Nuachtlitir #50: Nollaig 2020

Amhrán na míosa: Seo mo spás

Is é sprioc na rannóige seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh. Cuirtear na liricí ar fáil i gcás gach amhráin, mar aon le haistriúchán Béarla agus nasc chuig físeán den amhrán ar YouTube.

Amhrán nuachumtha, “Seo mo spás” le hEoin McEvoy, atá againn daoibh an mhí seo. Is é Eoin a scríobh na liricí agus ba é a chuir an físeán a ghabhann leis an amhrán le chéile chomh maith. An teachtaireacht láidir atá curtha in iúl san amhrán ná go bhfuil an Ghaeilge beo beathach, in ainneoin an méid a deir siadsan atá naimhdeach ina leith.

Is as Uíbh Fháilí é Eoin ó dhúchas agus tá sé ag obair i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis in UCD, áit a gcuireann sé traenáil agus tacaíocht ar fáil maidir le húsáid na teicneolaíochta oideachais d'fhonn cur le torthaí foghlama na mac léinn.

Goile: An bhfaca sibh an nuacht inniu?Come here: Did you see the news today?
Dúramáin ag iarraidh mé a chur faoi bhrú.Idiots trying to put me under pressure.
Seanscéal é ó 1601,It’s an old story since 1601,
Iad ag rá gur bitseach mharbh mé. They’re saying I’m a dead bitch.
Ach seo mé fós ainneoin gach gearáin, But here I am still despite every complaint,
I mbéal an Ghaeil ó thosaigh Medb an Táin. In the mouth of the Gael since Maeve started the cattle raid.
Nuair a fhógraíonn siad mó bhás ligim méanfach ard, When they announce my death I let out a loud yawn,
Mar is fadsaolaí i bhfad mé ná na hamadáin.Because I’m longer-lived than the fools.

Ní thuigeann siad an chéad rud fúm, They don’t understand the first thing about me,
Ná faoin arm beag Gael is an saol atá romham.Or the small army of Gaels and the life that awaits me.
Tá mé ag coinneáil a’ gabháil, gabháil, gabháil, lena dtoil,I’m keeping going, going, going, with their consent,
Is mé á labhairt ag an Queercal, And I’m being spoken at Queercal,
Ag Na Gaeil Óga ag gabháil ó phoc go poc. By the Gaeil Óga going from puck to puck.
Edel ag windeáil daoine istigh sa snug, Edel winding people in the snug,
Package bacon fries, pionta lágair an Chlub.A pack of bacon fries, a pint of lager in the Club,
Tá mé beo i mbéal an phobail, geal, riabhach is dubh.I’m alive in the public’s mouth, white, brown and black.

Dia duit, seo mo spás, Hello, this is my space,
Dia duit, seo mo spás, Hello, this is my space,
Níl mé ag gabháil aon áit. I’m not going anywhere.

Kneecap is IMLÉ ag Féile na Gealaí, Kneecap and IMLÉ at Féile na Gealaí festival,
Deoraí ag seinm ceoil dúinn ón todhchaí.Deoraí playing music for us from the future.
Bród ar Gaylgeoirí ag máirseáil sna sálaí,Gaylgeoirí at Pride marching in heels,
Bladhaire ag comhrá le Mary Aggie. Bladhaire talking to Mary Aggie.
Feirstigh dearg le díograis is fearg, Belfast folk red with enthusiasm and anger,
Leopard bum bags is mála mór cans, Leopard bum bags and a big bag of cans.
Is mé do bheanaití bhean, phenomenal bean,I’m your vanity girl, phenomenal woman,
Tá mé i mo bheatha is ní iarrfaidh mé cead! I’m alive and kicking and I won’t ask permission!

Caint chraicneach insna Gaeltachtaí, Polished speech in the Gaeltachtaí,
Nuachainteoirí insna cathrachaí. New speakers in the cities.
Foghlaimeoirí óga a’ déanamh iarrachtaí,Young learners doing their best,
Leanaí á labhairt lena n-aithreachaí.Children speaking it with their fathers.

Caint chraicneach insna Gaeltachtaí, Polished speech in the Gaeltachtaí,
Nuachainteoirí insna cathrachaí. New speakers in the cities.
Foghlaimeoirí óga a’ déanamh iarrachtaí,Young learners doing their best,
Leanaí á labhairt lena máithreachaí. Children speaking it with their mothers.