Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair

Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair
€220.00
Ó 04 Meán Fómhair 2023
10 Seachtaine
20 Uair
5 Leibhéal

Cur síos

Ar mhaith leat an Ghaeilge a fhoghlaim i seomra ranga ina bhfuil atmaisféar spraíúil, idirghníomhach agus atá faoi stiúir ag múinteoir den scoth? Tá lúcháir ar Ghaelchultúr ár ndoirse a oscailt arís agus cuireadh a thabhairt d’fhoghlaimeoirí páirt a ghlacadh i gcúrsaí Gaeilge aghaidh ar aghaidh arís! Beidh na ranganna seo ar siúl in oifigí Ghaelchultúir, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2. Mairfidh na cúrsaí seo 10 seachtaine agus beidh rang dhá uair an chloig i gceist gach seachtain.

San áireamh leis an gcúrsa seo:

• 20 uair an chloig de ranganna ar an láthair le saineolaí teanga
• Rochtain ar chúrsa ríomhfhoghlama ar ranganna.com
• Lámhleabhar digiteach atá lán le hábhar foghlama ar ardchaighdeán

Bíonn gach cúrsa de chuid Ghaelchultúir á theagasc ag saineolaí teanga agus tá sé mar aidhm acu scileanna labhartha agus éisteachta an fhoghlaimeora a fhorbairt. Is eispéireas teanga idirghníomhach agus tumthach iad na ranganna ar an láthair seo, rud a thugann deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge nádúrtha a shealbhú agus caidreamh a chruthú le daoine eile a bhfuil an spéis chéanna acu i lár chathair Bhaile Átha Cliath.


Beidh uasmhéid de 18 bhfoghlaimeoir i ngach cúrsa, mar sin molaimid d’áit a chur in áirithe ar na cúrsaí seo ar an láthair gan mhoill.

An raibh a fhios agat go n-athraítear ábhar chúrsaí Ghaelchultúir gach téarma? Is féidir leat tabhairt faoin leibhéal céanna faoi thrí (san earrach, sa samhradh agus san fhómhar) agus beidh fáil agat ar ábhar foghlama nua gach uair!

Cuir an cúrsa in áirithe

10 Seachtaine
|
20 Uair
|
5 Leibhéal
|
€220.00

Bunrang 1 (A1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge nó nach bhfuil acu ach cúpla focal nó frása. Níl an rang seo oiriúnach dóibh siúd a d’fhreastail ar bhunrang eile le déanaí nó a rinne staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs den chuid is mó. Faoi dheireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe tar éis foghlaim an chaoi le páirt a ghlacadh i gcomhráite bunúsacha laethúla, labhairt fúthu féin agus a gcúlra, an obair atá ar bun acu, etc.

Bunrang 2 (A2) Tá an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine a d’fhreastail ar rang ag an mbunleibhéal cheana féin nó atá ábalta cumarsáid bhunúsach a dhéanamh sa Ghaeilge (beannú do dhaoine agus iad féin a chur in aithne, mar shampla). Ag tús an chúrsa, déantar athchleachtadh ar nithe a mhúintear sa bhunrang ach bogtar ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig topaicí nua nach bpléitear leo ag an leibhéal níos isle. Bíonn an bhéim sa chúrsa seo chomh maith ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta agus, arís, déantar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs de ghnáth.

Meánrang 1 (B1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, b’fhéidir roinnt mhaith blianta ó shin, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu ar í a úsáid le blianta beaga anuas. Múintear nithe bunúsacha ag tús an chúrsa ach leanann an rang ar aghaidh níos tapa ansin ná mar a dhéanfadh rang ag leibhéal níos ísle. Bíonn an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach bíonn deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh ó am go chéile freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Meánrang 2 (B2) Feiliúnach do dhaoine atá breá ábalta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge agus a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta, mar shampla. Bíonn seans ag na rannpháirithe cur lena stór focal agus lena n-eolas ar ghramadach na teanga. Déantar plé ar thopaicí níos casta ná na cinn a bhíonn i gceist i Meánrang 1 agus bíonn níos mó béime ar an léitheoireacht ná mar a bhíonn sa leibhéal níos ísle sin.

Ardrang 1 (C1) Dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha (cúrsaí reatha agus cúrsaí teicneolaíochta, cuir i gcás). Bíonn seans ag na rannpháirtithe saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge, leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach agus roinnt mhaith léitheoireachta agus éisteachta a dhéanamh.

Leibhéil Am Dáta tosaigh

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus cuig duine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.