Ranganna Samplacha (ar mhaithe le Médecins Sans Frontières - Gaza)
Cur síos
Beidh ranganna samplacha Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr ar an Luan, 29 Aibreán. Mairfidh gach rang uair an chloig agus iad á dteagasc ag saineolaí teanga. Beidh cúig leibhéal ranga ar fáil, mar sin, is cuma más é seo do chéad bhlaiseadh den Ghaeilge nó más cainteoir líofa tú is féidir leat páirt a ghlacadh sna ranganna seo.
Mar fhreagra ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza i láthair na huaire, eagrófar ranganna an téarma seo ar mhaithe le Médecins Sans Frontières (MSF). Táimid ag iarraidh ar gach duine síntiús €10 a thabhairt agus iad ag clárú ar na ranganna seo agus rachaidh an t-airgead ar fad díreach chuig an gcarthanacht seo.* Tá beatha dhaoine in Gaza go mór i mbaol agus cabhróidh na síntiúis leis an obair riachtanach atá ar siúl ag MSF chun tacú leis na daoine seo atá ag fulaingt i láthair na huaire de bharr ionsaithe, easpa bia agus uisce glan, easpa sholáthairtí leighis agus gan rochtain shábháilte acu ar ospidéil.
Dá mba mhaith leat do chuid Gaeilge a chleachtadh agus tacú leis an gcúis seo, bí linn do na ranganna speisialta seo!
Mar sin, cad atá le déanamh agat?
• Roghnaigh an leibhéal ranga a oireann is fearr do do scileanna teanga;
• Cláraigh don rang agus tabhair síntiús €10;
• Scaip an scéal i measc do chairde, do theaghlach agus do chomhghleacaithe;
• Bígí linn ar 29 Aibreán agus bain triail as an nGaeilge.
*Síntiús roghnach atá anseo ach iarrann muid ar dhuine ar bith a bhfuil sé d’acmhainn acu, é a thabhairt.
Cuir an cúrsa in áirithe
Bonnleibhéal 1 (A1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla focal nó frása. Níl an rang seo oiriúnach dóibh siúd a d’fhreastail ar bhunrang eile le déanaí nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gcomhráite bunúsacha laethúla, labhairt fúthu féin agus a gcúlra, an obair atá ar bun acu, etc.
Bonnleibhéal 2 (A2) Tá an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine a d’fhreastail ar rang ag an mbunleibhéal cheana féin nó atá ábalta cumarsáid bhunúsach a dhéanamh sa Ghaeilge (beannú do dhaoine agus iad féin a chur in aithne, mar shampla). Ag tús an chúrsa, déantar athchleachtadh ar nithe a mhúintear sa bhunrang ach bogtar ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig topaicí nua nach bpléitear leo ag an leibhéal níos isle. Bíonn an bhéim sa chúrsa seo chomh maith ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus, arís, déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs de ghnáth.
Meánleibhéal 1 (B1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, b’fhéidir roinnt mhaith blianta ó shin, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu ar í a úsáid le blianta beaga anuas. Múintear nithe bunúsacha ag tús an chúrsa ach leanann an rang ar aghaidh níos tapa ansin ná mar a dhéanfadh rang ag leibhéal níos ísle. Bíonn an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach bíonn deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh ó am go chéile freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.
Meánleibhéal 2 (B2) Feiliúnach do dhaoine atá breá ábalta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge agus a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta, mar shampla. Bíonn seans ag na rannpháirithe cur lena stór focal agus lena n-eolas ar ghramadach na teanga. Déantar plé ar thopaicí níos casta ná na cinn a bhíonn i gceist i Meánrang 1 agus bíonn níos mó béime ar an léitheoireacht ná mar a bhíonn sa leibhéal níos ísle sin.
Ardleibhéal 1 (C1) Dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha (cúrsaí reatha agus cúrsaí teicneolaíochta, cuir i gcás). Bíonn seans ag na rannpháirtithe saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge, leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach agus roinnt mhaith léitheoireachta agus éisteachta a dhéanamh.
Spás ar fáil
29 Aibreán 2024 Cláraigh anoisSpás ar fáil
29 Aibreán 2024 Cláraigh anoisSpás ar fáil
29 Aibreán 2024 Cláraigh anoisSpás ar fáil
29 Aibreán 2024 Cláraigh anoisSpás ar fáil
29 Aibreán 2024 Cláraigh anoisÁr gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas
Cúrsaí Gaeilge ar líne
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce