
Gréasán na Gaeilge

Cur síos
An bhfuil tú fiosrach faoi do chearta teanga? An bhfuil tú ag streachailt ó thaobh do dhualgais teanga a thuiscint agus a chomhlíonadh ag an obair? Nó an bhfuil tú sa tóir ar níos mó acmhainní agus tacaíocht leis an nGaeilge? Fáilte go gréasán nua Ghaelchultúir Greasán na Gaeilge, tionscnamh atá dírithe ar dhuine ar bith ar spéis leis an Ghaeilge nó a bhfuil baint acu léi, foghlaimeoirí, cainteoirí líofa agus fostaithe de chuid na hearnála poiblí ina measc.
Reáchtálfar sraith seimineár do bhaill an ghréasáin chun iad a chur ar an eolas faoi imeachtaí, áiseanna agus athruithe ábhartha atá ag teacht chun cinn i saol na Gaeilge.
Glac ballraíocht saor in aisce le Gréasán na Gaeilge agus deimhnigh d’áit ar an chéad seimineár eile trí spéis a léiriú sa chnaipe ar dheis.
Bí línn
Faigh amach faoi na deiseanna gairme spreagúla atá ann do chainteoirí Gaeilge san earnáil phoiblí inár seimineár gréasáin Deiseanna Fostaíochta san Earnáil Phoiblí do Phobal na Gaeilge! Bí linn don seisiún spéisiúil agus faisnéiseach seo a bheidh á reáchtáil ag Gaelchultúr, agus ina mbeidh léargas ar fáil ó shaineolaithe ó Aonad na dTeangacha Oifigiúla san Earnáil Phoiblí agus ó publicjobs.ie. Faigh amach faoi fholúntais phoist reatha, faisnéis faoi thuarastail agus leideanna praiticiúla chun tú a threorú tríd an bpróiseas iarratais.
Dátaí: Fógrófar dáta maidir leis an chéad seisiún eile go luath.
Am: 1-2pm
Ná caill an deis seo chun an chéad chéim eile a ghlacadh i do ghairm bheatha! Is féidir leat clárú don seimineár luachmhar seo thíos.
Ar eagla gur chaill tú é...
Ba é Páidí Ó Lionáird, Bainisteoir Cumarsáide ag Oifig an Choimisinéara Teanga a chuir an chéad seimineár i láthair. Tá athruithe móra tagtha ar ról na Gaeilge sa saol laethúil ó foilsíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. Sa seimineár seo pléadh na príomhathruithe seo agus roinneadh eolas úsáideach maidir leis na bealaí ar féidir forálacha na hAchta a chur i bhfeidhm. Pléadh an borradh atá tagtha ar dheiseanna fostaíochta do dhaoine gairmiúla a bhfuil Gaeilge acu freisin.
Foireann an Tionscadail Foclóireachta, Foras na Gaeilge, a thug an dara seimineár de chuid na sraithe. Fuarthas léiriú ar an mborradh atá tagtha ar ghort na foclóireachta sa Ghaeilge, agus na huirlisí iontacha teanga atá ar fáil san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge, foclóir.ie. Pléadh na hearnálacha éagsúla a bhaineann leas as an áis fhairsing chuimsitheach seo gach lá.
Lean an nasc seo chun teacht ar sheimineáir eile na sraithe go dtí seo.
Ár gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
- Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
- Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Cúrsaí Gaeilge ar an Láthair
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
