Le cúig bliana déag anois, tá Gaelchultúr tar éis cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine fásta i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann. Mar gheall ar chúrsaí víris, tá ár gcuid cúrsaí uile á reáchtáil ar líne anois, rud a fhágann go bhfuil deis ag múinteoirí atá lonnaithe in áiteanna éagsúla sa tír agus thar lear a bheith ag obair linn. (Tá duine dár gcuid múinteoirí ag teagasc linn ón mBeilg faoi láthair, mar shampla!)
Tá na buntáistí ar fad a bhaineann le bheith ag obair linn le feiceáil thíos ach más ea go raibh tú ag smaoineamh ar ranganna a mhúineadh le Gaelchultúr roimhe seo, ní raibh am níos fearr riamh ann leis an deis sin a thapú!
Reáchtálaimid cúrsaí ar bhonn leanúnach agus freastalaíonn siad ar fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais, idir ghlantosaitheoirí, dhaoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu agus chainteoirí líofa. Bíonn múnlaí éagsúla i gceist i gcás ár gcuid cúrsaí, e.g. dianchúrsaí lae, cúrsaí 15 seachtaine, ranganna oíche agus ranganna ag an deireadh seachtaine.
Tá painéal páirtaimseartha múinteoirí agus ceartaitheoirí ag Gaelchultúr agus bímid ag féachaint i gcónaí le cur leis an bpainéal sin. Más spéis leatsa a bheith ag múineadh agus/nó ag ceartú linn, seol do CV chuig eolas@gaelchultur.com. Má thagann aon obair mhúinteoireachta/cheartúcháin chun cinn a mheasaimid a bheadh oiriúnach duit, rachaimid i dteagmháil leat chun agallamh a shocrú.
Nuair a bhíonn múinteoirí agus ceartaitheoirí á n-earcú againn, bímid ag lorg daoine a bhfuil:
Seo a leanas cuid de na buntáistí a bhaineann le bheith ag múineadh le Gaelchultúr:
1.
Cuirimid pleananna ceachta agus acmhainní teagaisc ar fáil do gach rang, mar sin ní gá don mhúinteoir an t-ábhar sin a réiteach. Cuirimid oiliúint agus treoracha ar fáil ar na hardáin a úsáidtear sna ranganna freisin.2.
Tá an treoir atá le fáil sna pleananna ceachta chomh cuimsitheach sin go gcuireann siad deis ar fáil do mhúinteoirí nua ardscileanna teagaisc a fhoghlaim taobh istigh de thréimhse ghearr, rud a chabhraíonn go mór lena bhforbairt ghairmiúil.3.
Úsáidtear cur chuige teagaisc nua-aimseartha, foghlaimeoirlárnach; cinntíonn sé sin go mbíonn go leor deiseanna rannpháirtíochta ag na foghlaimeoirí, rud a chuireann go mór leis an atmaisféar sa seomra ranga.4.
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha againn, rud a fhágann go bhfuil leanúnachas i gceist ó rang go rang agus ó chúrsa go cúrsa.5.
Cuirtear ábhar tacaíochta ar líne ar fáil do na foghlaimeoirí go hiondúil chun gur féidir leo súil a chaitheamh siar ar na nithe a bhíonn déanta acu sa seomra ranga agus ullmhú don chéad rang eile. Laghdaíonn sé sin an brú a bhíonn ar an múinteoir le linn an ranga agus cinntíonn sé go ndéanann na foghlaimeoirí dul chun cinn níos fearr le linn cúrsa.6.
Tugtar deis do mhúinteoirí obair cheartúcháin a dhéanamh agus airgead breise a shaothrú. Níl an obair seo éigeantach dár gcuid múinteoirí ach tugann go leor de na múinteoirí fúithi mar gheall ar an tsolúbthacht atá i gceist agus an táille a íoctar as an obair.
(Dála an scéil, ní gá a bheith ag múineadh linn le bheith ag obair mar cheartaitheoir linn.)
Cóipcheart © 2021 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn