Deiseanna fostaíochta ar líne le Gaelchultúr

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Eanáir, 2022
Roinn:

An bhfuil caighdeán ard Gaeilge agatsa? An bhfuil obair pháirtaimseartha á lorg agat? Má tá, ná déan dearmad go mbíonn Gaelchultúr ag cur lena phainéal múinteoirí agus ceartaitheoirí go leanúnach.

Deiseanna fostaíochta ar líne le Gaelchultúr

Reáchtálaimid cúrsaí ar bhonn leanúnach agus freastalaíonn siad ar fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais, idir ghlantosaitheoirí, dhaoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu agus chainteoirí líofa. Bíonn múnlaí éagsúla i gceist i gcás ár gcuid cúrsaí, e.g. dianchúrsaí lae, cúrsaí 20 seachtain, ranganna oíche agus ranganna ag an deireadh seachtaine. Déantar an chuid is mó den teagasc sa seomra ranga ach bíonn ranganna beo ar líne i gceist go minic freisin.

Tá painéal páirtaimseartha múinteoirí agus ceartaitheoirí ag Gaelchultúr agus bímid ag féachaint i gcónaí le cur leis an bpainéal sin. Más spéis leatsa a bheith ag múineadh agus/nó ag ceartú linn, seol do CV chuig poist@gaelchultur.com. Má thagann aon obair mhúinteoireachta/cheartúcháin chun cinn a mheasaimid a bheadh oiriúnach duit, rachaimid i dteagmháil leat chun agallamh a shocrú.

Nuair a bhíonn múinteoirí agus ceartaitheoirí á n-earcú againn, bímid ag lorg daoine a bhfuil:

  • caighdeán ard Gaeilge acu, idir labhartha agus scríofa
  • cáilíocht sa Ghaeilge agus/nó cáilíocht fhoirmiúil mhúinteoireachta
  • taithí ar an nGaeilge a mhúineadh (go háirithe i gcás daoine fásta)
  • scileanna idirphearsanta den scoth, chun gur féidir leo foghlaimeoirí a chur ar a suaimhneas agus iad a spreagadh.
  • Seo a leanas cuid de na buntáistí a bhaineann le bheith ag múineadh le Gaelchultúr:

  • Cuirimid pleananna ceachta agus acmhainní teagaisc ar fáil do gach rang, mar sin ní gá don mhúinteoir an t-ábhar sin a réiteach.
  • Tá an treoir atá le fáil sna pleananna ceachta chomh cuimsitheach sin go gcuireann siad deis ar fáil do mhúinteoirí nua ardscileanna teagaisc a fhoghlaim taobh istigh de thréimhse ghearr, rud a chabhraíonn go mór lena bhforbairt ghairmiúil.
  • Úsáidtear cur chuige teagaisc nua-aimseartha, foghlaimeoirlárnach; cinntíonn sé sin go mbíonn go leor deiseanna rannpháirtíochta ag na foghlaimeoirí, rud a chuireann go mór leis an atmaisféar sa seomra ranga.
  • Tá siollabais chuimsitheacha forbartha againn, rud a fhágann go bhfuil leanúnachas i gceist ó rang go rang agus ó chúrsa go cúrsa.
  • Déanann Gaelchultúr an fhótachóipeáil, na cluichí a ghearradh, etc. roimh gach rang chun nach gá don mhúinteoir an t-ullmhúchán sin a dhéanamh.
  • Cuirtear ábhar tacaíochta ar líne ar fáil do na foghlaimeoirí go hiondúil chun gur féidir leo súil a chaitheamh siar ar na nithe a bhíonn déanta acu sa seomra ranga agus ullmhú don chéad rang eile. Laghdaíonn sé sin an brú a bhíonn ar an múinteoir le linn an ranga agus cinntíonn sé go ndéanann na foghlaimeoirí dul chun cinn níos fearr le linn cúrsa.
  • Tugtar deis do mhúinteoirí obair cheartúcháin a dhéanamh agus airgead breise a shaothrú. Níl an obair seo éigeantach dár gcuid múinteoirí ach tugann go leor de na múinteoirí fúithi mar gheall ar an tsolúbthacht atá i gceist agus an táille a íoctar as an obair.

    Dála an scéil, ní gá a bheith ag múineadh linn le bheith ag obair mar cheartaitheoir linn.

    Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

    Roinn: