
Óráidí a Thabhairt i nGaeilge – Cúrsa Leathlae

Cur síos
Tá an cúrsa leathlae praiticiúil seo dírithe orthu siúd a mbíonn dualgais óráidíochta orthu go minic agus ar mhian leo tuilleadh frásaí Gaeilge a shní isteach sna hóráidí sin. Tá sé mar sprioc ag an gcúrsa luachmhar seo na scileanna teanga agus an mhuinín a chothú i rannpháirtithe an chúrsa le go mbeidh siad ar a gcompord agus iad ag beannú don lucht éisteachta agus ag úsáid na Gaeilge ina gcuid óráidí. Tá an cúrsa dírithe ar pholaiteoirí, príomhoifigigh, oifigigh chumarsáide agus urlabhraithe de chuid na státseirbhíse a bhíonn ag freastal ar ócáidí agus a bhíonn ag tabhairt cuairteanna ar ionaid éagsúla ina n-úsáidtear an Ghaeilge.
Torthaí Foghlama
Seo thíos na torthaí foghlama a bheidh i gceist dóibh siúd a n-éiríonn leo an cúrsa a chur i gcrích go rathúil:- Beidh siad in ann frásaí Gaeilge cuí a úsáid in óráidí i réimse comhthéacsanna
- Beidh siad níos muiníní agus an Ghaeilge á labhairt acu i gcomhthéacs na hoibre agus go sóisialta
- Beidh eolas acu ar acmhainní éagsúla Gaeilge agus conas iad a úsáid go héifeachtach
Ábhar an chúrsa
Cuirtear réimse ábhar i láthair sa chúrsa praiticiúil seo agus tugtar deiseanna do na rannpháirtithe an méid seo a chleachtadh le cinntiú go bhfaigheann siad an stór focal agus na scileanna riachtanacha a theastaíonn uathu leis an nGaeilge a úsáid go héifeachtach in óráidí. Le linn an tseisiúin leathlae, clúdaítear na nithe seo a leanas:- Frásaí úsáideacha a bhaineann le conas:
- fáilte a chur roimh dhaoine
- tús agus clabhsúr a chur le hóráid
- comhghairdeas a ghabháil le daoine
- buíochas a ghabháil le daoine.
- Míonna agus dátaí
- Tagairt a dhéanamh do bhlianta
- Suíomhanna gréasáin úsáideacha agus conas iad a úsáid
- Stór focal a bhaineann le hócáidí, imeachtaí agus ionaid
Struchtúr an Chúrsa
- Seisiún beo ar líne: Rang fíorúil spreagúil 3 uair an chloig ina nglacann rannpháirtithe páirt ghníomhach i suíomhanna ón bhfíorshaol le muinín agus líofacht a chothú.
- Ábhar tacaíochta ríomhfhoghlama: Rochtain 3 mhí ar acmhainn ar Ranganna.com (suíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir), ina bhfuil comhaid fuaime d’ábhar uile an chúrsa agus ábhar breise. Tugann an acmhainn seo deis do rannpháirtithe dul siar ar an ábhar agus cleachtadh a dhéanamh ar fhoghraíocht ar a luas féin.
- Cúrsa Ríomhfhoghlama Féinstiúrtha: Rochtain 3 mhí saor in aisce ar Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, clár cuimsitheach féinstaidéir ar luach €45, ionas gur féidir leo leanúint dá scileanna Gaeilge a fhorbairt go neamhspleách tar éis an chúrsa.
Cuir an cúrsa in áirithe
Bonnleibhéal go Meánleibhéal
Ár gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
- Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
- Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí – Cúrsa Leathlae
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
