Cúrsa Ullmhúcháin do Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG)

Cúrsa Ullmhúcháin do Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG)
€745.00
Is féidir éarlais €100.00 a íoc chun áit ar an gcúrsa a chur in áirithe
Ó 10 Meán Fómhair 2024
Cúrsa 3 mhí
30 Uair
4 Leibhéal
Ar líne

Cur síos

Is cúrsa ullmhúcháin páirtaimseartha é an cúrsa seo atá dírithe ar dhaoine a bhfuil suim acu tabhairt faoi scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge. Cuideoidh an cúrsa seo le foghlaimeoirí a gcumas sa Ghaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú, agus ullmhóidh sé foghlaimeoirí i dtreo scrúduithe TEG. Tá an cúrsa seo fóirsteanach do dhuine ar bith atá ag ullmhú do scrúduithe TEG ar chúiseanna gairmiúla chomh maith leo siúd ar spéis leo tabhairt faoi scrúduithe TEG ar mhaithe leis an gcáilíocht féin.

Aidhm an chúrsa

Tá sé d’aidhm ag an gcúrsa seo muinín, cumas agus scileanna teanga na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt. Cuideoidh an cúrsa le foghlaimeoirí an Ghaeilge a úsáid go sóisialta chomh maith le hiad a ullmhú sa dóigh go n-éireoidh leo i scrúduithe TEG. Is féidir le foghlaimeoirí a thugann faoi scrúduithe TEG scrúdú cainte amháin a dhéanamh (Páirtchreidiúint) nó is féidir leo scrúdú iomlán a dhéanamh (Lánchreidiúint: cluastuiscint, léamhthuiscint, scríbhneoireacht agus scrúdú cainte). Díreoidh an cúrsa seo go príomha ar fhoghlaimeoirí a ullmhú don scrúdú cainte ach forbrófar na scileanna teanga ar fad a bheidh de dhíth chun tabhairt faoin scrúdú iomlán mar sin féin.

Leibhéil

Tá an cúrsa seo ar fáil ag 2 leibhéal éagsúla den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, is iad sin Meánleibhéal 1 (B1) agus Meánleibhéal 2 (B2).

Tá acmhainní éagsúla ar fáil chun cuidiú leat do leibhéal Gaeilge a mheas. Moltar go láidir duit tabhairt faoi Thriail ar Líne TEG sula gcláraíonn tú ar an gcúrsa seo.

Struchtúr an chúrsa

Is í an fhoghlaim chumaisc atá i gceist leis an gcúrsa seo:

  • Ranganna beo ar líne
  • Staidéar neamhspleách ar shuíomh ríomhfhoghlama
Freastalaíonn foghlaimeoirí an chúrsa ar sheisiún beo ar líne oíche sa tseachtain a mhaireann 3 huaire an chloig. Chomh maith le 30 uair teagaisc, cruthaítear cuntas do gach foghlaimeoir ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com. Bíonn deis ag foghlaimeoirí ceachtanna idirghníomhacha breise a dhéanamh ar an suíomh sin agus aiseolas a fháil láithreach. Bítear ag súil go mbainfidh foghlaimeoirí úsáid as an áis seo chun an fhoghlaim a neartú agus a shaibhriú agus foghlaimeoirí ag dul siar ar ábhar na ranganna atá déanta acu agus ag ullmhú do na cinn atá fós le teacht.

Tascanna

Déanann na foghlaimeoirí tascanna ar bhonn rialta i rith an chúrsa seo agus faigheann siad aiseolas pearsanta ar gach píosa oibre a chuirtear isteach. Bíonn 9 bpíosa oibre i gceist (3 Léamhthuiscint; 3 Chluastuiscint; 3 Mhír Scríbhneoireachta) agus tá siad bunaithe ar na míreanna éagsúla a bhaineann le scrúduithe TEG. Cuidíonn an t-aiseolas seo go mór le foghlaimeoirí a ullmhú don scrúdú.

Ábhar

Clúdóidh an cúrsa seo na hábhair agus na topaicí ábhartha bunaithe ar shiollabais TEG chun foghlaimeoirí a ullmhú do na scrúduithe.

Cur chuige múinteoireachta

Baineann múinteoirí an Chúrsa Ullmhúcháin do Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) úsáid as cur chuige múinteoireachta cumarsáideach foghlaimeoirlárnach sa seomra ranga ar líne. Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa, gníomhaíochtaí rólghlactha agus cluichí teanga i gceist go leanúnach. Tugann an cur chuige seo deis do na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid atá díreach múinte dóibh.

Cuir an cúrsa in áirithe

Cúrsa 3 mhí
|
30 Uair
|
4 Leibhéal
|
€745.00

Meánleibhéal 1 (B1) Tá an leibhéal seo dírithe ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, b’fhéidir roinnt mhaith blianta ó shin, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu ar í a úsáid le blianta beaga anuas. Múintear nithe bunúsacha ag tús an chúrsa ach leanann an rang ar aghaidh níos tapa ansin ná mar a dhéanfadh rang ag leibhéal níos ísle. Bíonn an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach bíonn deiseanna ag na foghlaimeoirí an teanga a scríobh agus a léamh ó am go chéile freisin. Múintear an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bhíonn sí ag teastáil.

Meánleibhéal 2 (B2) Feiliúnach do dhaoine atá breá ábalta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge agus a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta, mar shampla. Bíonn seans ag na rannpháirithe cur lena stór focal agus lena n-eolas ar ghramadach na teanga. Déantar plé ar thopaicí níos casta ná na cinn a bhíonn i gceist i Meánrang 1 agus bíonn níos mó béime ar an léitheoireacht ná mar a bhíonn sa leibhéal níos ísle sin.

Leibhéil Am Dáta tosaigh

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ríomhaire glúine nó deisce de dhíth ort, ceangal réasúnta leathanbhanda agus gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir).
Cuirfear cuireadh chuig gach rang chugat ar an ríomhphost timpeall 20 nóiméad roimh thús an ranga sin. Tiocfaidh an teachtaireacht seo ó Zoom – sin an t-ardán físchomhdhála a bheidh in úsáid leis na ranganna a sholáthar.
Beidh, cinnte. Tabharfar deis do gach foghlaimeoir tástáil theicniúil a dhéanamh sula dtosóidh an cúrsa agus déanfar aon fhadhbanna teicniúla a bheidh aige/aici a réiteach le linn na tástála sin. Ní gá duitse é seo a shocrú – beimidne i dteagmháil leat maidir leis an tástáil tar éis duit clárú don chúrsa.
Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht nduine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.