Nuachtlitir #50: Nollaig 2020

Cuir aithne ar ár léachtóirí: Éamonn Ó Dónaill


Inis dúinn fút féin.
Is as baile fearainn Chnoc an Stollaire i nGaeltacht Ghaoth Dobhair mé. Tógadh le Gaeilge ansin mé agus is beag Béarla a bhí agam go dtí go raibh mé tuairim is ar ocht mbliana d’aois. Tá cuimhne agam ‘Yellow Submarine’ na Beatles a fhoghlaim agus mé trí bliana d’aois – bhí mé ábalta é a chanadh ach níor thuig mé oiread agus focal amháin de!


Bhí múinteoir Gaeilge agam i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, Cathal Ó Baoill, a raibh an-saibhreas teanga aige agus bhí sé an-tógtha le gramadach na Gaeilge fosta. Ba ghnách leis na daltaí eile sa rang a bheith de shíor ag gearán faoin bhéim a chuireadh sé ar chúrsaí gramadaí ach bhí mise lánsásta lena chuid ranganna agus lena chur chuige traidisiúnta. Murach é, tá mé chóir a bheith cinnte nach mbeinn chomh tógtha céanna leis an ghramadach anois is atá mé!

Cloch an Stollaire i mbaile fearainn dúchais Éamoinn,
Cnoc an Stollaire i nGaoth Dobhair.


I ndiaidh na hArdteiste in 1981, thug mé aghaidh ar Choláiste Phádraig i Maigh Nuad (nó Ollscoil Mhá Nuad mar atá ar an institiúid sin anois) le céim a dhéanamh sa Ghaeilge. Ag tús an chéad seimeastair, i mí Dheireadh Fómhair 1981, d’fhág an té a bhí in ainm is Gaeilge Uladh a mhúineadh an coláiste (fuair sí post i meánscoil) agus d’iarr an tOllamh le Gaeilge, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta, ormsa ranganna teanglainne na chéad bhliana, an dara bliain agus an tríú bliain a mhúineadh. Ní raibh fonn dá laghad orm an obair sin a dhéanamh de bhrí go raibh mé ró-óg le tabhairt faoina leithéid, dar liom, agus de bhrí nach raibh taithí ar bith agam sa tseomra ranga.


Bhí an cur chuige teagaisc sna coláistí tríú leibhéal an-seanfhaiseanta ag an am agus i Maigh Nuad, bhí an bhéim ar an teicneolaíocht (i.e. an teanglann) seachas ar an teanga féin. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an chéad rang a mhúin mé – an téama a bhí i gceist ná ‘bia farraige’. Bhí an t-ábhar tur agus bhí an teagasc tubaisteach!


Chláraigh mé do MA sa Ghaeilge i ndiaidh na bunchéime agus thóg sé cúig bliana orm an chéim sin a bhaint amach. Is beag post a bhí ar fáil sa tír sna hochtóidí agus dúirt mé liom féin go raibh sé chomh maith agam sult a bhaint as saol an mhic léinn chomh fada agus a thiocfadh liom. Bhí mé ag múineadh ranganna teanglainne agus gramadaí le linn na tréimhse sin ach is cinnte nár tháinig feabhas ar bith ar mo chuid scileanna múinteoireachta!


Chaith mé seal i mbun riaracháin sa Teanglann i Maigh Nuad fosta. Lá amháin, bhuail Meiriceánach mná, Patricia Haslam, isteach chuig m’oifig agus d’fhiafraigh sí díom an mbeadh suim agam ceardlann a eagrú i gcomhar léi do na múinteoirí páirtaimseartha a bhí ag teagasc san ionad – dúirt sí go raibh a leithéid déanta aici go minic cheana. D’fhreastail mé féin ar an cheardlann sin agus chuir mé eolas ar an chur chuige cumarsáideach den chéad uair riamh. Oscailt súl a bhí ann dom; d’athraigh mo chur chuige teagaisc thar oíche, rud a d’fhág nach raibh fulaingt i ndán níos mó do na foghlaimeoirí a raibh mé ag plé leo.


