Head of Course Development

Head of Course Development

Tá post lánaimseartha mar Cheann Forbartha Cúrsaí ar fáil i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr. Conradh buan atá i gceist agus beidh an té a cheapfar in ann a bheith ag obair ó chian nó in oifigí an choláiste.

Ní mór d’iarrthóirí caighdeán ard Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, a bheith acu agus taithí a bheith acu ar an nGaeilge a mhúineadh do dhaoine fásta.

Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre. Cuirfear deiseanna oiliúna ar fáil don té a cheapfar.

Dualgais

Seo iad na príomhdhualgais a bheidh ar an gCeann Forbartha Cúrsaí:

  • siollabais a fhorbairt do chúrsaí teanga
  • pleananna ceachta agus acmhainní teagaisc a fhorbairt
  • eagarthóireacht agus léamh profaí a dhéanamh go rialta
  • cúrsaí Gaeilge a theagasc d’fhoghlaimeoirí ag leibhéil éagsúla chumais

    Cáilíocht agus taithí riachtanach

  • Máistreacht sa Ghaeilge (leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí)
  • Taithí ar mhúineadh na Gaeilge do dhaoine fásta

    Cáilíocht/taithí/scileanna inmhianaithe

  • Cáilíocht teagaisc
  • Taithí ar acmhainní teagaisc a fhorbairt
  • Taithí ar obair aistriúcháin a dhéanamh
  • Ardscileanna ríomhaireachta

    Ní mór d’iarrthóirí Curriculum Vitae, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig: poist@gaelchultur.com Spriocdháta d’iarratais: Dé Máirt, 31 Bealtaine 2022.