An Earnáil Phoiblí

Tá Gaelchultúr tar éis seirbhísí oiliúna a sholáthar do bhreis is 90 eagras de chuid na hearnála poiblí agus na n-údarás áitiúil le trí bliana déag anuas. Ó bhí 2011 ann, is é Gaelchultúr atá roghnaithe ag an gcomhlacht stáit Foras na Gaeilge le cúrsaí oiliúna Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar don earnáil sin.

Táimid tiomanta do chur chun cinn úsáid na Gaeilge agus seirbhísí teanga níos fearr a fhorbairt agus a chur ar fáil do phobal na hÉireann. Tuigeann an coláiste an áit lárnach atá ag an nGaeilge san earnáil phoiblí agus sna húdaráis áitiúla agus tá cúrsaí forbartha againn le cuidiú le heagraíochtaí na hÉireann a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.

I measc na gcúrsaí seo tá an cúrsa Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí, cúrsa leathlae ina ndírítear ar lucht freagartha gutháin agus cúraim custaiméirí.

Má tá spéis ag d’ionad oibre deiseanna oiliúna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann, déan teagmháil le fios@gaelchultur.com

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Cúrsaí creidiúnaithe ag Leibhéal 2-6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta (A1 go C1)

Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí

Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí

Cúrsa leathlae dírithe ar lucht freagartha gutháin agus lucht cúraim custaiméirí

Sainchúrsaí

Sainchúrsaí

Sainchúrsaí deartha go speisialta do riachtanais na hearnála poiblí

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Is clár páirtaimseartha é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) atá dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh a bheith in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Bíonn deis acusan a thugann faoin TGG sainteanga a fhoghlaim a bhaineann go dlúth lena gcuid oibre agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag an am céanna.

Tá sé d’aidhm ag an TGG an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal i gcomhthéacs na hoibre agus an teanga a úsáid go sóisialta chomh maith. Cabhraíonn an cúrsa leis na rannpháirtithe seirbhís níos fearr a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge, rud a chuidíonn leis na comhlachtaí ina bhfuil siad ag obair a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.

Tá an cúrsa ar fáil ag cúig leibhéal éagsúla: Leibhéal 2, Leibhéal 3, Leibhéal 4, Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Tá na cúrsaí seo aitheanta ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI).

Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí

Dírítear sa chúrsa seo ar lucht freagartha gutháin agus lucht cúraim custaiméirí, sna húdaráis áitiúla agus san earnáil phoiblí, a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Tá an cúrsa leathlae seo á eagrú ag Gaelchultúr i gcomhar le Foras na Gaeilge.

An sprioc a bhaineann leis an gcúrsa ná cur ar chumas na rannpháirtithe seirbhís do chustaiméirí ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge. Beidh sé mar aidhm freisin cur le muinín na rannpháirtithe chun go mbeidh fonn orthu an Ghaeilge a úsáid leis an bpobal agus, lena chois sin, féachfar leis an tábhacht a bhaineann le seirbhís trí Ghaeilge a bheith ar fáil a chur ar a súile dóibh.Tá sé oiriúnach dóibhsean a rinne staidéar ar an nGaeilge cheana féin (ar scoil, mar shampla) ach atá as cleachtadh le roinnt mhaith blianta.

Bíonn an cúrsa seo á reáchtáil ag Gaelchultúr faoi cheithre gach bliain. Chun áit a chur in áirithe ar cheann de na cúrsaí ní gá ach cláraigh ar do rogha chúrsa scileanna gutháin ar an suíomh. Má tá os cionn de deichniúr ó aon eagraíochta amháin ag iarraidh tabhairt faoin chúrsa seo bheadh Gaelchultúr sásta cúrsa faoi leith a reáchtáil don ghrúpa agus lascaine a chur ar fáil ar phraghas an ghrúpa. Leis an bhféidearthacht a phlé ní ga ach ríomhphost a sheoladh go fios@gaelchultur.com .

Cúrsa Gaeilge do Chomhairleoirí Tofa

Tá cúrsa cúig seachtaine forbartha ag Gaelchultúr le cur ar chumas comhairleoirí cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal agus lena gcomhghleacaithe. Saineolaí Gaeilge a bhíonn i mbun an chúrsa seo agus bíonn rang uair an chloig in aghaidh na seachtaine i gceist leis.

Is é aidhm an chúrsa seo ná cur ar chumas na rannpháirtithe frásaí úsáideacha Gaeilge a fhoghlaim is féidir leo a úsáid agus iad ag tabhairt óráidí agus le linn cuairteanna ar imeachtaí agus ionaid ina n-úsáidtear an teanga. Múinfear frásaí agus stor focal úsáideach dóibh freisin le go mbeidh siad in ann níos mó Gaeilge a úsáid ina gcomhfhreagras laethúil le comhghleacaithe agus leis an bpobal agus le go mbeidh siad ábalta a ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chomhlíonadh go héifeachtach.

I dteannta leis an gcúrsa beo ar líne, tabharfar rochtain 6 mhí do rannpháirtithe ar acmhainn chuimsitheach foghlama idirghníomhach ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, www.ranganna.com. Freastalaíonn an acmhainn seo ar riachtanais teanga comhairleoirí agus tá stór focal agus téarmaíocht úsáideach ann a bhaineann go sonrach leis an obair a dhéanann comhaltaí na comhairle.

Má tá os cionn de deichniúr ó aon eagraíochta amháin ag iarraidh tabhairt faoin chúrsa seo bheadh Gaelchultúr sásta cúrsa faoi leith a reáchtáil don ghrúpa. Leis an bhféidearthacht a phlé ní gá ach ríomhphost a sheoladh go fios@gaelchultur.com .

Sainchúrsaí

Tuigmidne i nGaelchultúr nach ionann na spriocanna, acmhainní agus buiséid i ngach eagraíocht. Ní cheart go bhfuil na nithe seo ag cruthú treoracha d’eagraíochtaí an Ghaeilge a chur chun cinn. Déanann Gaelchultúr gach iarracht freastal ar gach eagraíocht agus cúrsaí traenála a chur ar fáil dóibh siúd atá tiomanta ar a scileanna teanga a fhorbairt is cuma cén spriocanna, acmhainní nó buiséad a bhaineann leo.

Má tá spéis ag d’áit oibre cúrsaí Gaeilge a reáchtáil don fhoireann agus muna bhfuil an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil nó an cúrsa leathlae díríthe ar Scileanna Gutháin agus Seirbhísí do Chustaiméirí oiriúnach daoibh déan teagmháil le fios@gaelchultur.com le do chuid riachtanais a phlé.