Nuachtlitir #50: Nollaig 2020

Imeacht na míosa ar líne: Comhrá le Cathal


Bualadh bos! Bualadh bos! Bualadh bos go léir! Beidh plé litríochta ann Dé Domhnaigh le Cathal Póirtéir!


Ní bheadh Daidí na Nollag féin in ann Comhrá le Cathal, imeacht a bheidh ar siúl ar an 6 Nollaig, a shárú! Beidh Cathal Póirtéir, scríbhneoir agus craoltóir, mar fhear an tí ar phlé painéil ina ndéanfar léirmheas ar thrí leabhar nua Gaeilge. Beidh an plé sin á reáchtáil ag IMRAM, an Fhéile Litríochta Gaeilge, faoi scáth Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath.


Ní bheidh an Póirtéireach ag teacht anuas an similéar, ach ar an scáileán a bheidh sé agus é ag cur fáilte roimh thriúr aíonna atá sáite i saol na litríochta agus na n-ealaíon. Is iad an triúr a bheidh ina theannta ná Anna Heussaff, scríbhneoir mór le rá i saol na Gaeilge; Aonghus Ó hAlmhain, tráchtaire agus scríbhneoir alt ar chúrsaí liteartha, ealaíne agus ábhair eile nach iad; agus Tristan Rosenstock, láithreoir teilifíse, ceoltóir agus eagarthóir liteartha ar Comhar. Beidh neart tuairimí suimiúla, spreagúla le roinnt ag an gceathrar cumasach seo, ach ní chuirfidh siad fiacail ann ach oiread!


Déanfaidh an painéal cíoradh ar thrí úrscéal nua: Fatwa le Proinsias Mac a’ Bhaird, Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin agus Thar na Tonnta le Beairtle Ó Conaire.


B'fhiú go mór d'aon duine a bhfuil spéis aige sa litríocht freastal ar an imeacht seo, mar is cinnte go dtabharfaidh gach aoi léargas ar leith ar na húrscéalta a bheidh idir chamáin acu. Cuirfidh lucht éisteachta na bpodchraoltaí ar ClubLeabhar.com suim ar leith sa chomhrá, ós rud é go raibh na trí leabhar a phléifear ar an lá faoi chaibidil sa phodchraoladh sin le cúpla mí anuas.


Beidh Comhrá le Cathal ar siúl ar an 6 Nollaig, idir 1.00pm agus 2.00pm (am na hÉireann). Imeacht saor in aisce atá i gceist, agus is féidir leosan ar mian leo freastal air clárú ar shuíomh gréasáin Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath (anseo). Tá tuilleadh eolais maidir leis na haíonna agus na leabhair ar fáil ar an leathanach sin freisin.


Beannachtaí na Féile (Litríochta) oraibh go léir!