Gaelchultúr i bpáirtnéireacht le COGG
Ag tacú le múinteoirí i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí, agus i scoileanna Gaeltachta.
Aithníonn Gaelchultúr na dúshláin uathúla atá le sárú ag múinteoirí agus baill foirne i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta. Mar sin, tá lúcháir orainn a bheith i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun deiseanna uasoiliúna agus cúrsaí Gaeilge ar ardchaighdeán a thairiscint atá deartha go sonrach d’oideachasóirí i scoileanna T1.
Tríd an gcomhpháirtíocht seo, cuirimid tacaíocht shaincheaptha ar fáil chun cabhrú le múinteoirí agus baill foirne eile a scileanna teanga a fhorbairt, a muinín a chothú agus ardchaighdeán Gaeilge a chinntiú laistigh den scoil. Seo thíos na cúrsaí oiliúna reatha atá ar fáil:

Cúrsaí Ginearálta Gaeilge
Bíonn ár gcúrsaí Gaeilge 10 seachtaine, atá ar fáil ag ceithre leibhéal (A2–C1), ar siúl i rith na scoilbhliana agus tá siad dírithe ar mhúinteoirí iar-bhunscoile i nGaelcholáistí agus i meánscoileanna Gaeltachta chun cur lena líofacht sa teanga agus a scileanna teanga a shaibhriú.

Seisiúin Uasoiliúna Inscoile
Cabhraíonn na seisiúin seo le múinteoirí agus le baill foirne i scoileanna T1 cruinneas gramadaí agus saibhreas teanga a bhaint amach trí oiliúint idirghníomhach, scoilbhunaithe a chur ar fáil.
Cúrsaí Ginearálta Gaeilge
Bíonn ár gcúrsaí Gaeilge 10 seachtaine, atá ar fáil ag ceithre leibhéal (A2–C1), ar siúl i rith na scoilbhliana agus tá siad dírithe ar mhúinteoirí iar-bhunscoile i nGaelcholáistí agus i meánscoileanna Gaeltachta chun cur lena líofacht sa teanga agus a scileanna teanga a shaibhriú.
Sonraí an Chúrsa:
- Leibhéil: A2 (Bonnleibhéal 2) – C1 (Ardleibhéal 1)
- Fad: 10 seachtaine
- Formáid: Ranganna seachtainiúla 2 uair an chloig beo ar líne
- Acmhainní: Lámhleabhar digiteach cuimsitheach agus rochtain 3 mhí ar Ranganna.com, ardán ríomhfhoghlama Ghaelchultúir (luach €45)
Is féidir leat d’áit a chur in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa seo ach cliceáil ar an nasc seo.
Seisiúin Uasoiliúna Inscoile
Tá an cheardlann uasoiliúna seo, a reáchtáiltear thar thrí sheisiún, oiriúnach do mhúinteoirí agus do bhaill foirne scoile a bhfuil leibhéal maith Gaeilge acu cheana féin ach atá ag iarraidh cruinneas gramadaí agus sármhaitheas teanga a bhaint amach i gcomhthéacs na scoile.
Sonraí:
- 3 sheisiún idirghníomhacha 2 uair an chloig
- Ar láthair na scoile
- Ar fáil don fhoireann ar fad
- I ngach seisiún déantar cleachtaí praiticiúla teanga a bhaineann go sonrach le comhthéacs na scoile:
- Nuachtlitreacha scoile a scríobh
- Na meáin shóisialta agus thraidisiúnta
- Imeachtaí scoile a chur chun cinn
- An úsáid is fearr a bhaint as acmhainní teanga ar líne
- Dea-úsáid na n-uirlisí ríomhaistriúcháin
- Scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhorbairt
- Téarmaíocht na pleanála
- Téarmaíocht a bhaineann le riachtanais speisialta oideachais
- Tuairiscí a scríobh
- Ag ullmhú do chruinnithe foirne