Buanna maidir leis an dátheangachas

Scríofa ag Niamh Nic Leoid Márta, 2022
Roinn:

Tá an ‘dátheangaí’ níos coitianta sa lá atá inniu ná an té a bhfuil teanga amháin ar a thoil aige. Tugann na teangacha éagsúla a chloisfidh tú agus tú ag siúl síos Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath, Sráid na Siopaí i nGaillimh nó Sráid Naomh Pádraig i gCorcaigh é sin le fios go soiléir. Is tír dhátheangach í Éire a bhfuil stádas oifigiúil ag an nGaeilge agus ag an mBéarla inti agus tá borradh faoi fhoghlaim na Gaeilge na laethanta seo, mar atá léirithe ag an mór-éileamh ar chúrsaí Ghaelchultúir. Is fiú go mór na buntáistí éagsúla a bhaineann le foghlaim an dara teanga a chur i gcuimhne dúinn féin, go háirithe na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge.


Buanna maidir leis an dátheangachas

1. Tionchar dearfach ar an inchinn

De réir an taighde ar an dátheangachas, bíonn daoine a bhfuil dhá theanga (nó níos mó) acu ábalta a n-aird a dhíriú ar thascanna ar feadh achar ama níos faide agus bíonn siad níos fearr ag déileáil le réimse tascanna éagsúla ag an am céanna. Baineann na scileanna seo le bheith seasta ag malartú idir teangacha. Léiríonn roinnt taighde freisin go gcabhraíonn an dátheangachas le daoine comharthaí an néaltraithe agus ghalar Alzheimer a mhoilliú.


2. Cúrsaí oideachais

Go minic, feictear go n-éiríonn níos fearr le páistí dátheangacha ná páistí aonteangacha i réimse leathan ábhar scoile. Ní bhíonn difríocht shuntasach idir páistí a thógtar le Gaeilge agus páistí a thógtar le Béarla san ábhar scoile Béarla fiú – agus uaireanta bíonn na páistí a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu níos rathúla i scrúduithe Béarla! Bíonn sé níos éasca teangacha breise a fhoghlaim freisin má tá níos mó ná teanga amháin agat cheana féin.


3. Feasacht chultúrtha

Cé nach gá fios a bheith agat ar theanga eile le foghlaim faoi chultúir éagsúla, is cinnte go mbíonn tuiscint níos fearr ag an dátheangaí ar chultúir eile agus go mbíonn bá acu leo. Is féidir leat aithne níos fearr a chur ar lucht labhartha na teanga sin agus, dá bhrí sin, níos mó a fhoghlaim faoi nósanna, smaointe agus meon na ndaoine. Tá dlúthcheangal ag an nGaeilge le stair na hÉireann agus tá a tionchar le feiceáil ar an mBéarla a labhraíonn muid. Mar sin is féidir leis an nGaeilge léargas nua nó léargas níos fearr a thabhairt duit ar d’oidhreacht féin freisin.


4. Saol sóisialta

Méadaíonn foghlaim nó labhairt an dara teanga do ghréasán sóisialta. Dá mhéad teanga atá ar do thoil agat is ea is mó daoine ar féidir leat labhairt leo. Tá lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus ar fud na cruinne ag méadú agus bíonn neart imeachtaí Gaeilge ar siúl i gcaitheamh na bliana ar féidir leat a bheith páirteach iontu. Tá na hÉireannaigh ar an dream is cairdiúla sa domhan agus is cinnte go bhfuil sé sin fíor faoi phobal na Gaeilge chomh maith.


5. Fostaíocht

Mar dhátheangaí, bíonn níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil duit. Tá líon na bpost sa Ghaeilge de shíor ag méadú agus tá fostaíocht ar fáil i réimse leathan earnálacha, na meáin, an t-oideachas, an earnáil phoiblí, an t-aistriúchán agus an cultúr agus oidhreacht san áireamh.


Is cinnte gur fiú go mór tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge ach is í an cheist anois ná ‘cén chaoi ar féidir linn dáimh leis an nGaeilge agus cumas sa teanga a fhorbairt?’. Agus cad é an freagra simplí ar an gceist sin? Ionchur agus aschur. Is éard atá i gceist leis sin ná an teanga a chloistear agus a léitear (ionchur) agus an teanga a labhraítear agus a scríobhtar (aschur). Is gá an teanga a chloisteáil agus a úsáid a oiread agus is féidir chun cumas ard teanga a bhaint amach. Mar a deir an seanfhocal “Beatha teanga í a labhairt”, ach tá sé tábhachtach í a léamh, í a scríobh agus í a chloisteáil freisin. Seo thíos cúpla moladh do phaistí agus do dhaoine fásta maidir le bealaí éagsúla chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil:


Naíonraí & Gaelscoileanna

- Má tá an deis ar fáil duit, b’fhiú go mór tús maith a thabhairt do do pháiste agus é/í a thumadh sa Ghaeilge ó aois an naíonra ar aghaidh.


Léitheoireacht

- Tá scileanna léitheoireachta fíorthábhachtach i bhforbairt scileanna teanga agus tá neart leabhar Gaeilge ar fáil i ngach réimse léitheoireachta - úrscéalta, leabhair stairiúla agus go leor eile nach iad. Do pháistí, tá leabhair nua á gcumadh an t-am ar fad agus tá aistriúcháin le fáil ar leithéidí The Famous Five (‘An Cúigear Cróga’) agus leabhair de chuid Roald Dahl.


Ceol

- Fiú más préachán thú, is féidir neart spraoi a bheith ag páistí agus daoine fásta ag canadh rannta agus amhrán. Ní chreidfeá a oiread focal nua a fhoghlaimeoidh tú uathu! (Peigín Leitir Móir agus Ceol na Mara le Tadhg Mac Dhonnagáin le fáil ar www.siopa.ie)


TG4

- Múch Netflix agus cuir TG4 ar siúl! Tá réimse cláracha den-scoth ar TG4 a shásóidh spéiseanna gach duine, idir óg agus sean.


Cluichí

- Tarraing amach an Scrabble nó Monopoly (as Gaeilge) an chéad uair eile a bheidh an chlann nó grúpa cairde ina suí lena chéile. Ach déan iarracht maslaí agus eascainí a sheachaint má éiríonn an comórtas teasaí! (Scrabble & Monopoly as Gaeilge le fáil ar www.siopa.ie)

Raidió & podchraoltaí

- Cuir clár raidió nó podchraoladh ar siúl fad is atá tú ag ól chaife na maidine, amuigh ag siúl nó ag tiomáint chun na hoibre. (Raidió na Life, Raidió na Gaeltachta, Beo ar Éigean, An Spota Dubh).


Freastail ar ranganna nó ar chiorcal comhrá.

- Faigh amach an bhfuil aon rud ar siúl i do cheantar féin, ach fiú mura bhfuil aon rud i do cheantarsa, tá neart áiseanna iontacha ar líne anois. Cláraigh ar rang de chuid Ghaelchultúir ina mbeidh go leor deiseanna cainte agus éisteachta agat, freastail ar chiorcal comhrá ar líne nó eagraigh do cheann féin!


Níl anseo ach blaisín de na buntáistí ar fad a bhaineann le foghlaim teangacha, an Ghaeilge go háirithe, agus cuid de na bealaí éagsúla ar féidir leis an nGaeilge a bheith mar chuid de do shaol laethúil. Bí cinnte go bhféachann tú ar shuíomh Ghaelchultúir le haghaidh blaganna eile sa todhchaí ar dheá-chleachtais maidir le foghlaim teangacha agus na deiseanna foghlama a bhíonn á gcur ar fáil againn.


Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: