Nuachtlitir #50: Nollaig 2020

Agallamh leis an údar Éireannach Louise O'Neill


Níos túisce i mbliana, rinne an t-úrscéalaí iomráiteach Éireannach Louise O’Neill cinneadh filleadh ar an nGaeilge agus tabhairt faoi chúrsa le Gaelchultúr. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir léi le déanaí le fáil amach cad a spreag í chun an Ghaeilge a fhoghlaim arís agus chun a cuid tuairimí a fháil faoin gcúrsa.


Inis dúinn fút féin.
Louise O’Neill is ainm dom, is údar mé as Cloich na Coillte in iarthar Chorcaí agus tá cúig úrscéal scríofa agam.


Cén cineál eispéiris a bhí agat leis an nGaeilge sular thug tú faoin gcúrsa le Gaelchultúr?
Ní raibh sé ró-iontach! Rinne mé staidéar ar an nGaeilge ar scoil, faoi mar a dhéanann formhór na nÉireannach eile, agus thug mé faoin bpáipéar ardleibhéil Gaeilge don Ardteist. D’éirigh go maith liom mar gheall go raibh mé go maith ag foghlaim sleachta de ghlanmheabhair, ní mar gheall ar líofacht ar bith sa teanga. Bíonn tromluithe agam go fóill faoi na scrúduithe a bheith le hathdhéanamh agam; feicim mé féin ag stánadh ar an bpáipéar, gan tuairim agam cén chiall atá leis.



Tá an t-úrscéal is déanaí uait lonnaithe ar oileán Gaeltachta – cén fáth ar shocraigh tú é a lonnú ansin?
Thaitin úrscéalta Eilis Dillion go mór liom agus mé i mo pháiste agus tá formhór acu suite ar na hoileáin Ghaeltachta. Dúirt léachtóir de mo chuid liom tráth gur analach é an caidreamh idir na hoileáin agus an mhórthír le haghaidh an chaidrimh idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe. Theastaigh uaim féachaint ar chuid den teannas iarchoilíneach sin sa leabhar, go háirithe mar gheall gur duine as Sasana é an príomhdhuine atá faoi amhras as dúnmharú in After the Silence, an diabhal Sasanach. Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach an leabhar a lonnú sa Ghaeltacht.


Cad a spreag tú chun filleadh ar an teanga agus cén fáth ar shocraigh tú filleadh uirthi i mbliana?
Tá go leor frásaí Gaeilge fite fuaite i scéal After the Silence ach ní raibh mo dhóthain saineolais agam chun é sin a dhéanamh le hiontaofacht ar bith; bhí orm iarraidh ar chara de mo chuid, Traolach, cuidiú liom leis na haistriúcháin. I ndiaidh dom go leor ama a chaitheamh i gCléire agus sa Daingean, chuir sé isteach go mór orm nach raibh mé in ann dul i mbun comhrá le muintir na háite as Gaeilge agus theastaigh uaim dul i ngleic leis sin.


Cén tslí ar chuala tú faoi Ghaelchultúr agus ár gcuid cúrsaí?
Chuir mé SOS amach ar Instagram, ag lorg moltaí do chúrsaí Gaeilge agus moladh Gaelchultúr dom arís agus arís eile.


Conas mar a bhí an t-eispéireas foghlama ar líne?
Sílim go bhfuil muid ar fad ar an eolas faoi thuirse Zoom faoin tráth seo ach bhí sé ar fheabhas a bheith in ann tabhairt faoi chúrsa agus mé i mo chuid pitseámaí agus slipéar! (Chaith mé húdaí ar bharr le cuma shlachtmhar a chur orm féin.) Tá cónaí orm in iarthar Chorcaí agus ní bheinn in ann tabhairt faoi chúrsa mar seo murach é a bheith ar líne.


Cén rud is mó a thaitin leat faoin gcúrsa?
Bhí an múinteoir, Emily, ar fheabhas, agus bhí an rang neamhfhoirmiúil agus réchúiseach. Ní raibh aon bhrú ann, d'fhéadfá é a dhéanamh ag do luas féin.


An raibh an deis agat do chuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga go fóill? Mura raibh, an gceapann tú go mbeifeá ní ba mhuiníní anois tar éis duit an cúrsa a dhéanamh?
Tá turas go dtí an Daingean beartaithe agam nuair a bheidh deireadh leis na srianta agus nuair a bheidh sé slán dul ag taisteal arís agus tá mé ag súil go mór leis an nGaeilge a úsáid le muintir na háite - go bhfóire Dia orthu!


An bhfuil moltaí ar bith agat do dhaoine eile atá ag smaoineamh ar fhilleadh ar an teanga?
An rud is tábhachtaí ná gan faitíos a bheith ort – níl na cúrsaí seo pioc cosúil leis an nGaeilge a fhoghlaim ar scoil! Tá sé i bhfad níos réchúisí.


An bhfuil athrú tagtha ar do dhearcadh i leith na Gaeilge agus an bhfuil sé i gceist agat an ceangal seo leis an teanga a chothú as seo amach?
Sílim go bhfuil tuiscint níos fearr agam anois ar chomh hálainn agus atá an Ghaeilge agus tá mé tiomanta anois mo chuidse a dhéanamh chun an teanga a choinneáil beo. Níor chuir mé dallamullóg orm féin go mbeinn líofa ach níorbh in an sprioc a bhí agam. An sprioc a bhí agam ná a bheith in ann comhrá gearr bunúsach a bheith agam, agus sílim gur éirigh liom é sin a bhaint amach!