Nuachtlitir #49: Iúil 2020

Comórtas


Tá Gaelchultúr tar éis ranganna oíche an tsamhraidh a reáchtáil go hiomlán ar líne den chéad uair riamh i mbliana agus tá áthas orainn go bhfuil ár gcuid foghlaimeoirí ag baint sult astu go dtí seo. Táimid ag glacadh le clárúcháin do théarma an fhómhair ar gaelchultur.com anois – tapaígí an deis, mar sin!


Le cois ranganna beo ar líne, tá cúrsaí á dtairiscint againn ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, chomh maith. Ar an suíomh sin, bíonn seans ag foghlaimeoirí staidéar a dhéanamh go neamhspleách agus ag a luas féin. Braithimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an rogha ag daoine an Ghaeilge a chleachtadh, is cuma cén áit ar domhan a bhfuil cónaí orthu. Creideann Gaelchultúr go láidir san fhoghlaim gan teorainneacha!


Is mian linn sibh a spreagadh le bhur gcuid eolais ar an nGaeilge a fheabhsú, agus mar sin táimid ag tabhairt deis dár léitheoirí síntiús 6 mhí (luach €80) a bhuachan do cheann amháin de na cúrsaí seo a leanas ar líne:


Gaeilge gan Stró! – Beginners Level

Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level

Gramadach gan Stró! (Eagrán 4)

Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:


Cén mhí a thosóidh ranganna oíche an fhómhair i mbliana?

Seol freagra na ceiste thuas chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm, Dé hAoine, 14 Lúnasa 2020. Bíodh “Comórtas” mar theideal ar an teachtaireacht a sheolfaidh tú chugainn.


Fógrófar an buaiteoir an tseachtain dár gcionn.