
Cúrsa Gaeilge do Chomhairleoirí Tofa

Cur síos
Is cúrsa cúig seachtaine é an Cúrsa Gaeilge do Chomhairleoirí Tofa de chuid Ghaelchultúir a forbraíodh chun cur ar chumas comhairleoirí cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an bpobal agus lena gcomhghleacaithe trí mheán na Gaeilge. Glacfaidh foghlaimeoirí páirt i ranganna seachtainiúla uair an chloig, faoi stiúir saineolaí Gaeilge, ina bhfoghlaimeoidh siad sainscileanna teanga a bhaineann le ról an chomhairleora chun tacú leo a ndualgais a chomhlíonadh trí Ghaeilge go muiníneach.
Mar chuid den chúrsa, tabharfar rochtain 3 mhí d’fhoghlaimeoirí ar acmhainn foghlama ar ranganna.com, suíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir. Tugann an acmhainn seo deis d’fhoghlaimeoirí staidéar breise a dhéanamh trí éisteacht siar leis an méid a chlúdaítear sa rang agus beidh fáil acu ar ábhar úsáideach breise mar fhrásaí agus téarmaíocht a bhaineann go dlúth le hobair na comhairle. Bíonn cleachtaí idirghníomhacha le déanamh freisin a thacaíonn leo an méid atá foghlamtha acu a threisiú. Cinntítear leis an meascán seo de theagasc beo agus staidéar neamhspleách go mbeidh comhairleoirí níos muiníní agus iad ag plé lena dtoghthóirí trí mheán na Gaeilge agus tacóidh sé leo a ndualgais faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021 a chomhlíonadh.Torthaí Foghlama
Seo thíos na torthaí foghlama a bheidh i gceist dóibh siúd a n-éiríonn leo an cúrsa a chur i gcrích go rathúil:- Beidh siad in ann abairtí simplí cruinne a chur le chéile i gcumarsáid laethúil le comhghleacaithe agus leis an bpobal.
- Beidh siad in ann frásaí cuí agus abairtí simplí agus cruinne a chur le chéile do ríomhphoist oibre.
- Beidh siad in ann frásaí cuí a úsáid i gcruinnithe agus in óráidí.
- Beidh siad in ann stór focal agus frásaí a bhaineann le hobair na comhairle a thuiscint agus a úsáid.
- Beidh eolas acu ar acmhainní Gaeilge úsáideacha.
Ábhar an chúrsa
Clúdaítear na topaicí agus na gnéithe teanga seo a leanas le linn an chúrsa:- Tú féin agus daoine eile a chur in aithne
- Labhairt faoi d’áit chónaithe agus logainmneacha na hÉireann
- Tagairt a dhéanamh de dhátaí, míonna agus blianta
- Labhairt faoin am atá thart
- Labhairt faoi phleananna sa todhchaí
- Stór focal a bhaineann le comhairlí, páirtithe polaitíochta agus toghcheantair
- Frásaí úsáideacha do chomhthéacsanna éagsúla mar chruinnithe, ríomhphoist agus óráidí poiblí
- Suíomhanna gréasáin úsáideacha agus conas iad a úsáid
Struchtúr an Chúrsa
- Seisiún beo ar líne: Cúig rang uair an chloig gach seachtain atá spreagúil agus idirghníomhach ina dtugann foghlaimeoirí faoi rólghníomhaíochtaí agus cluichí teanga le muinín agus líofacht a chothú.
- Ábhar tacaíochta ríomhfhoghlama: Rochtain 3 mhí ar acmhainn ar Ranganna.com (suíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir), ina bhfuil comhaid fuaime d’ábhar uile an chúrsa agus ábhar breise. Tugann an acmhainn seo deis d’fhoghlaimeoirí dul siar ar an ábhar agus cleachtadh a dhéanamh ar fhoghraíocht ar a luas féin.
- Cúrsa Ríomhfhoghlama Féinstiúrtha: Rochtain 3 mhí saor in aisce ar Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, clár cuimsitheach féinstaidéir ar luach €45, ionas gur féidir leo leanúint lena scileanna Gaeilge a fhorbairt go neamhspleách tar éis an chúrsa.
Cuir an cúrsa in áirithe
Bonnleibhéal go Meánleibhéal
Ár gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
- Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
- Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí – Cúrsa Leathlae
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
