Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán

Cur síos

Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu cheana féin ach ar mhaith leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur lena scileanna sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge go laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa sa teanga.

Torthaí foghlama

Seo thíos na torthaí foghlama a bheidh i gceist i gcás na mac léinn a n-éireoidh leo an clár a chríochnú go sásúil:

  • Beidh eolas cuimsitheach acu ar ghramadach na Gaeilge agus beidh ardscileanna scríofa acu sa teanga.
  • Beidh siad in ann réimse téacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge agus beidh saineolas acu maidir le téacsanna dlí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
  • Beidh siad in ann a gcuid téacsanna féin agus téacsanna daoine eile a athbhreithniú.
  • Beidh cur amach acu ar réimse leathan áiseanna teicneolaíochta úsáideacha a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an aistriúchán, agus beidh siad in ann leas éifeachtach a bhaint astu.
  • Beidh tuiscint acu ar theoiric an aistriúcháin.
  • Beidh léargas faighte acu ar ghairm an aistritheora agus beidh tuiscint acu ar ghnéithe praiticiúla den obair sin.
  • Beidh siad in ann réimse teicnící taighde agus fiosraithe a úsáid.
  • Beidh siad in ann gníomhú go gairmiúil i réimse leathan ról in earnáil an aistriúcháin agus in earnáil na Gaeilge.

Fad agus struchtúr ginearálta an chúrsa

Dáta tosaigh 13 Meán Fómhair 2024
|
3 sheimeastar
|
15 Mhí
|
Leibhéal 9 NFQ

Maireann an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán trí sheimeastar nó cúig mhí dhéag ar fad. Cuirtear tús leis i lár mhí Mheán Fómhair agus tagann deireadh leis i mí na Nollag an bhliain dár gcionn. Tá an clár ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (www.nfq.ie) agus is fiú 60 creidiúint ECTS é. Reáchtálfar cúrsa 2024–2025 go hiomlán ar líne, na scrúduithe deireadh seimeastair san áireamh. Beidh seisiún teagaisc ar siúl tráthnóna Dé hAoine agus ar an Satharn uair sa mhí – seo a leanas an clár ama a bheidh i gceist i gcás na seisiún sin:

  • Dé hAoine: 7.00–9.00pm
  • Dé Sathairn: 10.00am–12.00pm agus 1.00–3.00pm

  • Bíonn an fhoghlaim chumaisc i gceist sa chúrsa, is é sin, meascán den staidéar ar líne agus de léachtaí/ranganna beo ar líne.

    Obair an chúrsa

    Bíonn fáil ag na mic léinn ar chúrsaí idirghníomhacha ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus bíonn siad in ann úsáid a bhaint as an ábhar seo agus iad ag ullmhú do na seisiúin teagaisc. Bíonn sé úsáideach dóibh freisin agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar obair an chúrsa. Tugtar tascanna scríofa le déanamh do na mic léinn go rialta agus bíonn orthu na ceachtanna seo a sheoladh ar an ríomhphost chuig a dteagascóir. Cuirtear aiseolas mion ar fáil dóibh ar an ríomhphost. Bíonn roinnt ranganna beo ar líne i gceist i ngach seimeastar freisin agus is san oíche a bhíonn na ranganna seo ar siúl. Tugtar níos mó eolais do na mic léinn faoi na seisiúin bheo ar líne, agus faoi gach gné d’obair an chúrsa, i dtreoirleabhar a thugtar dóibh ag tús an chéad seimeastair. Bíonn eolas sa treoirleabhar freisin maidir leis na tionscadail a bhíonn le déanamh ag na mic léinn.

    Modúil an chúrsa

    Dírítear sna modúil seo ar na gnéithe is tábhachtaí agus is lárnaí de ghramadach na Gaeilge. Féachtar le cumas Gaeilge na rannpháirtithe a fheabhsú trí réimse cleachtaí gramadaí a thabhairt le déanamh dóibh ina ndírítear ar phointí deacrachta sa teanga. Cuirtear béim láidir ar shaibhreas na Gaeilge agus ar an tábhacht a bhaineann le béarlachas a sheachaint. Dírítear ar chúrsaí poncaíochta agus ar chúrsaí eagarthóireachta chomh maith agus tugtar eolas do na mic léinn mar gheall ar na hacmhainní teicneolaíochta atá ar fáil dóibhsean a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.

    Is é aidhm an mhodúil seo cumas aistriúcháin na mac léinn a fhorbairt agus a fheabhsú. Cuirtear ar chumas na mac léinn déileáil go criticiúil anailíseach le fadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla-Gaeilge, e.g. béarlagair, réim, bearnaí séimeantacha agus difríochtaí comhréire idir an dá theanga. Cuirtear béim ar an mbéarlachas agus conas é a sheachaint, agus pléitear na dúshláin a bhaineann le nuathéarmaíocht na Gaeilge agus aistriú coincheap ó Bhéarla go Gaeilge. Cuirtear béim faoi leith ar intuigtheacht agus ar an tábhacht a bhaineann leis an bpobal ar a bhfuil téacs dírithe a chur san áireamh agus aistriúchán á dhéanamh. Dírítear go príomha ar na cineálacha téacsanna is mó a aistrítear go Gaeilge i gcomhthéacsanna gairmiúla – tuarascálacha bliantúla agus scripteanna teilifíse, cuir i gcás – ach bíonn deis ag na mic léinn triail a bhaint as réimse leathan téacsanna eile a aistriú freisin, téacsanna liteartha ina measc.

    Sa mhodúl Teoiric an Aistriúcháin 1, scrúdaítear príomhghnéithe theoiricí comhaimseartha an aistriúcháin agus pléitear na cineálacha éagsúla aistriúcháin a oireann do sheánraí éagsúla téacsanna. Dírítear ar an gcritic aistriúcháin freisin chun tuiscint níos fearr a thabhairt do na mic léinn ar cad is ‘aistriúchán maith’ nó ‘drochaistriúchán’ ann. Tógtar ar ábhar an mhodúil thuas in Teoiric an Aistriúcháin 2, agus déanann na mic léinn tuilleadh staidéir ar an gcritic aistriúcháin agus ar theoiricí an aistriúcháin. Bíonn orthu anailís chriticiúil a dhéanamh ar chineálacha éagsúla téacsanna aistrithe i bhfianaise na dteoiricí sin féachaint cé chomh maith leo mar aistriúcháin agus mar théacsanna sprioctheanga. Baineann na mic léinn úsáid as ábhar an dá mhodúl thuas chun tabhairt faoi thionscadal taighde – aiste chritice ar shaothair liteartha a aistríodh ó Bhéarla go Gaeilge.

    Is é aidhm an mhodúil seo na mic léinn a chur ar an eolas faoin aistriúchán dlíthiúil in Éirinn agus in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Díreofar ar na deacrachtaí a bhaineann le téacsanna den chineál seo a aistriú, ar chúrsaí réime agus stíle, ar cheisteanna bunreachtúla, ar fhasaigh, ar chinntí maidir le téarmaíocht agus ar intuigtheacht.

    Is é aidhm an mhodúil roghnaigh seo na mic léinn a chur ar an eolas mar gheall ar chuimhní aistriúcháin agus ar an úsáid a bhaintear astu in earnáil an aistriúcháin. Múinfear do na mic léinn conas úsáid éifeachtach a bhaint as bunachair théarmaíochta agus as bogearraí éagsúla a chuirfidh go mór le luas agus le caighdeán a gcuid oibre. Cuirfear béim faoi leith sa mhodúl seo ar Phrase, córas bainistíochta aistriúcháin néalbhunaithe agus uirlis aistriúcháin ríomhchuidithe. (Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Phrase as rochtain saor in aisce a thabhairt dúinn ar a n-ardán tríd an Phrase Academic Plan.) Freastalóidh na mic léinn ar dhá cheardlann lae ar líne, a bheidh ar siúl i mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2024 (dátaí le socrú).

    Riachtanais Iontrála

    Ní mór dóibh siúd a chuirfidh iarratas isteach ar an gcúrsa:

    Bunchéim

    Bunchéim sa Ghaeilge a bheith acu, nó a comhionann (e.g. B.Ed.), ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó bunchéim a bheith acu i ndisciplín eile ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

    Caighdeán Béarla

    Ar a laghad grád B (gnáthleibhéal) nó grád D (ardleibhéal) sa Bhéarla ag leibhéal na hArdteistiméireachta nó a chomhionann.

    Nóta: Beidh ar iarratasóirí a n-éireoidh leo áit a bhaint amach ar an gcúrsa seo tras-scríbhinn dá gcuid torthaí sa bhunchéim a chur ar fáil.

    Cinneadh maidir le háiteanna

    Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na hiarratasóirí a mbronnfar áit ar an gcúrsa orthu:

    • cáilíochtaí acadúla
    • freagraí ar an bhfoirm iarratais
    • toradh sa scrúdú iontrála
    • toradh san agallamh má bhíonn a leithéid i gceist.

    Spriocdháta d’iarratais

    Déardaoin, 27 Meitheamh 2024

    Dé Luain, 19 Lúnasa 2024

    Táillí teagaisc

    €1,495 / in aghaidh an tseimeastair

    Tá faoiseamh cánach le fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim (www.revenue.ie) in i gcás táillí dá leithéid.

    Scrúdú iontrála

    Beidh ar gach iarratasóir tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a oiriúnacht don chlár a léiriú. Beidh idir aistriúchán agus ghramadach i gceist sa scrúdú scríofa seo agus beidh rogha idir dhá dháta éagsúla acusan ar mian leo é a dhéanamh:

    Dé Sathairn, 13 Iúil 2024

    2.00pm agus 4.00pm

    Dé Sathairn, 24 Lúnasa 2024

    2.00pm agus 4.00pm
    Nóta: Ní gá dóibhsean ar éirigh leo pas a fháil i scrúdú ceann cúrsa an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge an scrúdú iontrála seo a dhéanamh. Más mian leo marc níos airde a bhaint amach ná mar a fuair siad sa scrúdú ceann cúrsa, áfach, beidh fáilte rompu an scrúdú iontrála a dhéanamh.

    Treoir maidir leis an scrúdú iontrála

    • 1
      Beidh deis ag iarratasóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála an chúrsa idir 2.00pm agus 4.00pm ar na dátaí seo a leanas: Dé Sathairn, 13 Iúil 2024 nó Dé Sathairn, 24 Lúnasa 2024.
    • 2
      Ar Zoom a bheidh an dá scrúdú iontrála ar siúl. Cuirfear treoir theicniúil chuig na hiarrthóirí roimh ré agus eolas maidir le logáil isteach don scrúdú.
    • 3
      Ní mór logáil isteach ar Zoom ar a laghad ceathrú uaire roimh thús an scrúdaithe.
    • 4
      Ní bheidh cead ag iarrthóirí ríomhaire ná leabhar/áis tagartha de chineál ar bith a úsáid le linn an scrúdaithe.
    • 5
      Beidh ar iarrthóirí a gcuid freagraí a chlóscríobh i gcomhad a sheolfar chucu roimh an scrúdú.
    • 6
      Má bhíonn siad críochnaithe go luath leis an scrúdú, beidh siad in ann an comhad ina mbeidh a gcuid freagraí a sheoladh chuig dianchursa@gaelchultur.com agus an scrúdú a fhágáil.
    • 7
      Tá páipéir scrúdaithe shamplacha le fáil thíos. Beidh na cinn a úsáidfear i mbliana mórán mar an gcéanna.
    • 8
      Nuair a bheidh scrúdú samplach déanta agat, déan comparáid idir do chuid freagraíse agus na freagraí samplacha atá curtha ar fáil (cliceáil ar an nasc cuí chun iad sin a fheiceáil).

    Ceisteanna an scrúdaithe iontrála

    Ceist Cur Síos Am*
    40 marc Beidh deich n-abairt le haistriú ó Bhéarla go Gaeilge. 50 nóim
    Ceist 2 20 marc Beidh na focail idir lúibíní le hathrú, más gá. Díreofar ar ghnéithe éagsúla den ghramadach sa cheist seo. 20 nóim
    Ceist 3 20 marc Beidh na focail idir lúibíní le hathrú, más gá. An t-ainmfhocal agus an aidiacht nó ainmfhocal agus ainmfhocal san ainmneach uatha agus san ainmneach iolra a bheidh i gceist. 20 nóim
    Ceist 4 10 marc Díreofar ar na gnéithe seo a leanas den ghramadach:
    • réamhfhocail shimplí
    • bunuimhreacha + ainmfhocail
    • clásal coibhneasta díreach agus indíreach
    • uimhreacha pearsanta
    • forainmneacha réamhfhoclacha
    10 nóim
    Ceist 5 10 marc Díreofar ar fhoirm an ainmnigh in áit an ghinidigh sa cheist seo. 10 nóim

    *  Comhairle maidir le roinnt an ama sa scrúdú. An páipéar a léamh: 10 nóiméad

    Scrúdú iontrála: páipéir shamplacha

    Tá páipéar scrúdaithe samplach 1 le fáil ach cliceáil anseo.

    Freagraí ar na ceisteanna

    Tá páipéar scrúdaithe samplach 2 le fáil ach cliceáil anseo.

    Freagraí ar na ceisteanna

    Iarratas a chur isteach

    Tá dhá shlí éagsúla ann chun iarratas a dhéanamh ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán:

    Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais seo thíos (Word) agus seol chuig Gaelchultúr í faoin spriocdháta.

    Comhlánaigh leagan ar líne den fhoirm iarratais anseo faoin spriocdháta.

    Scoláireacht

    I mbliana arís cuirfear scoláireacht (is é sin, an cúrsa saor ó tháillí) ar fáil do dhuine amháin de na mic léinn a bhainfidh áit amach ar an gcúrsa. Iarrtar orthusan a bhfuil suim acu cur isteach ar an scoláireacht an fhoirm chuí a chomhlánú agus í a sheoladh isteach le foirm iarratais an chúrsa.

    Tá an fhoirm don scoláireacht le fáil anseo. Ba cheart an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig eolas@gaelchultur.com nó leagan ar líne den fhoirm iarratais a chur isteach faoi 5pm ar an 1 Meán Fómhair 2024.

    Cuir isteach ar an scoláireacht

    Dátaí Tábhachtacha

    Seisiúin eolais maidir leis an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán
    • 12.00–1.00pm
      Dé Sathairn, 13 Aibreán 2024
    • 6.00–7.00pm
      Dé Máirt, 6 Lúnasa 2024
    • 12.00–1.00pm
      Dé Sathairn, 10 Lúnasa 2024
    Spriocdháta d’iarratais
    • Déardaoin, 27 Meitheamh 2024 (Babhta 1)
    • Dé Luain, 19 Lúnasa 2024 (Babhta 2)
    Scrúdú Iontrála
    • 2.00–4.00pm
      Dé Sathairn, 13 Iúil 2024 (Babhta 1)
    • 2.00–4.00pm
      Dé Sathairn, 24 Lúnasa 2024 (Babhta 2)
    Ionad:Ar Líne
    Tairiscintí á seoladh chuig iarratasóirí ar an ríomhphost
    • Déardaoin, 18 Iúil 2024 (Babhta 1)
    • Thursday, 29 Lúnasa 2024 (Babhta 2)
    Tús an chúrsa
    • 7.00pm, Dé hAoine, 13 Meán Fómhair 2024
    Ionad: Ar Líne
    Bróisiúr an chúrsa

