Nuachtlitir #48: Aibreán 2020

Buaiteoir an chomórtais


Comhghairdeas le Tadhg Delaney, a bhuaigh comórtas nuachtlitir mhí Eanáir. D’éirigh leis dearbhán de luach €100 a bhuachan le caitheamh ar ár gcuid ranganna oíche.


Sibhse a chuir isteach ar an gcomórtas ach nár éirigh libh an duais a fháil, ná bíodh lagmhisneach oraibh: tá deis eile agaibh i nuachtlitir na míosa seo dearbhán eile de luach €100 a bhuachan le caitheamh ar ranganna ar líne an tsamhraidh!