Nuachtlitir #49: Iúil 2020

Siopa.ie ag feidhmiú an athuair!


Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil siopa.ie ag feidhmiú arís i ndiaidh dúinn a bheith dúnta go sealadach de dheasca na srianta a bhain le Covid-19. Tá réimse leathan táirgí agus leabhar ar fáil ó siopa.ie agus is cuma cén áit ar domhan a bhfuil tú, is féidir ordú a chur isteach linn!* Idir chluichí cláir agus saothair aistriúcháin tá rogha ann don teaghlach ar fad nó, más mian leat snas a chur ar do chuid Gaeilge féin, tá neart foclóirí, ficsin agus filíochta le fáil chomh maith.


Féach thíos ar chuid de na táirgí is mó a cheannaítear:


Gramadach gan Stró! - Eagrán 4 le hÉamonn Ó Dónaill   €20


Danny Seaimpín an Domhain le Roald Dahl   €12


Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna   €6.50


Junior Scrabble as Gaeilge   €29


An Béal Beo le Tomás Ó Máille   €10


Gníomhaíochtaí Gasta le Siobhán Patten   €34.95

Mar sin, caith súil ar an réimse leathan táirgí atá ar fáil ar siopa.ie anois. Is cuma má tá tú i gCeanada, sa Chróit nó i gContae Chorcaí, táimid breá sásta an Ghaeilge a sheoladh go dtí aon áit ar domhan. Más duit féin, don leanbh nua nó don chainteoir Gaeilge i do shaol atá sé, tá rud ann do chách!


Nóta:*


Táimid ag déanamh gach iarrachta na horduithe a phróiseáil chomh luath agus is féidir. D’fhéadadh sé tarlú, áfach, go mbeadh moill ar d’ordú de dheasca na srianta atá i bhfeidhm ar fud na cruinne.