Nuachtlitir #50: Nollaig 2020

Margadh na míosa


Bíonn Gaelchultúr i gcónaí ag cur leis na bealaí éagsúla inar féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn ranganna oíche á reáchtáil againn, tá foilseacháin éagsúla d’fhoghlaimeoirí fásta curtha i gcló againn agus, lena chois sin, tá cúrsaí idirghníomhacha ilmheán ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.


Táimid den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí níos mó ná modh foghlama amháin a úsáid agus gur fiú go mór triail a bhaint as na roghanna éagsúla atá á gcur ar fáil ag Gaelchultúr agus tú ag iarraidh an teanga a shealbhú.


Chuige sin, tá margadh iontach againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo. Má chláraíonn tú ar aon chúrsa de na trí cinn thíos ar ranganna.com, cuirfimid mí sa bhreis le do chlárúchán - ach níl an margadh seo ar fáil ach go dtí an 18 Nollaig.



Gaeilge gan Stró! – Beginners Level

Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level

Gramadach gan Stró! (Eagrán 4)


Cuireann ranganna.com ar chumas foghlaimeoirí ar fud an domhain an Ghaeilge a fhoghlaim is cuma cén suíomh ina bhfuil siad: ar an mbus chun na hoibre, cuir i gcás, nó ar a laethanta saoire. Tá an suíomh oiriúnach do ghutháin chliste agus do ríomhairí táibléid agus tá sé an-éasca a úsáid.


Go n-éirí leat!


Coinníollacha
• Ní mór ríomhphost a chur chuig eolas@ranganna.com agus “MARGADH” mar ábhar aige i ndiaidh duit clárú ar ranganna.com.
• Ní féidir leas a bhaint as an margadh seo ach uair amháin in aghaidh an duine.