Nuachtlitir #48: Aibreán 2020

Comórtas


Den chéad uair ó bunaíodh Gaelchultúr in 2005, beidh cúrsa Gaeilge an tsamhraidh á reáchtáil go iomlán ar líne. Beidh ranganna ar siúl san oíche agus le linn an lae ag an deireadh seachtaine chomh maith, rud a fhágfaidh go mbeidh foghlaimeoirí ó gach cearn den domhan in ann freastal ar rang beo le duine dár múinteoirí cumasacha. Tá rang cuí ag Gaelchultúr do dhaoine ag gach leibhéal cumais, is cuma cé acu glantosaitheoirí amach is amach iad nó daoine atá ag iarraidh snas a chur ar a gcuid gramadaí.


Leis na ranganna seo ar líne a cheiliúradh, táimid ag tabhairt deis dár léitheoirí dearbhán de luach €100 a bhuachan an mhí seo is féidir a chaitheamh ar chúrsa an tsamhraidh.


Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:

Cé mhéad seachtain a mhairfidh cúrsa Gaeilge ar líne Ghaelchultúir an samhradh seo?

Seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm, Déardaoin, 30 Aibreán 2020.


Fógrófar an buaiteoir an lá dár gcionn.