Cúrsaí Gaeilge ar líne: Meiriceá/Ceanada (EST)
Cur síos
An bhfuil cónaí ort i Meiriceá Thuaidh agus spéis agat snas a chur ar do chuid Gaeilge nó tús a chur le d'aistear foghlama i rang spraíúil, idirghníomhach? Tapaigh an deis agus cláraigh ar chúrsa Gaeilge ar líne sa tráthnóna (EST) le Gaelchultúr.
Cé air a bhfuil siad dírithe?
Gach cineál foghlaimeora! Tá ár gcúrsaí Gaeilge ar líne ar fáil ag 4 leibhéal éagsúla agus freastalaíonn siad ar ghlantosaitheoirí (A1) agus na leibhéil ar fad chomh fada leis an meánleibhéal (B2).Cén fhad atá na cúrsaí Gaeilge ar líne?
• 10 seachtaine• Rang 2 uair an chloig ar líne, uair sa tseachtain
Cad a fhoghlaimeoidh mé?
Forbróidh tú scileanna teanga riachtanacha bunaithe ar an gcaint laethúil le linn an chúrsa. Cuirfidh tú le do stór focal, foghlaimeoidh tú míreanna gramadaí i gcomhthéacs agus cuirfidh tú le do líofacht agus le do mhuinín i labhairt na Gaeilge. Dírítear ar scileanna cainte agus éisteachta ach bíonn cleachtaí scríbhneoireachta agus léitheoireachta mar chuid den fhoghlaim freisin.Cad iad na topaicí a chlúdófar?
Cé go mbíonn éagsúlacht idir na leibhéil éagsúla, seo blaiseadh de na topaicí a chlúdaítear sna ranganna:• Cúlra & Áit Chónaithe
• An Saol Laethúil
• Laethanta Saoire agus Taisteal
• An Saol Oibre
• Cúrsaí Oideachais
• Bia agus Deoch
• Na Meáin Chumarsáide
• An Litríocht
Cad ar féidir liom a bheith ag súil leis?
• 20 uair an chloig de ranganna ar líne• Saineolaí teanga
• Leabhrán digiteach a bhfuil ábhar iomlán an chúrsa ann
• Rochtain ar chúrsa ríomhfhoghlama ar ranganna.com
• Ranganna bríomhara idirghníomhacha a dhíríonn ar an teanga laethúil
• Obair bheirte agus obair ghrúpa
Céard eile atá uaim?
Bíonn na ranganna ar siúl ar Zoom agus seolfar an nasc cuí agus an leabhrán chugat trí ríomhphost roimh an gcéad rang. Níl ort ach logáil isteach agus is féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim gan stró cibé cá bhfuil tú lonnaithe. Is féidir leat tabhairt faoin leibhéal céanna faoi thrí (san earrach, sa samhradh agus san fhómhar) agus beidh fáil agat ar ábhar foghlama nua gach uair. Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal is oiriúnaí duit, bain triail as ár dtástáil ghairid ar líne.Cuir an cúrsa in áirithe
Bonnleibhéal 1 (A1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla focal nó frása. Níl an rang seo oiriúnach dóibh siúd a d’fhreastail ar bhunrang eile le déanaí nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gcomhráite bunúsacha laethúla, labhairt fúthu féin agus a gcúlra, an obair atá ar bun acu, etc.
Bonnleibhéal 2 (A2) Tá an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine a d’fhreastail ar rang ag an mbunleibhéal cheana féin nó atá ábalta cumarsáid bhunúsach a dhéanamh sa Ghaeilge (beannú do dhaoine agus iad féin a chur in aithne, mar shampla). Ag tús an chúrsa, déantar athchleachtadh ar nithe a mhúintear sa bhunrang ach bogtar ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig topaicí nua nach bpléitear leo ag an leibhéal níos isle. Bíonn an bhéim sa chúrsa seo chomh maith ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus, arís, déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs de ghnáth.
Meánleibhéal 1 (B1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, b’fhéidir roinnt mhaith blianta ó shin, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu ar í a úsáid le blianta beaga anuas. Múintear nithe bunúsacha ag tús an chúrsa ach leanann an rang ar aghaidh níos tapa ansin ná mar a dhéanfadh rang ag leibhéal níos ísle. Bíonn an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach bíonn deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh ó am go chéile freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.
Meánleibhéal 2 (B2) Feiliúnach do dhaoine atá breá ábalta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge agus a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta, mar shampla. Bíonn seans ag na rannpháirithe cur lena stór focal agus lena n-eolas ar ghramadach na teanga. Déantar plé ar thopaicí níos casta ná na cinn a bhíonn i gceist i Meánrang 1 agus bíonn níos mó béime ar an léitheoireacht ná mar a bhíonn sa leibhéal níos ísle sin.
Spás ar fáil
20 Eanáir 2025 Cláraigh anoisSpás ar fáil
20 Eanáir 2025 Cláraigh anoisSpás ar fáil
21 Eanáir 2025 Cláraigh anoisSpás ar fáil
21 Eanáir 2025 Cláraigh anoisÁr gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó, ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
- Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
- Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas
Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce