Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge

Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge
€450.00
Ó 27 Aibreán 2024
4 Sheisiún
Cruinneas
Ar líne

Cur síos

An bhfuil ardscileanna teanga agat ach an mbíonn deacrachtaí agat rialacha gramadaí a chur i bhfeidhm go cruinn i do chuid Gaeilge scríofa? Más amhlaidh atá, rachaidh an Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge go mór chun sochair duit! Dírítear sa Dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Cuirfear béim chomh maith ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge.

Seo iad dátaí ranganna an chéad chúrsa eile:

Dé Sathairn, 27 Aibreán 2024

Dé Sathairn, 25 Bealtaine 2024

Dé Sathairn, 22 Meitheamh 2024

Dé Sathairn, 20 Iúil 2024

Scrúdú Ceann Cúrsa (Roghnach): Dé Sathairn 27 Iúil 2024

Cé dóibh an cúrsa seo?

Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge – múinteoirí, iriseoirí, státseirbhísigh agus aistritheoirí ina measc – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge.

Bíonn meascán den staidéar neamhspleách agus de ranganna beo ar líne i gceist leis. Bíonn measúnú leanúnach mar chuid lárnach den chúrsa agus cuirtear aiseolas cuimsitheach, cabhrach ar fáil do na mic léinn, rud a chuireann go mór le cumas na rannpháirtithe cruinneas teanga a bhaint amach.

Gheobhaidh rannpháirtithe an chúrsa rochtain ar ranganna.com agus beidh deis acu ceachtanna idirghníomhacha a dhéanamh ar an suíomh sin agus aiseolas a fháil láithreach. Lena chois sin, beidh físeáin ar fáil ar an suíomh ríomhfhoghlama le súil siar a dhéanamh ar cheachtanna na ranganna beo ar líne.

Cúrsa páirtaimseartha atá an sa Dianchúrsa agus tá teagascóirí den scoth ina bhun. Tá sé oiriúnach dóibh siúd a n-éireoidh leo ar a laghad 80% a bhaint amach i dTriail Ghaeilge ar Líne Ghaelchultúir.

Cláraigh inniu le tús a chur le d’aistear cruinnis agus tapaigh an deis seo do chuid scileanna gramadaí a shaibhriú le coláiste tríú leibhéal!

Cuir an cúrsa in áirithe

4 Sheisiún
|
|
Cruinneas
|
€450.00

Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge

Leibhéil Am Dáta tosaigh

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd a bhfuil ardscileanna teanga acu ach ar mian leo cruinneas sa Ghaeilge scríofa a bhaint amach. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge go laethúil – múinteoirí, iriseoirí, státseirbhísigh agus aistritheoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa. Tá sé feiliúnach freisin dóibh siúd ar spéis leo cur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge ach a dteastaíonn uathu snas a chur ar a gcuid gramadaí.
Tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a n-éireoidh leo ar a laghad 80% a ghnóthú i dTriail Ghaeilge ar Líne Ghaelchultúir.
Díreofar sa dianchúrsa ar chruinneas gramadaí, ar chúrsaí stíle agus ar an aistriúchán. Cuirfear béim chomh maith ar na háiseanna teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, cinn ar líne ina measc.
Cúrsa páirtaimseartha atá sa chúrsa seo a mhaireann ceithre mhí. Cuirfear na ranganna ar siúl Satharn amháin gach mí, 10.00am-4.00pm.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.