Amhrán na míosa
Is é sprioc na rannóige seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh. Cuirtear na liricí ar fáil i gcás gach amhráin, mar aon le haistriúchán Béarla agus nasc chuig físeán den amhrán ar YouTube.
Is é an t-amhrán cáiliúil as Conamara “Bean Pháidín” atá againn an tseachtain seo. Seo taifeadadh a rinne an ceoltóir John Beag Ó Flatharta as Leitir Mealláin don tsraith Anam an Amhráin ar TG4. Tá reacaire an amhráin i ngrá le Páidín agus ag súil go bhfuil an mí-ádh i ndán dá bhean!
Tá an t-aon amhrán déag a bhí le feiceáil sa tsraith Anam an Amhráin agus an bheochan a cuireadh le gach ceann acu ar fáil ar DVD anois. I measc na n-amhránaithe atá le cloisteáil ar an diosca, tá Mairéad Ní Mhaonaigh, Declan O'Rourke, Paul Brady, Róisín Elsafty agus Damien Dempsey. Chun Anam an Amhráin a cheannach (praghas: €20), cliceáil anseo.
Curfá | Chorus |
’Sé an trua ghéar nach mise, nach mise, | It's a great pity that I'm not, that I'm not, |
’Sé an trua ghéar nach mise bean Pháidín. | It's a great pity that I'm not Páidín’s woman. |
’Sé an trua ghéar nach mise, nach mise, | It's a great pity that I'm not, that I'm not, |
Is an bhean atá aige bheith caillte. | And that the woman he has is not dead. |
Rachainn go Gaillimh, go Gaillimh, | I would go to Galway, to Galway, |
Rachainn go Gaillimh le Páidín. | I would go to Galway with Páidín. |
Rachainn go Gaillimh, go Gaillimh, | I would go to Galway, to Galway, |
Is thiocfainn ar ais in sa mbád leis. | And I would return in the boat with him. |
Ó chuaigh mise siar Tóin an Roisín, | O, I went over Tóin an Roisín, |
Is tháinig mé aniar Barr an tSáilín. | And I came back over by Barr an tSáilín. |
Ó bhreathnaigh mé isteach trí na fuinneoga, | O, I looked in through the windows, |
Ag féachaint an bhfeicfinn bean Pháidín. | To see if I could get a look at Páidín’s woman. |
Go mbristear do chosa, do chosa, | May your legs be broken, be broken, |
Go mbristear do chosa, bean Pháidín. | May your legs be broken, Páidín’s woman. |
Go mbristear do chosa, do chosa, | O May your legs be broken, be broken, |
Go mbristear do chosa is do lámha. | May your legs and your arms be broken. |
Ó chaith mé mo bhróga, mo bhróga, | O, I wore out my shoes, my shoes, |
Ó chaith mé mo bhróga i dtigh Pháidín*. | O, I wore out my shoes in Páidín’s. |
Ó chaith mé mo bhróga, mo bhróga, | O, I wore out my shoes, my shoes, |
Chaith mé na boinn is na sála. | I wore out the soles and the heels. |
* na focail 'i ndiaidh Pháidín' a chantar anseo de ghnáth