Cúpla lá i ndiaidh don Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn foclóir nua Fhoras na Gaeilge, Concise English–Irish Dictionary, a sheoladh ar an 30 Deireadh Fómhair, rinne Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, Éamonn Ó Dónaill, agallamh beo ar líne le beirt d’fhoireann an fhoclóra maidir leis an tionscadal. Le féachaint ar an agallamh cuimsitheach seo le Pádraig Ó Mianáin (Príomh-Eagarthóir) agus Cormac Breathnach (Bainisteoir Tionscadail), cliceáil ar an gcnaipe seinnte san fhíseán thíos.
Seo an chéad fhoclóir Béarla–Gaeilge atá tagtha ar an bhfód ó foilsíodh foclóir de Bhaldraithe in 1959 ann agus tá 1,800 leathanach ann, breis is 30,000 iontráil, 85,000 aonad céille agus 1.8 milliún focal i mBéarla agus i nGaeilge na linne seo.
Tá an Concise English–Irish Dictionary ar díol ar siopa.ie agus €30 an praghas atá air.
Cóipcheart © 2021 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn