Nuachtlitir #33: Eanáir 2016

Comórtas


Bíonn fás agus forbairt á ndéanamh ag Gaelchultúr go leanúnach ar na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an gcomhlacht, an siopa ar líne againn go háirithe. Tá an-rath ar siopa.ie faoi láthair; tá 4,000 táirge Gaeilge seolta ar fud na cruinne againn ó tosaíodh ar a leathnú amach in 2013. Táimid de shíor ag cur leis an suíomh chun go mbeidh réimse leathan táirgí á chur ar fáil againn, mar aon le heispéireas pléisiúrtha do na custaiméirí agus iad ag cuardach an táirge atá ag teastáil uathu.


Dá bharr sin, tá dearbhán €100 á thairiscint againn mar dhuais do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo. Is féidir an dearbhán a chaitheamh ar do rogha ruda atá ar díol ar siopa.ie. Más mian leat cur isteach ar an gcomórtas, seol teachtaireacht ríomhphoist agus “Comórtas” mar theideal uirthi chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm, Dé Luain, 29 Feabhra 2016. Ní mór duit an cheist seo a leanas a fhreagairt:

Ainmnigh dhá cheann de na cineálacha éagsúla táirgí a cuireadh le siopa.ie le déanaí.

Nod: Rinneadh go leor poiblíochta mar gheall orthu ar na meáin shóisialta!


Fógrófar an buaiteoir sa chéad eagrán eile den nuachtlitir seo.