Nuachtlitir #48: Aibreán 2020

Cuir aithne ar ár léachtóirí: Eimear Ní Chinnéide


Inis dúinn fút féin.
Is as deisceart Ard Mhacha ó dhúchas mé. Rugadh agus tógadh mé ansin, in áit bheag faoin tuath darb ainm Baile an Mhaoir, in éineacht le mo bheirt deartháireacha agus mo dheirfiúr.


Níor tógadh le Gaeilge muid ach bhí mo mháthair agus a muintir sáite sa traidisiún Gaelach. Rinne sí féin staidéar ar an Ghaeilge (chomh maith leis an Spáinnis agus an Fhraincis) agus í ar an ollscoil sna seachtóidí agus bhí spéis ar leith aicise agus ag a muintir sa teanga, agus sa cheol traidisiúnta agus sa scéalaíocht a bhí le fáil sa cheantar. Cé nár tógadh le Gaeilge muid, spreag an dearcadh dearfach a bhí ag mo mháthair i leith na Gaeilge agus i leith na hoidhreachta Gaelaí an dúil mhór atá agamsa sa teanga.


Ní raibh an Ghaeilge á labhairt go forleathan i ndeisceart Ard Mhacha agus mé ag fás aníos, cé go raibh an teanga an-láidir i gceantar Oirialla (réigiún a bhfuil codanna de chontaetha Ard Mhacha, Mhuineacháin agus Lú mar chuid de) tráth dá raibh agus is réigiún é a raibh oidhreacht shaibhir Ghaelach ann ó thaobh na filíochta, na hamhránaíochta agus na scéalaíochta de, ag baint leis. Le blianta beaga anuas, áfach, tá pobal láidir Gaeilge á chruthú sa cheantar arís agus tá muintir na háite ag obair go dian chun an Ghaeilge agus an oidhreacht luachmhar a bhaineann léi a athmhúscailt agus a chur chun cinn sa cheantar. Tá mo dheirfiúr ina cónaí sa cheantar go fóill agus tá sí ag tógáil a clainne le Gaeilge. Is aoibhinn liom a bheith ag caint le mo neacht agus mo nia i nGaeilge agus tá sé go hiontach go bhfuil glúin óg sa cheantar anois atá ag foghlaim na teanga.


Bhí spéis mhór agam i dteangacha i gcoitinne nuair a bhí mé ar an mheánscoil san Iúr, i gContae an Dúin. Bhí na múinteoirí Gaeilge a bhí agam, go háirithe, an-phaiseanta faoin ábhar agus chuir sé sin go mór leis an ghrá a bhí agam don teanga. Nuair a d’fhág mé an mheánscoil shocraigh mé go ndéanfainn bunchéim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis agus d’fhreastail mé ar Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste chun tabhairt fúithi.


Thaitin blianta na bunchéime go mór liom. D’fhoghlaim mé tuilleadh faoi litríocht ársa na nGael agus chuir mé spéis mhór i rialacha cásta na teanga. Chaith mé samhraí ag obair mar cheannaire i gColáiste Ghael Linn i Machaire Rabhartaigh agus ag freastal ar chúrsa Gaeilge i gColáiste Bhríde Rann na Feirste a eagraíodh do na mic léinn go léir a bhí ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge in Ollscoil na Banríona. Is cinnte gur le linn na dtréimhsí seo i gceantair Ghaeltachta a lasadh splanc na teanga ionam.




Machaire Rabhartaigh

Nuair a chríochnaigh mé an bhunchéim, lean mé orm ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge agus thug mé faoi chéim mháistreachta agus ansin dochtúireacht san institiúid chéanna, Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Tá spéis ar leith agam i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus sa tráchtas dochtúireachta, rinne mé taighde ar litríocht taistil na teanga. Bhain mé an dochtúireacht amach sa bhliain 2017 agus ó shin i leith, tá mé ag obair in earnáil na Gaeilge. Thosaigh mé ag obair go lánaimseartha mar léachtóir le Gaeilge le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr i mí Lúnasa 2019 agus tá mé ag baint an-sult as an obair go dtí seo!



Cén chaoi ar thosaigh tú ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta?
Fuair mé an chéad bhlaiseadh den teagasc go ginearálta nuair a bhí mé fiche bliain d’aois agus mé ag obair sa Fhrainc. Mar chuid den chéim sa Fhraincis, chaith mé bliain ag múineadh Béarla i meánscoil in Auvergne, réigiún álainn i lár na Fraince. Taithí iontach a bhí ann dom ach bhí mé ag obair le déagóirí óga den chuid is mó agus tá a fhios agam anois gur fearr liom a bheith ag obair le daoine fásta.


Nuair a bhí mé ag gabháil don dochtúireacht in Ollscoil na Banríona bhí deis agam ranganna teanga a mhúineadh do na mic léinn a bhí ag tabhairt faoin bhunchéim sa Ghaeilge. Sna seimineáir seo phléigh muid topaicí éagsúla gach seachtain agus phléigh muid ceisteanna gramadaí i gcomhthéacs na n-ábhar sin. Thaitin sé go mór liom a bheith ag obair le daoine fásta a raibh an-spéis acu san ábhar.


Chomh maith leis sin, bhí an t-ádh orm go bhfuair mé an deis bliain a chaitheamh thall i Meiriceá ag múineadh Gaeilge do mhic léinn ollscoile agus do dhaoine ón phobal a raibh suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim. Bronnadh scoláireacht Fulbright orm sa bhliain 2016 agus chaith mé bliain den scoth ag múineadh na teanga i Nua-Eabhrac agus in New Jersey. Theagasc mé ranganna in ollscoileanna, ranganna don phobal agus ranganna ag deirí seachtaine Gaeilge in áiteanna éagsúla sa tír. B’iontach an t-eispéireas é agus léirigh sé go soiléir dom gur teanga bheo í an Ghaeilge a labhraítear ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain.


Ó shin i leith, tá mé i ndiaidh leanúint orm ag múineadh daoine fásta agus tá cuid mhór deiseanna iontacha tar éis a bheith agam a bheith ag múineadh daoine fásta i mBéal Feirste, i gCorcaigh agus anois le Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath. Tá sé an-phléisiúrtha ar fad a bheith ag obair le daoine ó chúlraí éagsúla, idir ghlantosaitheoirí agus chainteoirí líofa, sna ranganna.



Céard a dhéanann tú nuair a bhíonn am saor agat?
Is aoibhinn liom an ceol agus téim chuig gigeanna agus chuig seisiúin cheoil sa chathair chomh minic agus is féidir liom. Bhí mé i mo bhall de chór nuair a bhí mé lonnaithe i gCorcaigh agus d’fhreastail mé ar chúpla ceardlann ar amhránaíocht ar an tsean-nós cúpla bliain ó shin nuair a bhí mé i mo chónaí i mBéal Feirste agus ba bhreá liom rud éigin mar sin a aimsiú anseo i mBaile Átha Cliath chomh maith.


Bím ag léamh go minic fosta, i nGaeilge agus i mBéarla, agus ar ndóigh, is maith liom a bheith ag féachaint ar na cláir is mó a bhfuil tóir orthu ar Netflix. Agus má bhíonn an aimsir go deas, is maith liom dul amach ag siúl cois farraige nó sna sléibhte. Tá an samhradh beagnach buailte linn agus tá mé ag súil go mór le bheith ábalta dul amach ag siúl níos minice anois.



Céard iad na pleananna atá agat do na míonna atá romhainn?
Le tamall anuas, tá athrú mór tagtha ar an tsaol ar fud an domhain agus tá muid go léir sáinnithe sa teach mar gheall ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an choróinvíreas. Is cosúil go mbeidh na srianta i bhfeidhm ar feadh tamaillín eile agus tá mé ag dul i dtaithí ar bheith ag obair ón bhaile. Sna míonna atá romhainn, áfach, tá mé ag súil go mór le teacht le chéile le mo mhuintir agus le mo chairde arís chun am a chaitheamh leo agus sult a bhaint as an tsamhradh! Nuair a bheidh níos mó ama agam, ba mhaith filleadh ar an taighde chomh maith agus leanúint ar aghaidh leis an obair a thosaigh mé ar litríocht an taistil. Agus, ar ndóigh, ba mhaith liom tuilleadh taistil a dhéanamh mé féin!