    Ceisteanna Coitianta

    Ní mór dóibh siúd a chuireann iarratas isteach ar an gcúrsa: (1) bunchéim sa Ghaeilge a bheith acu, nó a comhionann (e.g., B.Ed.), ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. nó bunchéim a bheith acu i ndisciplín eile ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. (2) Ar a laghad grád B (gnáthleibhéal) nó grád D (ardleibhéal) sa Bhéarla ag leibhéal na hArdteistiméireachta nó a chomhionann. Nóta: Bíonn ar iarratasóirí a n-éiríonn leo áit a bhaint amach ar an gcúrsa seo tras-scríbhinn dá gcuid torthaí sa bhunchéim a chur ar fáil. Chomh maith leis sin, bíonn ar gach iarratasóir tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a oiriúnacht don chlár a léiriú.
    Ní hea. Tugann go leor daoine nach bhfuil bunchéim sa Ghaeilge acu faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán. A fhad is go bhfuil cáilíocht agat atá ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí i ndisciplín éigin agus ardchaighdeán Gaeilge scríofa agat, beidh tú in ann cur isteach ar an DISA. Bíonn ar gach iarrthóir pas a fháil sa scrúdú iontrála, áfach, chun a chaighdeán Gaeilge a léiriú.
    Mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm sa tír ó bhí Márta 2020 ann, ar Zoom atáthar tar éis na scrúduithe iontrála a reáchtáil agus beidh an scéal amhlaidh go dtí go dtiocfaidh maolú breise ar na srianta sin. Nuair a bhíonn an scrúdú ar siúl ar Zoom, seoltar an páipéar scrúdaithe chuig na hiarrthóirí i gcomhad díreach roimh an am tosaithe agus déanann siad a gcuid freagraí a chlóscríobh sa chomhad sin.
    Is féidir. Má thugann tú faoin scrúdú iontrála den chéad uair i mí Iúil agus más mian leat tabhairt faoi arís i mí Lúnasa chun marc níos airde a ghnóthú, tá cead agat é sin a dhéanamh.
    Is é 60% an pasmharc sa scrúdú iontrála. Is féidir teacht ar pháipéir shamplacha anseo.
    Is féidir leat na páipéir scrúdaithe shamplacha atá ag an nasc seo a dhéanamh. Nuair a bheidh na páipéir scrúdaithe shamplacha déanta agat, ba chóir duit féachaint ar na freagraí samplacha atá curtha ar fáil. Lena chois sin, b’fhiú go mór duit féachaint ar na haonaid sa leabhar Gramadach gan Stró! a bhaineann leis na gnéithe seo a leanas den ghramadach: • réamhfhocail shimplí • bunuimhreacha + ainmfhocail • clásal coibhneasta díreach agus indíreach • uimhreacha pearsanta • forainmneacha réamhfhoclacha • foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh.
    Is minic a mholann Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr d’iarrthóirí nach bhfuil tar éis an Ghaeilge a scríobh le fada ná nach bhfuil tar éis staidéar a dhéanamh ar an teanga sa tríú leibhéal an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a dhéanamh. Maireann an cúrsa páirtaimseartha seo ceithre mhí agus is féidir leosan a fhreastalaíonn air scrúdú ceann cúrsa a dhéanamh ag a dheireadh. (Glactar leis an scrúdú seo mar scrúdú iontrála an Dioplóma.) Má tá caighdeán maith agatsa sa Ghaeilge scríofa, áfach, ní gá duit an Dianchúrsa a dhéanamh.
    Ní gá. Ach uaireanta, tugtar cuireadh d’iarrthóirí a fhaigheann pas ar éigean sa scrúdú iontrála freastal ar agallamh chun a n-oiriúnacht don chúrsa a léiriú.
    Tá an cúrsa seo níos giorra ná máistreacht sa Ghaeilge. Cé go bhfuil an Dioplóma Iarchéime agus máistreacht sa Ghaeilge ag an leibhéal céanna ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, is é sin, leibhéal 9, is fiú 60 creidiúint ECTS é an DISA agus is fiú 90 creidiúint ECTS é máistreacht sa Ghaeilge. Ní gá do mhic léinn an DISA miontráchtas a scríobh ag deireadh an chúrsa seo, áfach. Is fíorannamh a bhíonn máistreacht sa Ghaeilge ag teastáil chun cur isteach ar phost. Dírítear ar an gcaighdeán Gaeilge atá ag iarrthóirí de ghnáth agus éiríonn le mic léinn an DISA ardchaighdeán a bhaint amach. Tá an cúrsa seo an-phraiticiúil agus múintear nithe fíorúsáideacha lena linn agus tá céimithe de chuid an DISA tar éis fostaíocht a bhaint amach in go leor áiteanna éagsúla, institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh san áireamh.