Cén chaoi ar thosaigh tú ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta, taobh amuigh den tríú leibhéal?

Le linn dom a bheith ag tabhairt faoin MA, thosaigh mé a theagasc le Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath – b’in blianta deireanacha na n-ochtóidí. Ansin, i mí an Mhárta 1991, thóg mé raic ag seimineár de chuid Éigse Uladh i nGaoth Dobhair nuair a dúirt mé nach raibh Raidió na Gaeltachta ag freastal ar an aos óg agus gur chóir dóibh popcheol Béarla a sheinm. Seandaoine is mó a bhí sa lucht éisteachta agus bhí cuid acu le ceangal – thug duine amháin ‘traitor’ agus ‘Sasanach’ orm agus bhagair duine eile lena bhata siúil mé. Ach, ar an dea-uair, bhí Liam Ó Cuinneagáin as Oideas Gael i láthair ag an imeacht agus thairg sé post samhraidh mar mhúinteoir dom láithreach. Chuir sin cor i mo shaol agus tá mé an-bhuíoch ó shin de Liam as an deis sin a thabhairt dom. Tháinig feabhas mór ar mo chuid teagaisc le linn dom a bheith ag múineadh le hOideas Gael agus bhí deis iontach agam na hacmhainní teagaisc a bhí á gcruthú agam a thástáil.


Céard a dhéanann tú nuair a bhíonn am saor agat?
Tá suim faoi leith agam sa cheol – nuair a bhí mé san ollscoil, cuir i gcás, b’amhránaí mé le dhá ghrúpa ceoil. Ní raibh muid rómhaith ach bhí am ar dóigh againn! Ní bhím ag canadh go poiblí anois ach éistim le ceol gan stop agus is breá liom dul chuig ceolchoirmeacha (cé nach raibh mé ag ceann anois ó bhí tús na bliana ann de bharr na srianta).


Tá mé an-tógtha le haclaíocht chomh maith. Ní dhearna mé aclaíocht ar bith ar feadh cúig bliana is tríocha ach thosaigh mé ag rith agus mé sna caogaidí. Téim ag rith dhá uair nó trí huaire sa tseachtain na laethanta seo agus tá sé mar sprioc agam leathmharatón a dhéanamh sa bhliain atá romhainn. Déanaim cuid mhór rothaíochta fosta – suas le 90 ciliméadar sa tseachtain – agus bíonn dhá rang aclaíochta ar líne agam gach seachtain fosta.


Déanaim iarracht bia folláin a ithe agus níor ól mé alcól ar bith le breis is ceithre bliana anois. Tá mé éirithe as na rudaí ar fad a thug pléisiúr dom i mo shaol roimhe seo – seachas an ghramadach, gan amhras.


Céard iad na pleananna atá agat do na míonna atá romhainn?
Mura dtéann cúrsaí víris chun donais sna seachtainí atá romhainn, tá sé i gceist agam an Nollaig a chaitheamh le mo mhuintir i nGaoth Dobhair – níor chaill mé ach dhá Nollaig sa bhaile ó rugadh mé. Nuair a thiocfaidh deireadh leis na srianta atá i bhfeidhm sa tír seo agus i dtíortha eile, ba bhreá liom roinnt taistil a dhéanamh. Bhí mé in ainm is cuairt a thabhairt ar chara de mo chuid, Tok Thompson, in Alasca an samhradh seo caite ach bhí orm an tsaoire sin a chur ar ceal de dheasca cúrsaí víris, rud a chuir an-díomá orm. Tá sé beartaithe agam dul ann go fóill – ba bhreá liom seal a chaitheamh san iargúltacht ansin agus dearmad a dhéanamh ar feadh tamaill ar chúrsaí gramadaí!