsraith, labhair Seán go ginearálta faoi na ranganna oíche agus d’fhreagair sé ceisteanna ón bpobal chomh maith. Bhí Tarsila Krüse mar aoi aige sa dara clár agus ba é Ruairí Heading a ghlac páirt sa tríú heagrán.


Is maisitheoir leabhar as an mBrasaíl í Tarsila a bhfuil seacht leabhar do pháistí maisithe aici, ceithre cinn i nGaeilge ina measc. Tá sí tar éis cúpla rang oíche a dhéanamh le Gaelchultúr, ag Bunleibhéal 1 agus Bunleibhéal 2. Labhair sí faoin méid atá foghlamtha aici go dtí seo agus faoin tábhacht a bhaineann le múinteoir maith a bheith ag an bhfoghlaimeoir.


“Is é an rud is fearr liom faoi na cúrsaí atá déanta agam le Gaelchultúr,” a deir Tarsila, “ná go mbíonn an-dáimh idir na mic léinn agus na múinteoirí. Tá staidéar déanta agam ar chúpla teanga eile agus, i scoil teanga ar bith, fiú má bhíonn na háiseanna is fearr agat agus gach rud eile, mura bhfuil caidreamh maith agat le do mhúinteoirí nó le do chomhfhoghlaimeoirí, bíonn sé deacair ort filleadh ar na ranganna sin. Mura mbíonn ceangal ceart agat leis na daoine eile sa rang nó mura gcruthaíonn an múinteoir atmaisféar atá mealltach agus a spreagann an fhoghlaim, bíonn sé an-deacair. Is é sin an rud is fearr faoi na cúrsaí atá déanta agam le Gaelchultúr agus sin an fáth a bhfillim orthu!”


Is aisteoir é Ruairí Heading, an dara haoi sa tsraith, a ghlac páirt sna drámaí Mac an Bheatha, The Cripple of Inishmaan agus Haughey/Gregory, agus tá sé tar éis réimse ranganna oíche a dhéanamh le Gaelchultúr go dtí seo (ag Meánleibhéal 1, Meánleibhéal 2, Ardleibhéal 1 agus Ardleibhéal 2). Labhair sé san agallamh faoin gcaoi ar chuir sé spéis sa teanga i ndiaidh dó an scoil a fhágáil.


“Bhí mé thar lear sa Ghearmáin uair amháin, is cuimhin liom, le cara de mo chuid. Bhíomar ag dul amach leis na Gearmánaigh, Spáinnigh, Francaigh agus bhí a theanga féin ag gach duine seachas agam féin agus mo chara. I ndiaidh an turais sin, bhí mé ag cur ceist orm féin cén fáth nach raibh mo theanga féin agam, cad é m'fhéiniúlacht féin agus cad é mo chultúrsa. Ansin, tháinig an freagra chugam: an Ghaeilge. Is í sin m'fhéiniúlacht, mo chultúr agus mo theanga.”


Is léir gur chaith Ruairí an-dua leis an teanga thar na blianta. Síleann sé go bhfuil sé tar éis freastal ar dheich gcúrsa de chuid Ghaelchultúir go dtí seo agus tá sé i gceist aige tuilleadh a dhéanamh amach anseo. “Bíonn na cúrsaí i nGaelchultúr an-phroifisiúnta agus mholfainn do dhaoine iad go cinnte.”


“Tá áthas orainn go raibh an-ráchairt ar an tsraith agus go rabhamar in ann an scéal a scaipeadh faoi na ranganna oíche,” a deir Michelle Seoighe, Bainisteoir Díolacháin agus Margaíochta Ghaelchultúir. “Is minic a chloisimid gur mhaith le daoine filleadh ar fhoghlaim na teanga agus cur lena gcúpla focal. Theastaigh uainn a léiriú go mbíonn spraoi ag baint leis na ranganna a chuirimid ar fáil agus gur féidir bogadh trí na leibhéil, céim ar chéim.”


Is féidir teacht ar na físeáin atá luaite thuas ar leathanach Facebook Ghaelchultúir nó ar chainéal YouTube an chomhlachta.