Tiomantas don Cháilíocht

Cloíonn nósanna imeachta agus beartais Ghaelchultúir le dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le dearbhú cáilíochta.


Cúrsaí ar Ardchaighdeán

Cúrsaí ar Ardchaighdeán

Tá cáil ar Ghaelchultúr as cúrsaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais intleachtúla, ghairmiúla agus phearsanta a chuid foghlaimeoirí.

Taitneamh agus Tairbhe

Taitneamh agus Tairbhe


Deartar cúrsaí Ghaelchultúir le go mbraithfidh na rannpháirtithe gur pléisiúr seachas dualgas atá i bhfoghlaim na Gaeilge.

Luach Airgid

Luach Airgid

Tá an coláiste bródúil as an luach airgid a chuireann sé ar fáil dá chuid foghlaimeoirí agus custaiméirí.


Teagascóirí den Scoth

Teagascóirí den Scoth

Tá teagascóirí an-cháilithe a bhfuil taithí na mblianta in earnáil an oideachais fostaithe sa choláiste agus cuireann siad éiteas agus prionsabail an choláiste i bhfeidhm i ngach aon chúrsa.

Timpeallacht Foghlama Shábháilte agus Spreagúil

Timpeallacht Foghlama Shábháilte agus Spreagúil

Cuireann an coláiste timpeallacht foghlama atá sábháilte, dearfach agus spreagúil ar fáil dá chuid foghlaimeoirí.

Feabhsú Leanúnach

Feabhsú Leanúnach

Bailítear aiseolas go leanúnach ó fhoghlaimeoirí, teagascóirí agus geallsealbhóirí eile chun feabhas a chur ar gach gné den choláiste.


Áiseanna Foghlama ar Ardchaighdeán

Áiseanna foghlama ar ardchaighdeán

Déanann foireann Ghaelchultúir cinnte de go n-úsáidtear áiseanna foghlama den scoth i gcónaí agus go bhfuil siad ag cloí le beartais dearbhaithe cáilíochta an choláiste.

Seirbhísí Tacaíochta agus Cumarsáid le Foghlaimeoirí

Seirbhísí Tacaíochta agus Cumarsáid le Foghlaimeoirí

Cuirtear seirbhísí tacaíochta cuimsitheacha ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus déantar cumarsáid shoiléir rialta le foghlaimeoirí i gcónaí.

Aiseolas Cuimsitheach d’Fhoghlaimeirí

Aiseolas Cuimsitheach d’Fhoghlaimeirí

Cuirtear aiseolas cuimsitheach ar fáil d’fhoghlaimeoirí a bhíonn ina chuidiú mór acu agus iad ar a n-aistear foghlama*
*Aiseolas scríofa/ó bhéal de réir mar is cuí


Deiseanna

Deiseanna le Dul Chun Cinn a Dhéanamh

Cuireann Gaelchultúr deiseanna leanúnacha foghlama ar fáil dá chuid foghlaimeoirí ag gach leibhéal.


Chun teacht ar an Lámhleabhar Dearbhaithe Cáilíochta cliceáil anseo.


qqiaward