Béaloideas na nGael agus an Ghaeilge do ghlantosaitheoirí

Béaloideas na nGael agus an Ghaeilge do ghlantosaitheoirí
€249.00
Ó 09 Meán Fómhair 2024
10 Seachtaine
20 Uair
Ar líne

Cur síos

An bhfuil spéis agat i mbéaloideas na hÉireann agus ar mhaith leat tús a chur le foghlaim na teanga inar insíodh na scéalta seo an chéad lá riamh? Más amhlaidh, rachaidh an cúrsa úrnua seo go mór chun sochair duit.

Is bunchúrsa 10 seachtaine é seo a thabharfaidh blaiseadh den bhéaloideas agus den Ghaeilge don fhoghlaimeoir. Pléifear logainmneacha na hÉireann agus féilte na nGael le linn an chúrsa. Cuirfear i láthair seanchas, piseoga agus nósanna na nGael a bhaineann leis an bpósadh, leis an teach, leis an aimsir, le leigheasanna, le bia agus raon ábhar eile. Múinfear an Ghaeilge i gcomhthéacs na dtopaicí seo. Beidh an chaint laethúil agus nathanna cainte bainteach leis na topaicí mar chuid den fhoghlaim seo.

Cad atá san áireamh leis an gcúrsa seo?

  • 20 uair an chloig de ranganna beo ar líne
  • Lámhleabhar digiteach atá lán le hábhar foghlama ar ardchaighdeán

Cé dó an cúrsa seo?
Tá an cúrsa oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil cur amach acu ar an nGaeilge cheana féin, glantosaitheoirí san áireamh. Tá sé dírithe orthu siúd a bhfuil spéis acu níos mó eolais a fháil ar bhéaloideas na hÉireann agus ar mhaith leo blaiseadh a fháil ar an nGaeilge freisin. Is féidir leo cúrsa iomlán Gaeilge a dhéanamh le Gaelchultúr ina dhiaidh más mian leo.

Torthaí Foghlama
Seo thíos na torthaí foghlama a bheidh i gceist i gcás na mac léinn a n-éireoidh leo an clár a chríochnú go sásúil:

  • Cuirfidh tú le d’eolas ar bhéaloideas na hÉireann agus an ghaol atá aige leis an teanga agus le hÉirinn an lae inniu.
  • Cuirfidh tú le d’eolas ar oidhreacht agus ar chultúr na hÉireann.
  • Foghlaimeoidh tú bunscileanna Gaeilge. Beidh tú ábalta labhairt go bunúsach fút féin agus beidh nathanna cainte ar nós piseoga atá bainteach le topaicí an chúrsa ar do thoil agat.

Cur Chuige Foghlama
Mairfidh an cúrsa seo deich seachtaine agus beidh rang dhá uair an chloig i gceist gach seachtain. Reáchtálfar an cúrsa go hiomlán ar líne. Bainfear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbeidh deis agat páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach.

Údar an chúrsa
Is í Réaltán Ní Leannáin a d’fhorbair an cúrsa seo agus a dhéanfaidh é a theagasc. Ba léachtóir san oideachas í Réaltán le blianta fada atá anois ag teagasc agus ag scríobh go cruthaitheach, agus gradaim bainte amach aici sa dá earnáil sin.

Cuir an cúrsa in áirithe

10 Seachtaine
|
20 Uair
|
|
€249.00

Bonnleibhéal 1 (A1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla focal nó frása. Níl an rang seo oiriúnach dóibh siúd a d’fhreastail ar bhunrang eile le déanaí nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gcomhráite bunúsacha laethúla, labhairt fúthu féin agus a gcúlra, an obair atá ar bun acu, etc.

Leibhéil Am Dáta tosaigh

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ríomhaire glúine nó deisce de dhíth ort, ceangal réasúnta leathanbhanda agus gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir).
Cuirfear cuireadh chuig gach rang chugat ar an ríomhphost timpeall 20 nóiméad roimh thús an ranga sin. Tiocfaidh an teachtaireacht seo ó Zoom – sin an t-ardán físchomhdhála a bheidh in úsáid leis na ranganna a sholáthar.
Beidh, cinnte. Tabharfar deis do gach foghlaimeoir tástáil theicniúil a dhéanamh sula dtosóidh an cúrsa agus déanfar aon fhadhbanna teicniúla a bheidh aige/aici a réiteach le linn na tástála sin. Ní gá duitse é seo a shocrú – beimidne i dteagmháil leat maidir leis an tástáil tar éis duit clárú don chúrsa.
Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht nduine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.