Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil
Cur síos
Is clár páirtaimseartha é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, atá creidiúnaithe ag QQI agus ar fáil ag Leibhéil 2, 3, 4, 5 agus 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ). Tá an cúrsa seo, a mhúintear go hiomlán ar líne, dírithe go sonrach ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhfuil dualgas orthu seirbhísí don phobal a sholáthar trí mheán na Gaeilge de réir Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021. Tá sé oiriúnach freisin do dhaoine gairmiúla ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid go héifeachtach ina gcumarsáid oibre.
Sa chlár seo, cuirtear bealach praiticiúil agus struchtúrtha ar fáil chun scileanna Gaeilge a shealbhú a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag an am céanna.
Aidhmeanna
Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo na scileanna teanga agus an mhuinín a thabhairt do rannpháirtithe chun seirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge i gcomhthéacs na hoibre. Cuidíonn sé go mór le heagrais phoiblí a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021.
Tá an clár oiriúnach freisin dóibh siúd ar mhian leo feabhas a chur ar a scileanna Gaeilge lena n-ionchais ghairme a threisiú agus na deiseanna atá ag teacht chun cinn in earnálacha éagsúla do dhaoine a bhfuil ardchumas sa teanga acu a thapú. Beidh rannpháirtithe a chuireann an clár i gcrích go rathúil níos muiníní chun an Ghaeilge a úsáid i gcumarsáid laethúil le custaiméirí, cliaint agus comhghleacaithe, agus i suíomhanna sóisialta.
Leibhéil
Tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar fáil ag Leibhéil 2, 3, 4, 5 agus 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Déantar measúnú ar gach foghlaimeoir roimh thús an chúrsa lena chinntiú go gcláraítear iad ar an leibhéal atá ag teacht lena gcumas teanga ionas go mbeidh sáreispéireas foghlama acu.
Ábhar
Clúdaítear gnáththeanga laethúil chomh maith le téarmaíocht agus frásaí a bhaineann leis an ionad oibre sa chlár.
Bíonn éagsúlacht idir na leibhéil ach seo blaiseadh de thopaicí laethúla an chláir:
- Cúlra & Áit Chónaithe
- Caitheamh aimsire
- An Saol Laethúil
- Cúrsaí Oideachais
- Laethanta Saoire agus Taisteal
- Litríocht
- Cúrsaí reatha
Clúdaítear sainthopaicí a bhaineann leis an ionad oibre le tacú le foghlaimeoirí agus iad i mbun cumarsáide leis an bpobal, cliaint agus comhghleacaithe, agus le tacú lena n-ionchais ghairme. Bíonn éagsúlacht idir na leibhéil ach seo blaiseadh de shainthopaicí oibre an chláir:
- Glaonna gutháin a fhreagairt agus teachtaireachtaí a ghlacadh
- Ag déileáil le comhráite dúshlánacha
- Socruithe a dhéanamh
- Ríomhphoist a scríobh
- Agallaimh
- Miontuairiscí a ghlacadh
Struchtúr an Chúrsa
Is í an fhoghlaim chumaisc atá i gceist leis an gcúrsa seo:
- Ranganna beo ar líne: Freastalaíonn foghlaimeoirí ar rang beo ar líne a mhaireann 3 uair an chloig gach seachtain. Bíonn na ranganna faoi stiúir shainteagascóir agus bíonn siad ar siúl ar feadh tréimhse 10 seachtaine.
- Staidéar neamhspleách ar ár suíomh ríomhfhoghlama: Tugtar rochtain do gach foghlaimeoir ar shainacmhainní ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, chun staidéar neamhspleách a dhéanamh idir na ranganna. Cuirtear ábhair thacaíochta, comhaid fuaime agus físe san áireamh, agus cleachtaí idirghníomhacha ar fáil sna hacmhainní seo, agus cuidítear le foghlaimeoirí chun súil siar a dhéanamh ar an ábhar ranga agus ullmhú don chéad rang eile.
Measúnú
Cuireann foghlaimeoirí tascanna seachtainiúla i gcrích a dhéanann measúnú ar a scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus éisteachta. Is fiú 55% den mharc iomlán é an measúnú leanúnach seo. Cuirtear aiseolas cuimsitheach pearsantaithe ar gach tasc ar fáil do na rannpháirtithe ionas gur féidir leo a ndul chun cinn a thomhas agus díriú isteach ar na réimsí is gá dóibh a fheabhsú.
Tugann foghlaimeoirí faoi bhéaltriail ag deireadh an chláir chun measúnú a dhéanamh ar a scileanna labhartha agus is fiú 45% den mharc iomlán í*.
*Tá ualú na ngnéithe measúnaithe ag Leibhéal 2 beagán éagsúil ó na leibhéil eile.
Bróisiúr an chúrsa
Cuir an cúrsa in áirithe
Bonnleibhéal 1 (A1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla focal nó frása. Níl an rang seo oiriúnach dóibh siúd a d’fhreastail ar bhunrang eile le déanaí nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gcomhráite bunúsacha laethúla, labhairt fúthu féin agus a gcúlra, an obair atá ar bun acu, etc.
Bonnleibhéal 2 (A2) Tá an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine a d’fhreastail ar rang ag an mbunleibhéal cheana féin nó atá ábalta cumarsáid bhunúsach a dhéanamh sa Ghaeilge (beannú do dhaoine agus iad féin a chur in aithne, mar shampla). Ag tús an chúrsa, déantar athchleachtadh ar nithe a mhúintear sa bhunrang ach bogtar ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig topaicí nua nach bpléitear leo ag an leibhéal níos isle. Bíonn an bhéim sa chúrsa seo chomh maith ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus, arís, déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs de ghnáth.
Meánleibhéal 1 (B1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, b’fhéidir roinnt mhaith blianta ó shin, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu ar í a úsáid le blianta beaga anuas. Múintear nithe bunúsacha ag tús an chúrsa ach leanann an rang ar aghaidh níos tapa ansin ná mar a dhéanfadh rang ag leibhéal níos ísle. Bíonn an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach bíonn deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh ó am go chéile freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.
Meánleibhéal 2 (B2) Feiliúnach do dhaoine atá breá ábalta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge agus a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta, mar shampla. Bíonn seans ag na rannpháirithe cur lena stór focal agus lena n-eolas ar ghramadach na teanga. Déantar plé ar thopaicí níos casta ná na cinn a bhíonn i gceist i Meánrang 1 agus bíonn níos mó béime ar an léitheoireacht ná mar a bhíonn sa leibhéal níos ísle sin.
Ardleibhéal 1 (C1) Dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha (cúrsaí reatha agus cúrsaí teicneolaíochta, cuir i gcás). Bíonn seans ag na rannpháirtithe saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge, leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach agus roinnt mhaith léitheoireachta agus éisteachta a dhéanamh.
Spás ar fáil
04 Márta 2026 Dátaí + Cláraigh anoisSpás ar fáil
05 Márta 2026 Dátaí + Cláraigh anoisSpás ar fáil
05 Márta 2026 Dátaí + Cláraigh anoisSpás ar fáil
06 Márta 2026 Dátaí + Cláraigh anoisSpás ar fáil
06 Márta 2026 Dátaí + Cláraigh anoisÁr gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
- Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
- Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas
Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí – Cúrsa Leathlae
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce