
Cúrsaí Gaeilge auf Deutsch ar líne

Cur síos
Is cúis mhór áthais é do Ghaelchultúr a bheith in ann cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a chur ar fáil beo ar líne agus auf Deutsch. Freastalóidh na rannpháirtithe ar rang dhá uair an chloig lá amháin sa tseachtain. Chun freastal ar na ranganna beo ar líne, ní bheidh ag teastáil ach gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir), ríomhaire glúine nó deisce agus ceangal réasúnta leathanbhanda. Seolfar leabhrán digiteach chuig na foghlaimeoirí roimh thús an chúrsa agus beidh siad ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Agus iad ag freastal ar an rang, beidh deis ag na foghlaimeoirí lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang chomh maith.
Cuir an cúrsa in áirithe
Bunrang 1 (A1) Deutsch Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla focal nó frása. Níl an rang seo oiriúnach dóibh siúd a d’fhreastail ar bhunrang eile le déanaí nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gcomhráite bunúsacha laethúla, labhairt fúthu féin agus a gcúlra, an obair atá ar bun acu, etc.
Bunrang 2 (A2) Deutsch Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla focal nó frása. Níl an rang seo oiriúnach dóibh siúd a d’fhreastail ar bhunrang eile le déanaí nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gcomhráite bunúsacha laethúla, labhairt fúthu féin agus a gcúlra, an obair atá ar bun acu, etc.
Ár gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
