Gaelchultúr an Scoil Teanga is Fearr

Scríofa ag Ellen Curtin Aibreán, 2022
Roinn:

Tá lúcháir ar Ghaelchultúr, soláthraí cúrsaí agus acmhainní Gaeilge, a fhógairt gur bronnadh duais mar an Scoil Teanga is Fearr in Éirinn air. Reáchtáladh ócáid cheiliúrtha na nGradam Oideachais in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh ar an 6 Aibreán 2022. Ag na Gradaim Oideachais aithnítear, spreagtar agus ceiliúrtar sármhaitheas san earnáil oideachais tríú leibhéal ar oiléan na hÉireann. Ba é seo an chéad uair i stair na ngradam gur éirigh le coláiste Gaeilge an duais seo a bhuachan!

Gaelchultúr an Scoil Teanga is Fearr

Is é Gaelchultúr an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tugann an gradam seo aitheantas don tiomantas atá ag Gaelchultúr seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Cuireann Gaelchultúr cúrsaí ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain, a bhíonn á dteagasc ag líonra de shaineolaithe teanga, agus cuireann suíomh ríomhfhoghlama an choláiste, ranganna.com, deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí i ngach cearn den domhan foghlaim ag a luas féin.


“Is ábhar mór bróid é dúinn an gradam seo a bhuachan,” a deir Darren Ó Rodaigh, Cathaoirleach Feidhmiúcháin an choláiste, “Is léiriú iontach é seo ar an dul chun cinn atá déanta ag Gaelchultúr ó bunaíodh é in 2004 agus is mór againn gur tugadh an t-aitheantas seo do scoil teanga a chuireann foghlaim na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear". I measc na gcoláistí a ainmníodh don ghradam seo, ba é Gaelchultúr an t-aon institiúid a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.


“Táimid an-bhuíoch de na mílte foghlaimeoir Gaeilge ar fud an domhain atá tar éis cúrsaí Gaeilge a dhéanamh linn. Chomh maith leis sin, is mian linn an tacaíocht leanúnach a chuireann Foras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar fáil dúinn a aithint.”


Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil do dhaoine ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga agus tá réimse leathan deiseanna foghlama á chur ar fáil ag an gcoláiste faoi láthair; cúrsaí ginearálta comhrá , dianchúrsaí gramadaí, cúrsaí ullmhúcháin do bhéaltriail na hArdteiste, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus go leor eile nach iad. Chomh maith leis sin, is é Gaelchultúr an soláthróir roghnaithe cúrsaí Gaeilge don earnáil phoiblí agus tá sé aitheanta mar cheannaire margaidh domhanda maidir le hoiliúint Ghaeilge.


Cé go bhfuil sé lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath, tá pobal idirnáisiúnta cainteoirí Gaeilge cruthaithe ag an gcoláiste trína chuid cúrsaí ar líne. In 2021, bhí 12% d’fhoghlaimeoirí an choláiste lonnaithe i SAM, bhí cónaí ar 7% sa Ríocht Aontaithe agus bhí 6% lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Chun freastal ar an éileamh méadaithe seo, thosaigh an coláiste ag tairiscint ranganna oíche ag 7pm Am Caighdeánach Oirthearach chun freastal ar an líon mór foghlaimeoirí atá lonnaithe i Meiriceá Thuaidh agus cuirfear tús leis an gcéad téarma eile de na cúrsaí teanga ar líne ar an 9 Bealtaine 2022.


“Tá ríméad orainn ceangal a chruthú idir foghlaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge ar fud an domhain agus pobal bríomhar Gaeilge a chothú,” a deir Ellen Curtin, Bainisteoir Díolacháin agus Margaíochta an choláiste. “Agus tá muid ag súil go mór le tógáil ar an méid atá bainte amach againn sna blianta atá romhainn.”


Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: