Nuachtlitir #48: Aibreán 2020

Fillteog Falafel Biatais le Blastán Tahini agus Oráiste: oideas cófra stórais álainn ó MO Food Blog


Méid ama: 1 uair an chloig


Dóthain do: 4


Comhábhair:

Falafel:
1 biatas cócaráilte (150g nó mar sin)
1 canna piseánach 400g draenáilte (240g gan leacht)
1 ionga gairleoige, brúite
1 tsp cuimín meilte
1 tsp síolta lus na coire meilte
5g lus na coire úr, duillí agus gais gearrtha go mion (roghnach)
1 spúnóg bhoird ola olóige (agus níos mó don chócaráil)


Aráin Leathana:
200g plúr éiritheach (agus níos mó le dustáil)
1tsp púdar tuirmirice
1tsp salann
125ml uisce
20ml ola olóige

Blastán:
1 spúnóg bhoird tahini
1 ionga bheag gairleoige, brúite
1/2 oráiste (craiceann agus sú)
20ml ola olóige
salann

Duillí deasa glasa le cur leis.


Nótaí maidir le malartuithe:
Má tá tú ag baint úsáid as biatas amh, cuir an biatas i bpota beag. Clúdaigh le huisce fuar é agus tabhair chun fiuchta é. Coinnigh ar bogfhiuchadh é ar feadh 45-60 nóiméad go dtí go rachaidh forc isteach agus amach as go furasta. Faoi sconna uisce fuar bain de an craiceann le do mhéara agus é fós te. Mura bhfuil biatas agat, d'fhéadfá cairéid nó puimcín imchnó nó prátaí milse a úsáid nó d'fhéadfá díreach níos mó sicpiseánach a úsáid.


Más fearr leat, is féidir fillteoga a cheannach sa siopa seachas na haráin leathana anseo thíos a dhéanamh.


  1. Téigh an t-oigheann go dtí 220C.

  2. Tosaigh leis an falafel. Gearr an biatas ina chiúbaí agus brúigh le brúiteoir prátaí é. Glan na sicphiseánaigh faoi sconna fuar, draenáil iad agus brúigh arís iad le brúiteoir prátaí (is féidir é seo ar fad a dhéanamh i bpróiseálaí bia ach an oiread, ach níl ceann acu sin ag gach éinne). Ansin measc comhábhair uile an falafel le chéile i mbabhla amháin agus roinn an meascán ina ocht gcuid, ag cur cruth orthu cosúil le burgair bheaga. Cuir sa chuisneoir iad ar feadh 15 nóiméad.

  3. A fhad agus atá an falafel ag fuarú déan an taos do na haráin leathana. I mbabhla measctha, measc le chéile an plúr éiritheach, an salann agus an tuirmiric. Déan umar beag i lár an mheascáin agus doirt isteach an t-uisce agus an ola. Measc gach rud le chéile go maith le do lámh. Ná bí buartha; tá sé in ainm is a bheith an-fhliuch mar mheascán. Roinn ina cheithre chuid chothroma é sa bhabhla, clúdaigh an babhla agus cuir sa chuisneoir é ar feadh leathuair an chloig.

  4. Anois déan an blastán. I mbabhla mór amháin cuir isteach ábhar uile an bhlastáin agus buail le chéile go maith iad. Blais é agus cuir níos mó salainn leis de réir do bhlais féin agus cuir i leataobh é.

  5. Anois, déan na falafel a bhácáil. Cuir braon ola ar phláta agus ceann i ndiaidh a chéile cuir gach falafel ann, á gcasadh le go mbeidh clúdach tanaí ola ar an dá thaobh, sula gcuirfidh tú ar thráidire bácála iad. Cuir isteach i lár an oighinn iad ar feadh 25 nóiméad. Ar sheilf os a gcionn cuir tráidire mór ag téamh bun os cionn do na haráin leathana. Tar éis 25 nóiméad, cas an falafel bun os cionn go cúramach (beidh sé leochaileach) agus scaoil leis bácáil ar feadh 10 nóiméad eile.

  6. Tóg an taos do na haráin leathana amach as an gcuisneoir. Beidh sé greamaitheach go maith agus deacair a láimhseáil agus mura n-úsáideann tú go leor plúr dustála brisfidh sé do chroí. Cuir brat éadrom plúir ar an gcuntar, ar do lámha agus ar an gcrann fuinte.

  7. Tóg amach an chéad cheathrú den mheascán. Caith timpeall sa phlúr ar an dromchla é agus brúigh amach ina dhiosca beag é go dtí go mbeidh sé thart ar 10cm leathan agus measartha cruinn. Cas bun os cionn é, ag cinntiú go bhfuil brat éadrom plúir faoi agus ar a bharr i gcónaí.

  8. Rollaigh leat é leis an gcrann fuinte ansin, á chasadh thart agus bun os cionn go rialta le plúr a chur air le cinntiú nach ngreamaíonn sé don chuntar ná don chrann fuinnte ag am ar bith. Lean ort á rolláil go dtí go mbeidh sé breá tanaí agus thart ar 30cm ó thaobh go taobh.

  9. Tóg an tráidire bácála téite amach as an oigheann agus leag síos ar dhromchla teasdíonach é. Pioc suas an taos trí é chrochadh thar an gcrann fuinte agus leag amach go cúramach é ar an tráidire te. Isteach leis ar an tseilf ar bharr san oigheann ansin le bácáil ar feadh 3 nóiméad. Déan sin leis an gcuid eile den taos.

  10. Nuair a bheidh an falafel agus na haráin leathana réidh, is féidir iad a chur le chéile mar fhillteoga i dteannta leis an mblastán agus roinnt duillí deasa úra. Go mbaine tú sult astu!


Ar thaitin sé sin leat? Tá níos mó oideas agus scéalta faoi chúrsaí bia le fáil ón mblag dátheangach cócaireachta, mofoodblog.com, ar an suíomh sin, ar Instagram, ar Facebook agus ar Twitter.