Béaloideas: Seanchas, Dúchas agus Traidisiúin

Béaloideas: Seanchas, Dúchas agus Traidisiúin
€249.00
Ó 10 Meán Fómhair 2024
10 Seachtaine
20 Uair
Ar líne

Cur síos

Más suim leat sainiúlacht bhéaloideas na nGael agus más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoin tsaoithiúlacht atá le fáil i ngnásanna na nGael, cuirfidh tú suim sa chúrsa eisceachtúil seo.

Is cúrsa 10 seachtaine é seo ina ndírítear ar nósanna agus ar phiseoga atá i gcroílár phobal na Gaeilge ón tseanaimsir anall, roinnt acu a bhaineann go fóill le saol laethúil na ndaoine in Éirinn. Pléifear traidisiúin a bhaineann le gnéithe suntasacha i saol an phobail - mar a chuaigh siad i ngleic leis an bhás, na leigheasanna traidisiúnta a bhí acu, an eagla a bhí orthu roimh an domhan osnádúrtha a luigh thart orthu, an chosaint a bhí acu ar an drochrud. Léiríonn na gnásanna seo an mhian ollmhór a bhí ag daoine teacht slán i saol neamhchinnte agus roinnt de na straitéisí a bhí acu leis an tóir sin ar an gcinnteacht a aimsiú.

Tá an cúrsa leagtha amach bunaithe ar na téamaí seo a leanas: Ádh, Mí-ádh agus Mallachtaí; An Síofra; Sláinte agus Leigheasanna; An Bás; Toibreacha Beannaithe; Dinnseanchas; Orthaí, Tomhaiseanna Rabhlóga agus Rannta; Ainmhithe; An Scéalaíocht Bheo; agus Fóidíní.

Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a bhfuil ardscileanna teanga acu cheana féin. Pléifear coincheapa agus teanga mar aon le linn an chúrsa. Tabharfar deis do rannpháirtithe aithne a chur ar a chéile trí chomhráite cruthaitheacha a éascú. Díreofar aird ar nathanna cainte agus ar ghnéithe den ghramadach de réir mar a thagann siad chun cinn agus beidh deis ag na foghlaimeoirí a saibhreas teanga a mhéadú dá bharr.

Cad atá san áireamh leis an gcúrsa seo?

  • 20 uair an chloig de ranganna beo ar líne
  • Lámhleabhar digiteach, ina bhfuil ábhar foghlama ar ardchaighdeán

    Cé dó an cúrsa seo?
    Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu (C1 nó C2) nó daoine a bhfuil cúrsa ardleibhéil curtha i gcrích acu cheana féin. Rachaidh sé go mór chun leasa do dhaoine a bhfuil suim acu i mbéaloideas na tíre nó ar mhaith leo tuilleadh a fhoghlaim faoi chultúr na hÉireann.

    Torthaí Foghlama
    Seo thíos na torthaí foghlama a bheidh i gceist i gcás na mac léinn a n-éireoidh leo an clár a chríochnú go sásúil:

  • Cuirfidh tú le do stór focal agus le do shaibhreas teanga trí éisteacht le téacsanna ó chainteoirí dúchais. Beidh pointí saoithiúlachta ag éirí as na rianta fuaime agus déanfar iad a phlé sna ranganna de réir mar a thagann siad chun tosaigh.
  • Cuirfidh tú le do thuiscint ar fhorbairt agus ar ghramadach na teanga trí théacsanna agus tras-scríbhinní ó fhoinsí éagsúla béaloideasa a léamh. I measc na bpointí is suntasaí gramadaí beidh, mar shampla, nósanna scríbhneoireacht na Gaeilge san fhichiú haois roimh 1958, an canúnachas agus na príomhdhifríochtaí ó cheantar go ceantar sna téacsanna.

    Cur Chuige Foghlama
    Mairfidh an cúrsa seo deich seachtaine agus beidh rang dhá uair an chloig i gceist gach seachtain. Reáchtálfar an cúrsa go hiomlán ar líne. Tabharfar leabhrán duit le hábhar an ranga agus cuirfear raon áiseanna agus acmhainní romhat freisin le foghlaim neamhspleách a chothú agus a fhorbairt, le go mbeidh tú in ann leanstan le do rogha gort suime ar do chonlán féin. Beifear ag dul i ngleic le foinsí éagsúla béaloideasa, ina measc siúd:

  • www.duchas.ie
  • www.bealoideasbeo.ie
  • www.doegen.ie

    Agus le foinsí teanga ar nós:
  • www.teanglann.ie/ga/
  • www.focloir.ie/ga/
  • www.corpas.focloir.ie/ga/
  • www.potafocal.com/thes/ga/
  • www.gaois.ie/ga/
  • www.logainm.ie/ga/acmhainni/
  • www3.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/corpus/

    Údair an chúrsa
    Is iad Eithne Ní Ghallchobhair agus Réaltán Ní Leannáin a chuir an cúrsa seo le chéile agus a dhéanfaidh é a theagasc. Is scéalaí agus scríbhneoir as Tír Chonaill í Eithne Ní Ghallchobhair, a bhfuil duaiseanna bainte amach aici sa dá réimse sin. Ba léachtóir san oideachas í Réaltán Ní Leannáin le blianta fada atá anois ag teagasc agus ag scríobh go cruthaitheach, agus gradaim bainte amach aici san earnáil sin.

    Is féidir tabhairt faoin gcúrsa seo nó/agus Folklore: Festivals, Customs and Superstitions in ord ar bith.

  • Cuir an cúrsa in áirithe

    10 Seachtaine
    |
    20 Uair
    |
    |
    €249.00

    Ardleibhéal 1 (C1) Dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha (cúrsaí reatha agus cúrsaí teicneolaíochta, cuir i gcás). Bíonn seans ag na rannpháirtithe saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge, leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach agus roinnt mhaith léitheoireachta agus éisteachta a dhéanamh.

    Leibhéil Am Dáta tosaigh

    Ár gcur chuige múinteoireachta

    Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

    Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

    Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

    Foghlaim níos mó fúinn

    Ceisteanna Coitianta

    Beidh ríomhaire glúine nó deisce de dhíth ort, ceangal réasúnta leathanbhanda agus gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir).
    Cuirfear cuireadh chuig gach rang chugat ar an ríomhphost timpeall 20 nóiméad roimh thús an ranga sin. Tiocfaidh an teachtaireacht seo ó Zoom – sin an t-ardán físchomhdhála a bheidh in úsáid leis na ranganna a sholáthar.
    Beidh, cinnte. Tabharfar deis do gach foghlaimeoir tástáil theicniúil a dhéanamh sula dtosóidh an cúrsa agus déanfar aon fhadhbanna teicniúla a bheidh aige/aici a réiteach le linn na tástála sin. Ní gá duitse é seo a shocrú – beimidne i dteagmháil leat maidir leis an tástáil tar éis duit clárú don chúrsa.
    Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
    Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
    Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht nduine dhéag ar a mhéad.
    Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
    Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
    I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

    Téarmaí agus Coinníollacha

    • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
    • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
    • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
    • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
    • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
    • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
    • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
    • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.