Nuachtlitir #49: Iúil 2020

Cuir aithne ar ár múinteoirí: Ruth Nic Giolla Iasachta


Mar gheall ar an bpaindéim, rinne Gaelchultúr cúrsa Gaeilge an tsamhraidh a reáchtáil ar líne seachas sa seomra ranga agus, de bhrí go raibh daoine i ngach cearn den domhan in ann freastal ar na ranganna, tháinig méadú suntasach ar líon na bhfoghlaimeoirí. Ní hiad na foghlaimeoirí amháin a bhain tairbhe as an múnla nua seo, áfach: chuaigh sé chun sochair do na múinteoirí freisin, mar a léiríonn an t-alt seo le duine d’fhoireann teagaisc Ghaelchultúir, Ruth Nic Giolla Iasachta.

Deiseanna teagaisc

Má tá spéis agatsa a bheith ag múineadh ar líne le Gaelchultúr, seol CV chuig eolas@gaelchultur.com.


1. Inis dúinn faoi do chúlra féin.
D’fhás mé aníos i gContae na Mí, gar do Ráth Chairn, ach is as Baile Átha Cliath do mo thuismitheoirí agus mar sin ní raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga sa teach againn. D’fhreastail mé ar Scoil Uí Ghramhnaigh i mBaile Átha Buí agus ansin ar Eureka i gCeannanas Mór. Rinne mé céim sa Bhéarla agus sa Fhraincis i gColáiste na Tríonóide mar bhí suim mhór agam riamh i dteangacha agus sa taisteal agus bhí mé ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chlár Erasmus. Sa deireadh, chaith mé samhradh in Montréal i gCeanada ag obair agus ag cur snas ar mo chuid Fraincise – taithí den scoth! Tar éis na hollscoile, chaith mé bliain in Lille i dtuaisceart na Fraince agus b’in an áit ar thosaigh mé a theagasc na Gaeilge.


2. Conas a tharla sé gur thosaigh tú a mhúineadh na teanga ansin?
Cúpla lá tar éis dom dul go hOllscoil Lille mar lectrice (teagascóir teanga) don Bhéarla, cuireadh ceist orm féin agus ar na céimithe óga eile an mbeadh aon duine sásta an Ghaeilge a mhúineadh chomh maith. Shocraigh mé féin agus comhghleacaí de mo chuid an rang a mhúineadh eadrainn agus b’iontach an taithí é sin domsa. De bhrí nach raibh aon ábhar teagaisc tugtha againn linn ó Éirinn, bhí orainn chuile rud a chruthú as an nua. B’in 1999, agus ní raibh an t-idirlíon chomh forbartha is atá anois! Dhear muid cúrsa do ghlanthosaitheoirí nár chainteoirí Béarla iad agus thaitin an cúrsa thar barr liom mar gur thug sé deis dom súil eile a chaitheamh ar struchtúr na Gaeilge agus teacht ar mhodhanna neamhghnácha le rudaí a mhíniú. Tháinig feabhas ar mo chuid Fraincise freisin as a bheith ag obair in Lille.


Ó shin, tá ranganna Gaeilge curtha ar fáil agam do dhaoine fásta sa Nua-Shéalainn (Lower Hutt Irish Society; Auckland University Centre for Continuing Education) agus sa Fhrainc (Centre culturel irlandais; Université de Bretagne Occidentale). Bhí mé bainteach le cluiche boird Briotánach a aistriú go Gaeilge freisin (Lámha Síos) atá feiliúnach d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí maithe araon. Is breá liom amhráin agus cultúr na Gaeilge a roinnt le daoine ó thíortha eile. Nuair a bhí mé in Auckland ag déanamh PhD faoi Theilifís Māori agus TG4, bhí deis agam tabhairt faoi fhoghlaim na Maoraise. Tá an-bhá agam i gcónaí le tosaitheoirí fásta! D’oibrigh mé le Bord na Gaeilge (Gaeltacht UCD anois) i mBaile Átha Cliath freisin, ag múineadh na Gaeilge do mhic léinn Erasmus agus do bhaill foirne eachtrannacha.


3. An raibh taithí agat ar a bheith ag múineadh ar líne roimh an samhradh seo?


Chun an fhírinne a rá, ní bean mhór teicneolaíochta mé! Is breá liom an teagmháil dhaonna agus a bheith in ann fuinneamh a bhrath nuair atá grúpa i mbun foghlama agus gníomhaíochta le chéile. É sin ráite, bhí an-taithí agam ar leithéidí Skype agus WhatsApp a úsáid le físghlaonna a chur ar mo mhuintir agus mé thar lear. Ní raibh Zoom chomh deacair sin a láimhseáil, mar sin. An samhradh seo, thosaigh mé ag múineadh ar líne den chéad uair i mo shaol. Is fearr go mór liomsa a bheith i láthair sa seomra ranga – ach tá ranganna ar líne an-áisiúil go deo do dhaoine a bhfuil cónaí orthu achar fada ó na hionaid foghlama nó a bhfuil cúraimí orthu a fhágann nach féidir leo taisteal go héasca. Agus tá sé go hiontach gur féidir le daoine ó chuile chearn den domhan teacht le chéile ar ardáin fhíorúla agus a bheith ag obair le chéile.


4. Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bheith ag teagasc ar líne?
Na míbhuntáistí is mó a bhaineann le bheith ag teagasc ar líne, dar liom, ná nach bhfuil tú in ann an t-atmaisféar a mheas agus nach bhfuil sé chomh soiléir céanna má tá daoine ar tí ceist a chur – caithfidh tú fanacht go ndéarfaidh siad rud éigin. Airím uaim an cúpla nóiméad “sóisialta” nuair a thagann daoine isteach sa rang ar dtús agus nuair a bhíonn seans ag an múinteoir nasc a dhéanamh leis na foghlaimeoirí agus caidreamh níos fearr a chothú leo. Cuid mhór den obair sa teagasc ná atmaisféar dearfach a chruthú ionas go mbeidh foghlaimeoirí ar a suaimhneas agus nach mbeidh drogall orthu labhairt amach. Uaireanta bíonn moill ar chúrsaí má theipeann ar an teicneolaíocht: micreafón nach bhfuil ag oibriú i gceart, nasc lag, agus mar sin de. Ach ó mo thaithí féin go dtí seo, bíonn gach duine an-fhoighdeach agus tuisceanach nuair a thagann fadhbanna dá leithéid chun cinn. Tá an t-ádh linn go bhfuil an fhéidearthacht seo ann, nach gcaithfimid dul i muinín an ríomhphoist nó ábhar taifeadta a sheoladh chuig foghlaimeoirí, ina nduine agus ina nduine!


Na rudaí is mó a thaitníonn liom maidir leis an teagasc ar líne ná gur féidir le daoine áirithe dul sa tseans maidir le ceist a chur nó freagra a thabhairt, mar go mothaíonn siad níos “sábháilte” taobh thiar den scáileán. Is féidir le foghlaimeoirí a bheith níos neamhspleáiche agus iad ina spás féin agus teacht acu ar áiseanna ar líne ar nós foclóirí agus a leithéid. Tá sé go hiontach go bhfuil grúpaí againn ina bhfuil daoine ó áiteanna éagsúla ar fud na cruinne agus go bhfuil foghlaimeoirí ó chriosanna ama éagsúla in ann comhrá a bheith acu sa rang agus a bheith ag obair le chéile. Ní chailltear am a bheith ag taisteal ach oiread. Is breá liom nach bhfuil na mílte fótachóip le déanamh agam nó trealamh le hiompar agam ó sheomra go seomra.


5. An dóigh leat go dtiocfaidh fás ar an oideachas ar líne nó an mbeidh fonn ar fhoghlaimeoirí filleadh ar an seomra ranga?
Measaim nach bhfuil an dara rogha againn anois ach oideachas ar líne a athshamhlú agus a fhorbairt ar bhealaí nua. Níl a fhios againn céard atá romhainn maidir leis an bpaindéim agus tá sé tábhachtach a bheith ullmhaithe chomh fada agus is féidir linn, ar fhaitíos go mbeadh an dara tonn ann.


Tá chuid mhaith den ghlúin óg an-chompordach leis na meáin shóisialta agus measaim go dtiocfaidh fás ar mhíreanna gearra mar nod nó cur síos ar ghné faoi leith – bíonn sé deacair aird iomlán a thabhairt ar fhíseán fada ar scáileán ach is dócha go raibh an fhadhb chéanna ann i gcás léachtaí freisin!


Ós ag caint ar fhoghlaim teangacha atáimid, measaim go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith in ann dul chuig áit a bhfuil an teanga á labhairt agus deis a bheith ag an bhfoghlaimeoir a bheith sáite sa phobal. Baineann i bhfad níos mó le teanga ná focail amháin agus tá an baol ann nach bhféadfadh cúrsa fíorúil an taithí cheart a thabhairt don fhoghlaimeoir. B’fhearr liomsa go mbeadh an dá rud ann – eispéireas “beo” nuair a bheadh daoine i láthair go fisiciúil agus ansin cuid fhíorúil nuair a d’fhéadfaidís cur leis an méid a bheadh foghlamtha acu agus dul isteach níos doimhne ann le tacaíocht ó na háiseanna iontacha (foclóirí agus mar sin de) atá ar líne. Ba mhaith liom a chreidiúint go ndéanfaimid cur chuige hibrideach a chruthú amach anseo.


Ritheann sé liom freisin go mbeidh orm cathaoir níos compordaí a fháil. Bhí sé de nós agam a bheith ag siúl timpeall nó fanacht i mo sheasamh agus mé i mbun teagaisc – anois, bíonn sé deacair orm fanacht i mo shuí le linn an ranga ar fad!