Nuachtlitir #50: Nollaig 2020

Naisc na míosa


Ba bhliain an-deacair é 2020 do gach duine. Cailleadh go leor post agus b'éigean do go leor daoine doirse a gcuid gnólachtaí a dhúnadh. Tá sé níos tabhachtaí anois ná mar a bhí riamh go ndéanaimid iarracht tacú agus cuidiú le cuideachtaí beaga áitiúla a oiread agus is féidir. Tá liosta curtha le chéile againn de roinnt gnólachtaí iontacha Éireannacha agus tá súil againn go gcabhróidh sé leo siúd a bhfuil suim acu táirgí Gaeilge a cheannach i mbliana.


Is cuideachta éadaí í Hairy Baby a bunaíodh in 2017 agus díolann siad t-léinte, geansaithe, mugaí agus scáthanna fearthainne a mbíonn greann na hÉireann le brath orthu. Déanann siad maisc aghaidhe fiú! Is féidir amharc ar an réimse leathan táirgí atá acu anseo.


Má tá cártaí Nollag, páipéar beartán nó leabhair nótaí de dhíth ort, ní mór duit súil a chaitheamh ar
Connect The Dots Design. Is breá linn na priontaí Gaeilge
atá cruthaithe acu!


Is siopa seodra é Enibas a dhéanann muincí, bráisléid, fáinní cluaise agus fáinní áille a bhfuil nathanna Gaeilge orthu. Tá an Ghaeilge, muintir na hÉireann agus ár n-oidhreacht ina n-ábhar inspioráide do dhearadh an tseodra.


Is cuideachta deartha intí í Dear Trudy a dhíolann
maisiúcháin áille tí. Tá sraith priontaí deartha acu agus
nathanna Gaeilge i gcló neoin scríofa orthu, agus táimid gafa leo!


Ná déantar dearmad ar na fir inár saol! Tá fobhrístí a bhfuil nathanna Gaeilge orthu ar fáil anseo.


An bhfuil aithne agatsa ar dhuine ar bith a cheannaigh teach le déanaí? Ceapaimid go mbeadh na lipéid Ghaeilge a chruthaíonn
Artsy Avril go hálainn mar bhronntanas dóibhsean atá ag iarraidh an teach a mhaisiú. Tá siopa Etsy Artsy Avril ar fáil anseo.


Ceann de na rudaí is fearr linn faoin am seo den bhliain
ná geansaithe Nollag a chaitheamh! Tá rogha na féile

ar fáil ón Spailpín.


Tá an-tóir ar mhálaí gualainne faoi láthair, agus is breá linn an ceann seo ó Three Little Birds darb ainm ‘The Focail Tote’.


Is breá linn na cúisíní atá ar fáil ar an suíomh Nine Arrow. Nach mbeidís an-oiriúnach mar bhronntanas do dhuine éigin? Tá priontaí, t-léinte,

cupáin agus go leor rudaí eile ar fáil ansin chomh maith.


Ceapaimid go mbeadh na plátaí seo le Paula Moen foirfe mar bhronntanas do na seantuismitheoirí! Tá go leor cineálacha éagsúla ar fáil anseo.