Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí – Cúrsa Leathlae

Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí – Cúrsa Leathlae
€249.00
Ó 30 Meán Fómhair 2024
Cúrsa Leathlae
1.00-4.15pm
Ar líne

Cur síos

Tá an cúrsa leathlae seo á eagrú ag Gaelchultúr i gcomhar le Foras na Gaeilge. Tá an cúrsa dírithe ar lucht freagartha gutháin agus lucht cúraim custaiméirí sna húdaráis áitiúla agus san earnáil phoiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Tá sé oiriúnach dóibhsean a rinne staidéar ar an nGaeilge cheana féin (ar scoil, mar shampla) ach atá as cleachtadh le roinnt mhaith blianta. Reáchtáiltear an cúrsa seo go hiomlán ar líne.

Aidhm an chúrsa

An sprioc a bhaineann leis an gcúrsa ná cur ar a chumas na rannpháirtithe seirbhís do chustaiméirí ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge. Beidh sé mar aidhm ag an gcúrsa freisin cur le muinín na rannpháirtithe chun go mbeidh fonn orthu an teanga a úsáid leis an bpobal agus, lena chois sin, féachfar leis an tábhacht a bhaineann le seirbhís trí Ghaeilge a bheith ar fáil a chur ar a súile dóibh.

Ábhar agus cur chuige

Beidh an bhéim sa chúrsa ar labhairt na teanga agus ar scileanna éisteachta a fhorbairt. Agus iad ag freastal ar an rang, beidh deis ag na rannpháirtithe lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach den rang, rud a thabharfaidh deis do na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a bheidh múinte dóibh.

Acmhainní foghlama

Beidh fáil ag na rannpháirtithe ar chúrsa ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, ina mbeidh taifeadadh de gach focal agus frása tábhachtach a mhúinfear dóibh sa rang agus áit ar féidir leo ceachtanna idirghníomhacha a dhéanamh agus aiseolas a fháil taobh istigh de shoicind amháin. Beidh na foghlaimeoirí in ann an acmhainn seo a úsáid le cleachtadh agus treisiú breise a dhéanamh ar an méid a bheidh siad tar éis a fhoghlaim le linn an chúrsa.

An costas atá ar an gcúrsa ná €249 an rannpháirtí. Ni gá an táille seo a ioc agus an cúrsa á chur in áirithe: seolfaidh Gaelchultúr sonrasc chuig fostóir gach rannpháirtí tar éis an chúrsa.

Le tuilleadh eolais a fháil ní ga ach ríomhphost a sheoladh go fios@gaelchultur.com

Cuir an cúrsa in áirithe

Cúrsa Leathlae
|
1.00-4.15pm
|
|
€249.00

Bunleibhéal go Meánleibhéal

Leibhéil Am Dáta tosaigh

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ríomhaire glúine nó deisce de dhíth ort, ceangal réasúnta leathanbhanda agus gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir).
Cuirfear cuireadh chuig gach rang chugat ar an ríomhphost timpeall 20 nóiméad roimh thús an ranga sin. Tiocfaidh an teachtaireacht seo ó Zoom – sin an t-ardán físchomhdhála a bheidh in úsáid leis na ranganna a sholáthar.
Beidh, cinnte. Tabharfar deis do gach foghlaimeoir tástáil theicniúil a dhéanamh sula dtosóidh an cúrsa agus déanfar aon fhadhbanna teicniúla a bheidh aige/aici a réiteach le linn na tástála sin. Ní gá duitse é seo a shocrú – beimidne i dteagmháil leat maidir leis an tástáil tar éis duit clárú don chúrsa.
Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht nduine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.