Nuachtlitir #47: Eanáir 2020

Comórtas


Cloisimid scéalta go minic faoi dhaoine a bhfuil spéis acu cúrsa Gaeilge a dhéanamh ach nach bhfiosraíonn an scéal riamh. Is fearr go mall ná go brách, áfach, dar linne anseo i nGaelchultúr. Tá rang cuí ag Gaelchultúr do dhaoine ag gach leibhéal cumais, is cuma más glantosaitheoir amach is amach thú nó duine atá ag iarraidh snas a chur ar a chuid gramadaí.


Le spreagadh a thabhairt dóibhsean a bhfuil drogall orthu freastal ar chúrsa, táimid ag tabhairt deis dár léitheoirí dearbhán de luach €100 a bhuachan an mhí seo is féidir a chaitheamh ar ranganna oíche an earraigh.


Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:

Cé mhéad leibhéal ag a bhfuil ranganna oíche Ghaelchultúir ar fáil?

Seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm, Déardaoin, 30 Eanáir 2020.


Fógrófar an buaiteoir an lá dár gcionn.