    Is fiú go mór duit an cúrsa seo a dhéanamh, fiú mura bhfuil spéis agat a bheith i d’aistritheoir gairmiúil de bhrí go gcuirtear béim sa chlár ar chruinneas gramadaí agus ar Ghaeilge nádúrtha dhúchasach a scríobh. Déanann daoine as réimse leathan gairmeacha a bhíonn ag obair trí Ghaeilge go laethúil an cúrsa seo – múinteoirí, iriseoirí, craoltóirí agus daoine atá ag obair san earnáil phoiblí cuir i gcás – agus tá go leor céimithe de chuid an DISA tar éis ardú céime nó post níos fearr a fháil sna hearnálacha seo.
    Níl. Níl an bhéim ar an teanga labhartha sa chúrsa seo ná ar aon chanúint ar leith. Tá an bhéim sa Dioplóma ar an teanga scríofa, ar scileanna aistriúcháin agus ar chruinneas sa teanga scríofa.
    An difear is mó atá idir an cúrsa seo agus cúrsaí den chineál céanna atá á dtairiscint ag coláistí eile ná an méid aiseolais a thugtar do na mic léinn i gcás thascanna an mheasúnaithe leanúnaigh. Tugann léachtóirí Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir aiseolas an-chuimsitheach maidir leis na tascanna sin agus déanann gach botún gramadaí, litrithe agus stíle a cheartú. Is minic a deir mic léinn an chúrsa gurb é an t-aiseolas seo an ghné is luachmhaire den chúrsa.
    Bíonn na ranganna ar fad ar siúl ar Zoom. Chun páirt a ghlacadh iontu, ní bheidh ag teastáil uait ach ríomhaire glúine nó deisce, gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de agus ceangal réasúnta leathanbhanda.
    Ní hea. Cé go ndéantar na ranganna ar Zoom agus gur gá do na mic léinn ranganna.com, suíomh ríomhfhoghlama Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir, a úsáid chun staidéar neamhspleách a dhéanamh, cuirtear treoir theicniúil chuimsitheach maidir leis na suíomhanna seo ar fáil do mhic léinn ag tús an chúrsa. Bíonn baill foirne Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir sásta tástálacha teicniúla a dhéanamh le mic léinn le linn an chúrsa má shíleann siad go bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu leis an teicneolaíocht.
    €1,495 in aghaidh an tseimeastair an táille a bheidh le híoc ag rannpháirtithe an chúrsa (€4,485 san iomlán). Tá faoiseamh cánach le fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim (www.revenue.ie) i gcás táillí dá leithéid.
    Ó bhí tús na paindéime ann, ar Zoom atáthar tar éis scrúduithe an chúrsa a reáchtáil – déanfar athbhreithniú ar an socrú seo de réir mar thiocfaidh maolú ar na srianta atá i bhfeidhm sa tír. I gcás na scrúduithe ar líne, ní bhíonn cead ag iarrthóirí ríomhaire ná leabhar/áis tagartha de chineál ar bith a úsáid. Seoltar gach scrúdú chucu ar an ríomhphost ceathrú uaire roimh an am tosaithe agus iarrtar orthu a gcuid freagraí a chlóscríobh sa chomhad ina mbíonn an páipéar scrúdaithe.
    Tá dhá shlí éagsúla ann chun iarratas a dhéanamh ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán: (1) An fhoirm iarratais atá le fáil anseo a íoslódáil, a chomhlánú agus a sheoladh chuig eolas@gaelchultur.com faoin spriocdháta. (2) An leagan ar líne den fhoirm iarratais a chomhlánú faoin spriocdháta.
    Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil i gcónaí dóibhsean a n-éiríonn leo caighdeán ard a bhaint amach sa Ghaeilge, go háirithe sa teanga scríofa. Tá céimithe de chuid an DISA tar éis fostaíocht a bhaint amach in áiteanna éagsúla (e.g., institiúidí de chuid an AE) agus tá roinnt daoine tar éis comhlachtaí aistriúcháin a bhunú. Tá céimithe eile i ndiaidh ardú céime nó post níos fearr a fháil.

    Téarmaí agus Coinníollacha

    • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
    • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
    • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
    • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
    • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
    • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
    • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
    • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.