Agallamh Gaeilge Hibernia - Dianchúrsa Ullmhúcháin Aon Lae

Agallamh Gaeilge Hibernia - Dianchúrsa Ullmhúcháin Aon Lae
€149.00
Ó 15 Meitheamh 2024
Dianchúrsa Aon Lae
10.00am - 4.30pm
1 Leibhéal
Ar líne

Cur síos

Is cúrsa é seo dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin agallamh Gaeilge don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht). Dírítear ar na príomhábhair chainte a bhíonn i gceist san agallamh agus cuirtear ar chumas na rannpháirtithe a gcuid scileanna cainte a fhorbairt agus cur lena stór focal.

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas:
• tús maith a chur leis an agallamh, rud a chuirfidh ar a suaimhneas iad, agus a rachaidh i bhfeidhm ar na hagallóirí;
• briathra a úsáid i gceart;
• freagraí fada, ina bhfuil scoth na Gaeilge, a thabhairt ar cheisteanna a thagann chun cinn go minic san agallamh;
• freagraí a thabhairt atá cruinn ó thaobh na gramadaí de;
• sleachta próis a léamh gan deacracht;
• úsáid a bhaint as an réimse leathan áiseanna Gaeilge atá ar fáil ar líne anois.

Tá an cúrsa oiriúnach ó thaobh caighdeáin de do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, roinnt mhaith blianta ó shin, b’fhéidir. Tuigeann siad go leor den teanga ach is beag deis a bhí acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna dóibh an teanga a léamh agus a scríobh chomh maith. Déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs, de réir mar atá sí ag teastáil.

Beidh fáil ag na rannpháirithe ar chúrsa ar líne ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, freisin. Cliceáil anseo le triail a bhaint as an gcúrsa sin saor in aisce.

Cuir an cúrsa in áirithe

Dianchúrsa Aon Lae
|
10.00am - 4.30pm
|
1 Leibhéal
|
€149.00

Cúrsa Hibernia

Leibhéil Am Dáta tosaigh

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ríomhaire glúine nó deisce de dhíth ort, ceangal réasúnta leathanbhanda agus gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir).
Cuirfear nasc Zoom chugat ar an ríomhphost roimh thús an chúrsa.
Beidh, cinnte. Tabharfar deis do gach foghlaimeoir tástáil theicniúil a dhéanamh sula dtosóidh an cúrsa agus déanfar aon fhadhbanna teicniúla a bheidh aige/aici a réiteach le linn na tástála sin. Ní gá duitse é seo a shocrú – beimidne i dteagmháil leat maidir leis an tástáil tar éis duit clárú don chúrsa.
Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht duine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.