Agus an bhliain ag teacht chun deiridh, is mian linne i nGaelchultúr ár mbuíochas a ghabháil lenár gcuid léitheoirí agus foghlaimeoirí ar fad as a gcuid tacaíochta i rith na bliana aistí seo.
Chuige sin, agus an Nollaig ag druidim linn, tá deis á tabhairt againn daoibh ciseán Nollag lán de tháirgí ó siopa.ie a bhuachan an mhí seo.
Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:
Cé mhéad eagrán den fhoilseachán iomráiteach Gramadach gan Stró! atá foilsithe go dtí seo ag Gaelchultúr?
Clóscríobh freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, agus seol an teachtaireacht sin chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm Déardaoin, 10 Nollaig 2020.
Fógrófar an buaiteoir an lá dár gcionn.
Cóipcheart © 2021 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn