Deiseanna Fostaíochta do Chainteoirí Gaeilge san Earnáil Phoiblí

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Feabhra, 2023
Roinn:

Tá pobal na Gaeilge ag dul ó neart go neart ó bronnadh lánstádas uirthi mar theanga oifigiúil in Institiúidí an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag 2021. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tabharfar 20% de phoist nua san earnáil phoiblí dóibh siúd a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu faoi dheireadh 2030. Tá sé mar sprioc ag eagraíochtaí stáit ar fud na tíre seirbhísí Gaeilge ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobal, rud a fhágann go bhfuil níos mó deiseanna fostaíochta i ndán do chainteoirí Gaeilge an lae inniu ná mar a bhí riamh.

Deiseanna Fostaíochta do Chainteoirí Gaeilge san Earnáil Phoiblí

Is mór an onóir é do Ghaelchultúr a bheith roghnaithe ag an gcomhlacht stáit Foras na Gaeilge mar an soláthraí ainmnithe le cúrsaí oiliúna Gaeilge a chur ar fáil d’fhostaithe na hearnála poiblí. Ó bhí 2011 ann, tá seirbhísí oiliúna curtha ar fáil ag Gaelchultúr do bhreis is 110 eagras de chuid na hearnála poiblí agus is ceannaire margaidh é in oiliúint na Gaeilge. Más fostaí de chuid na hearnála poiblí thú cheana féin agus más spéis leat ardú céime a bhaint amach, nó más mian leat fostaíocht a bhaint amach in eagraíocht stáit amach anseo, cuirfidh cumas maith sa Ghaeilge go mór le d’iarratas.

Déan do chuid scileanna teanga a fheabhsú leis na cúrsaí saincheaptha seo a dearadh go sonrach chun tacú le fostaithe de chuid na hearnála poiblí seirbhís ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil do phobal na hÉireann trí mheán na Gaeilge:

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Is clár páirtaimseartha é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) atá dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh a bheith in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Tá breis is 2,000 státseirbhíseach tar éis tabhairt faoin teastas seo ó bunaíodh an cúrsa in 2011.

Más mian leat feabhas suntasach a chur ar do chuid Gaeilge taobh istigh de chúpla mí agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag an am céanna, rachaidh an cúrsa seo go mór chun sochair duit.

Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí

An fáilteoir nó ball d’fhoireann cúraim custaiméirí thú? Más ea, cuideoidh an cúrsa seo go mór leat agus tú i mbun do chuid oibre. Tá níos mó cearta teanga ag pobal na Gaeilge anois ná mar a bhí riamh agus tá sé ríthábhachtach, mar sin, go bhfuil sé ar chumas eagraíochtaí de chuid na hearnála poiblí seirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil do chustaiméirí trí mheán na Gaeilge. Tá an cúrsa leathlae seo á eagrú ag Gaelchultúr i gcomhar le Foras na Gaeilge agus é dírithe orthu siúd a bhfuil bunscileanna teanga acu. Reáchtáiltear an cúrsa seo go minic le linn na bliana agus bíonn an-éileamh air i gcónaí. Bí i gceannas ar do ghairm féin agus cláraigh inniu don sainchúrsa seo.

Óráidí a Thabhairt i nGaeilge

Más urlabhraí thú nó más mian leat ról cumarsáide le roinn Stáit a bhaint amach, tabharfaidh an cúrsa seo buntáiste duit ar do phiaraí. Tá an dianchúrsa leathlae seo a seoladh in 2022 dírithe ar pholaiteoirí, bainisteoirí sinsearacha, oifigigh chumarsáide agus urlabhraithe de chuid na státseirbhíse a mbíonn orthu óráidí a thabhairt trí mheán na Gaeilge ó am go ham. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa na scileanna teanga agus an mhuinín a chothú i rannpháirtithe le go mbeidh siad ar a gcompord agus iad ag beannú don lucht éisteachta agus ag fí frásaí Gaeilge isteach ina gcuid óráidí.

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán

Agus lánstádas bainte amach ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach, tá neart deiseanna fostaíochta in earnáil an aistriúcháin dóibh siúd a bhfuil na scileanna cuí acu. Is féidir ardscileanna teanga agus eolas praiticiúil ar an earnáil a bhaint amach sa dioplóma iarchéime mór le rá seo. Bíonn éileamh suntasach ar an gcúrsa seo gach bliain agus beidh muid ag glacadh le hiarratais don chéad téarma eile go luath. Coinnigh súil ar an suíomh más spéis leat an cúrsa seo.

Tréimhse iontach ríthábhachtach atá ann faoi láthair i saol na Gaeilge agus níos mó aitheantais á thabhairt di ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuir feabhas ar do chuid Gaeilge agus bain leas as deiseanna fostaíochta san earnáil phoiblí san am atá le teacht.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: