Nuachtlitir #47: Eanáir 2020

Margadh na míosa


Bhí an-rath ar siopa.ie in 2019. Le linn na bliana sin, sheol muid breis agus 3,000 táirge Gaeilge ar fud na cruinne, idir leabhair agus chluichí, ríomhchláir agus DVDanna, cheol agus chártaí beannachta.


Ar mhaithe leis an méid sin a cheiliúradh, agus chun fáilte a chur roimh 2020, tá tairiscint speisialta againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo: Má cheannaíonn tú ceann d’fhoilseacháin Ghaelchultúir d’fhoghlaimeoirí fásta ó siopa.ie, tabharfaimid cóip amháin QuickGuide Irish Grammar saor in aisce duit. Is iad na foilseacháin atá i gceist ná Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level, Gramadach gan Stró!, agus Gníomhaíochtaí Gasta.


Coinníollacha
• Ní féidir leas a bhaint as an margadh seo ach uair amháin in aghaidh an duine.
• Rachaidh an margadh seo in éag Dé hAoine, 31 Eanáir 2020.