Nuachtlitir #49: Iúil 2020

Margadh na Míosa


Tá áiseanna éagsúla curtha ar fáil ag Gaelchultúr le freastal orthusan ar mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim: na foilseacháin d’fhoghlaimeoirí atá curtha i gcló againn, cuir i gcás, agus na cúrsaí idirghníomhacha ar líne atá forbartha againn. Measaimid, áfach, nach bhfuil bealach níos fearr ann le barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge ná an teanga a labhairt le daoine eile. Beidh ár gcuid ranganna oíche á reáchtáil againn ar líne an fómhar seo agus deis iontach a bheidh ann casadh le daoine as gach cearn den domhan!


Chun léitheoirí na nuachtlitreach seo a spreagadh le dul i mbun foghlama linn, tá margadh thar a bheith speisialta againn an mhí seo: lascaine 5% ar phraghas ranganna ar líne an fhómhair dóibhsean a chláróidh do cheann acu faoi 5.00pm, Dé hAoine, 18 Meán Fómhair 2020.


Níl le déanamh agat ach an cód lascaine Fomhar2020 a chur sa bhosca cuí agus tú ag clárú do chúrsa.


Coinníollacha

• Ní féidir leas a bhaint as an margadh seo ach uair amháin in aghaidh an duine.
• Rachaidh an margadh in éag Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair 2020.