Agus deireadh na scoilbhliana ag teannadh linn, tá scíth tuillte ag daltaí agus ag múinteoirí na tíre araon. Caithfidh go leor d'aos óg na hÉireann laethanta fada ag ligean a scíthe cois farraige agus, ós rud é go bhfuil réimse leathan cúrsaí ar líne á thairiscint ag Gaelchultúr an samhradh seo, níl aon chúis nach ndéanfadh múinteoirí na tíre amhlaidh.
Tá ocht gcúrsa EPV á dtairiscint ag Gaelchultúr do mhúinteoirí bunscoile i mbliana, agus is féidir tabhairt fúthu ó áit ar bith ar domhan, fad is atá fáil ar an idirlíon ansin. Tá aitheantas faighte ag na cúrsaí go léir ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus beidh gach múinteoir a thabharfaidh faoi cheann acu go críochnúil i dteideal trí lá Saoire Phearsanta Bhreise (EPV) a thógáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí samhraidh seo nó triail a bhaint as aonaid shamplacha ach cliceáil ar na naisc chuí thíos.
- Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga NUA
Tuilleadh eolais / Ábhar samplach ar fáil go luath
- Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile NUA
Tuilleadh eolais / Ábhar samplach
- Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile
Tuilleadh eolais / Ábhar samplach
- Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha
Tuilleadh eolais / Ábhar samplach
- Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 1 agus 2
Tuilleadh eolais / Ábhar samplach
- Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 3 agus 4
Tuilleadh eolais / Ábhar samplach
- Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 5 agus 6
Tuilleadh eolais / Ábhar samplach
- Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga
Tuilleadh eolais / Ábhar samplach
“Measaimid go mbeidh an-éileamh ar an dá chúrsa nua atá forbartha againn i mbliana,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí go minic gníomhaíochtaí spraíúla teanga a eagrú sa seomra ranga, ach gheobhaidh siad neart smaointe ó na pleananna ceachta agus ó na físeáin atá mar chuid lárnach den chúrsa Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga.
“Táimid dóchasach go mbeidh an-spéis ag múinteoirí fosta sa chúrsa nua eile atá forbartha againn: Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile. Tá breis is 600 múinteoir tar éis an Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile a dhéanamh go dtí seo, agus tabharfaidh an cúrsa nua seo deis dóibh dul i ngleic le rialacha níos dúshlánaí agus barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga.”
€75 an táille atá i gceist do na cúrsaí ar fad agus is féidir áit a chur in áirithe anois ach cliceáil anseo.
Cóipcheart © 2021 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220
Seol ríomhphost chugainn