Nuachtlitir #43: Eanáir 2019

Margadh na míosa


Tá áiseanna éagsúla curtha ar fáil ag Gaelchultúr le freastal orthusan ar mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim: na foilseacháin d’fhoghlaimeoirí atá curtha i gcló againn, cuir i gcás, agus na cúrsaí idirghníomhacha ar líne atá forbartha againn. Ach dar linn nach bhfuil bealach níos fearr ann le barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge ná an teanga a úsáid le daoine eile aghaidh ar aghaidh.


Chuige sin tá margadh thar a bheith speisialta againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo: táimid ag tabhairt lascaine 5% ar phraghas ranganna oíche an earraigh dóibhsean a chláróidh do cheann acu faoi 5.00pm, Déardaoin, 31 Eanáir 2019.


Níl le déanamh agat ach an cód lascaine LUSANCHROMCHINN19 a chur sa bhosca cuí agus tú ag clárú do chúrsa.


Coinníollacha

  • Ní féidir leas a bhaint as an margadh seo ach uair amháin in aghaidh an duine.
  • Rachaidh an margadh in éag Déardaoin, 31 Eanáir 2019.